5.3.2008 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/6 |
RIALACHÁN (CE) UIMH. 177/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Feabhra 2008
lena mbunaítear creat coiteann do chláir ghnó chun críocha staidrimh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2186/93 ón gComhairle
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 285(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (1),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Bhunaigh Rialachán (CEE) Uimh. 2186/93 ón gComhairle (2) creat coiteann le cláir ghnó chun críocha staidrimh a bhunú ina mbeadh sainmhínithe, saintréithe, scóip agus nósanna imeachta comhchuibhithe um thabhairt cothrom le dáta. D'fhonn forbairt na gclár gnó a choimeád faoi chreat comhchuibhithe, ba cheart rialachán nua a ghlacadh. |
(2) |
Na sainmhínithe ar an aonad staidrimh a úsáidfear, tá siad i Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 ón gComhairle an 15 Márta 1993 maidir leis na haonaid staidrimh chun faireachán agus anailís a dhéanamh ar an gcóras táirgthe sa Chomhphobal (3). Éilíonn an margadh inmheánach inchomparáideacht staidrimh fheabhsaithe chun ceanglais an Chomhphobail a chomhlíonadh. D'fhonn an feabhas sin a bhaint amach, ba cheart sainmhínithe coiteanna agus tuairiscí coiteanna a ghlacadh chun go gcumhdófaí fiontair agus aonaid ábhartha eile staidrimh. |
(3) |
Rinne Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 58/97 ón gComhairle an 20 Nollaig 1996 maidir le staidreamh struchtúrach gnó (4), agus Rialachán (CE) Uimh. 1165/98 ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le staidreamh gearrthréimhseach (5) creat coiteann a bhunú chun staidreamh Comhphobail maidir le struchtúr, le gníomhaíocht, le hiomaíochas agus le feidhmíocht gnónna sa Chomhphobal a bhailiú, a thiomsú, a tharchur agus a mheas. Is gné bhunúsach de chreat coiteann den sórt sin cláir ghnó chun críocha staidrimh, rud a chiallaíonn gur féidir suirbhéanna staidrimh a eagrú agus a chomhordú trí chreat samplála comhchuibhithe a chur ar fáil. |
(4) |
Is modh amháin iad na cláir ghnó chun na ceanglais maidir le tuilleadh faisnéise a bhailiú faoi fhiontair ar láimh amháin, agus chun an t-ualach riaracháin a bhíonn orthu a laghdú ar an láimh eile, ceanglais atá ag teacht salach ar a chéile, a réiteach, go háirithe trí fhaisnéis atá i gcomhaid riaracháin agus i gcomhaid dlí cheana féin a úsáid, i gcás micreafhiontar, fiontar beag agus fiontar meánmhéide, go háirithe, mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (6) iad. |
(5) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle an 17 Feabhra 1997 maidir le Staidreamh Comhphobail (7), leagadh amach an creat chun clár staidrimh Comhphobail a bhunú, agus bunaíodh creat coiteann maidir le rúndacht staidrimh. |
(6) |
Ní dhéanann na rialacha sonracha a bhaineann le sonraí a phróiseáil laistigh de chreat chlár staidrimh an Chomhphobail difear do Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (8). |
(7) |
Is iad na cláir ghnó chun críocha staidrimh príomhfhoinse na déimeagrafaíochta gnó, ó tharla go rianaíonn siad bunú agus dúnadh gnónna chomh maith leis na hathruithe struchtúracha a thagann ar an ngeilleagar trí chomhchruinniú nó trí dhíchruinniú, a tharlaíonn de thoradh oibríochtaí amhail cumaisc, táthcheangail, scoilteanna, dícheangail agus athstruchtúrú. |
(8) |
Cuireann cláir ghnó an fhaisnéis bhunúsach ar fáil a theastaíonn chun freastal ar an mórspéis atá i bhforbairt na tuaithe ó thaobh beartais de, ní amháin ó thaobh na talmhaíochta de ach freisin ó thaobh an naisc mhéadaithigh idir an talmhaíocht agus gníomhaíochtaí eile nach bhfuil cumhdaithe ag staidreamh talmhaíochta táirge-bhunaithe. |
(9) |
Tá ról tábhachtach ag fiontair phoiblí i ngeilleagair náisiúnta na mBallstát. Cumhdaítear earnálacha áirithe fiontar poiblí le Treoir 80/723/CEE an 25 Meitheamh 1980 ón gCoimisiún maidir le trédhearcacht caidrimh airgeadais idir na Ballstáit agus fiontair phoiblí (9). Ba cheart, dá bhrí sin, fiontair phoiblí agus corparáidí poiblí a shainaithint i gcláir ghnó agus is féidir é sin a dhéanamh tríd an aicmiú ar an earnáil institiúideach. |
(10) |
Teastaíonn faisnéis faoi na naisc rialaithe idir aonaid dhlíthiúla chun grúpaí fiontar a shainmhíniú, chun na fiontair a shonrú mar is ceart, chun próifíliú a dhéanamh ar aonaid mhóra chasta agus chun staidéar a dhéanamh ar an leibhéal comhchruinnithe ar mhargaí ar leith. Feabhsaíonn faisnéis faoi ghrúpa fiontar cáilíocht na gclár gnó agus is féidir í a úsáid leis an mbaol go nochtfaí sonraí rúnda a laghdú. Tá sonraí áirithe airgeadais ann ar mó brí is féidir a bhaint astu ag leibhéal an ghrúpa nó ar leibhéal an fhoghrúpa ná mar is féidir ar leibhéal an fhiontair aonair; go deimhin, d'fhéadfadh sé nach mbeadh fáil orthu ach ar leibhéal an ghrúpa nó ar leibhéal an fhoghrúpa. Is féidir suirbhé a dhéanamh ar an ngrúpa seachas ar fhiontair an ghrúpa, nuair a bhíonn gá leis, ach taifead a dhéanamh ar shonraí grúpa fiontar, agus d'fhéadfadh sé sin an t-ualach freagartha a laghdú go mór. Chun grúpaí fiontar a chlárú, ba cheart tuilleadh comhchuibhithe a dhéanamh ar chláir ghnó. |
(11) |
Is dúshlán don táirgeadh ilstaidrimh reatha é domhandú méadaitheach an gheilleagair. Trí shonraí ó ghrúpaí ilnáisiúnta fiontar a thaifeadadh, déantar uirlis bhunúsach de chláir ghnó chun feabhas a chur ar an iliomad staidrimh a bhaineann le domhandú: trádáil idirnáisiúnta earraí agus seirbhísí, comhardú íocaíochtaí, infheistíocht dhíreach ón gcoigríoch, fiontair chleamhnaithe choigríche, taighde, forbairt agus nuálaíocht, agus an margadh saothair idirnáisiúnta. Cumhdaíonn formhór an staidrimh sin an geilleagar ina iomláine, rud a éilíonn go gcumhdódh cláir ghnó earnálacha uile an gheilleagair. |
(12) |
De bhun Airteagal 3(2) de Rialachán Uimh. 1588/90 ón gComhairle (Euratom, CEE) an 11 Meitheamh 1990 maidir le sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh a tharchur chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach (10), ní fhéadfar rialacha náisiúnta maidir le rúndacht staidrimh a agairt chun cosc a chur ar tharchur sonraí staidrimh rúnda chuig an údarás Comhphobail (Eurostat) i gcás ina bhforálfar le gníomh de dhlí an Chomhphobail go dtarchuirfí na sonraí sin. |
(13) |
Chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a ráthú, d'fhéadfadh sé go mbeadh rochtain ag teastáil ó institiúidí na mBallstát atá freagrach as sonraí a bhailiú ar fhoinsí sonraí riaracháin amhail cláir atá á gcoinneáil ag na húdaráis chánach agus ag na húdaráis slándála sóisialta, ag na bainc cheannais, ag institiúidí poiblí eile, agus bunachair shonraí eile ina bhfuil faisnéis faoi idirbhearta trasteorann agus faoi shuímh thrasteorann, in aon chás ina mbeidh gá leis na sonraí sin chun staidreamh Comhphobail a chur ar fáil. |
(14) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach ón gcoigríoch (11) bunaíodh creat coiteann chun staidreamh ábhartha Comhphobail a thiomsú, a tharchur agus a mheas. |
(15) |
Na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (12). |
(16) |
Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún an cumhdach ar na fiontair is lú agus ar ghrúpaí uilechónaitheacha fiontar a chinneadh, an liosta de na saintréithe cláir atá san Iarscríbhinn, a sainmhínithe agus a rialacha leanúnachais a thabhairt cothrom le dáta, caighdeáin choiteanna cáilíochta chomh maith le hábhar agus tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta a bhunú, agus na rialacha chun cláir a thabhairt cothrom le dáta a ghlacadh. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. |
(17) |
Ba cheart Rialachán (CEE) Uimh. 2186/93 a aisghairm dá bhrí sin. |
(18) |
Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gClár Staidrimh a bunaíodh le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle (13), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An cuspóir
Bunaítear leis an Rialachán seo creat coiteann do chláir ghnó chun críocha staidrimh sa Chomhphobal.
Bunóidh na Ballstáit clár comhchuibhithe amháin nó níos mó ná clár comhchuibhithe amháin chun críocha staidrimh, mar uirlis le suirbhéanna a ullmhú agus a chomhordú, mar fhoinse faisnéise chun anailís staidrimh a dhéanamh ar an bpobal gnó agus ar a dhéimeagrafaíocht, chun sonraí riaracháin a úsáid agus chun aonaid staidrimh a shainaithint agus a thógáil.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
is mar a shainmhínítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 iad a shainmhíneofar ‘aonad dlíthiúil’, ‘fiontar’, ‘aonad áitiúil’ agus ‘grúpa fiontar’; |
(b) |
is mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97 iad a shainmhíneofar ‘na húdaráis náisiúnta’; |
(c) |
is é an cur síos a bheidh ar ‘chuspóirí staidrimh’ an cur síos atá orthu in Airteagal 2(4) de Rialachán (CEE) Uimh. 1588/90; |
(d) |
ciallóidh ‘grúpa ilnáisiúnta fiontar’ grúpa fiontar a bhfuil dhá fhiontar nó dhá aonad dhlíthiúla, ar a laghad, aige atá lonnaithe i dtíortha éagsúla; |
(e) |
ciallóidh ‘grúpa teasctha fiontar’ na fiontair agus na haonaid dhlíthiúla de chuid grúpa ilnáisiúnta fiontar, atá lonnaithe sa tír chéanna. D'fhéadfadh sé nach mbeadh ann ach aonad amháin, i gcás inar aonaid neamhchónaitheacha atá sna haonaid eile. D'fhéadfadh sé gur grúpa teasctha fiontar nó cuid de ghrúpa teasctha fiontar a bheadh i bhfiontar. |
Airteagal 3
Raon feidhme
1. I gcomhréir leis na sainmhínithe a thugtar in Airteagal 2 agus faoi réir na dteorainneacha a shonraítear san Airteagal sin, is díobh seo a leanas a bheidh na cláir tiomsaithe:
(a) |
gach fiontar a bhfuil gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar bun aige atá ag rannchuidiú leis an olltáirgeacht intíre (OTI), agus a aonaid áitiúla; |
(b) |
na haonaid dhlíthiúla a bhfuil na fiontair sin comhdhéanta díobh; |
(c) |
grúpaí teasctha fiontar agus grúpaí ilnáisiúnta fiontar; agus |
(d) |
grúpaí uilechónaitheacha fiontar. |
2. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas atá i mír 1, áfach, maidir le teaghlaigh a mhéid gur dá dtomhaltas féin na hearraí agus na seirbhísí a sholáthraíonn siad, nó a mhéid a bhainfidh siad lena maoin féin a ligean.
3. Chun críocha clár gnó, measfar gur fiontair aonaid áitiúla nach eintitis dhlíthiúla (craobhacha) ar leithligh iad, atá ag brath ar fhiontair ón gcoigríoch, agus atá aicmithe mar shamhailchorparáidí i gcomhréir le Córas Eorpach na gCuntas 1995 a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2223/96 ón gComhairle an 25 Meitheamh 1996 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas réigiúnach agus náisiúnta sa Chomhphobal (14) agus maidir le Córas Cuntas Náisiúnta na Náisiún Aontaithe 1993.
4. Is féidir grúpaí fiontar a shainaithint trí na naisc rialaithe idir a n-aonaid dhlíthiúla. D'fhonn grúpaí fiontar a shonrú, úsáidfear an sainmhíniú ar rialú a leagtar amach i bpointe 2.26 d'Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2223/96.
5. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach maidir le haonaid a chleachtann gníomhaíocht eacnamaíoch, go hiomlán nó go páirteach. Measfar gur gníomhaíocht eacnamaíoch aon ghníomhaíocht ar tairiscint earraí agus seirbhísí ar mhargadh áirithe í. Fairis sin, chun críocha clár gnó, measfar gur gníomhaíochtaí eacnamaíocha seirbhísí neamhmhargaidh a rannchuidíonn leis an OTI, mar aon le sealúchais indíreacha aonad dlíthiúil gníomhach. Ní cuid d'fhiontair iad aonaid dhlíthiúla atá neamhghníomhach go heacnamaíoch ach má tá siad nasctha le haonaid dhlíthiúla atá gníomhach go heacnamaíoch.
6. Na bearta a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, ar bearta iad a bhaineann leis an méid atá fiontair a bhfuil níos lú ná leathdhuine fostaithe acu agus grúpaí uilechónaitheacha fiontar nach bhfuil aon tábhacht staidrimh leo do Bhallstáit le háireamh sna cláir, agus an sainmhíniú a dhéanfar ar na haonaid a bheadh comhsheasmhach leis na haonaid don staidreamh talmhaíochta, cinnfear iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 16(3).
Airteagal 4
Foinsí sonraí
1. Agus na coinníollacha maidir le cáilíocht dá dtagraítear in Airteagal 6 á gcomhlíonadh acu, féadfaidh na Ballstáit an fhaisnéis a éilítear faoin Rialachán seo a bhailiú ag úsáid aon fhoinsí a mheasann siad a bheith ábhartha. Beidh sé d'údarás ag na húdaráis náisiúnta, laistigh dá raon inniúlachta, faisnéis a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus atá i gcomhaid riaracháin agus dhlíthiúla a bhailiú chun críocha staidrimh.
2. I gcás nach bhféadfar na sonraí is gá a bhailiú ar chostas réasúnta, féadfaidh na húdaráis náisiúnta nósanna imeachta meastacháin staidrimh a úsáid, agus an gá atá le cruinneas agus le cáilíocht á urramú acu.
Airteagal 5
Saintréithe na gclár
1. Sainaithneofar na haonaid a liostaítear sna cláir ón uimhir aitheantais agus ó na sonraí tuairisciúla a shonraítear san Iarscríbhinn.
2. Na bearta a bhaineann leis an liosta saintréithe a thabhairt cothrom le dáta agus le sainmhíniú a dhéanamh ar na saintréithe agus ar na rialacha leanúnachais, ar bearta iad a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 16(3).
Airteagal 6
Caighdeáin cáilíochta agus tuarascálacha cáilíochta
1. Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá le cáilíocht na gclár gnó a áirithiú.
2. Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil ar cháilíocht na gclár gnó (dá ngairfear ‘tuarascálacha cáilíochta’ anseo feasta) ar fáil don Choimisiún (Eurostat), arna iarraidh sin dó.
3. Na bearta a bhaineann le caighdeáin choiteanna cáilíochta chomh maith le hábhar agus tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta, ar bearta iad a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 16(3), agus costas na sonraí a thiomsú á chur san áireamh.
4. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas faoi athruithe móra modheolaíochta nó faoi athruithe eile a mbeadh tionchar acu ar cháilíocht na gclár gnó a luaithe a gheofar amach fúthu agus tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis d'athrú dá leithéid teacht i bhfeidhm.
5. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ag díriú go háirithe ar chostas an chórais staidrimh, ar an ualach ar ghnó agus ar na sochair.
Airteagal 7
Lámhleabhar moltaí
Foilseoidh an Coimisiún lámhleabhar moltaí maidir le cláir ghnó. Déanfar an lámhleabhar a thabhairt cothrom le dáta i ndlúthchomhar leis na Ballstáit.
Airteagal 8
Tagairt ama agus tréimhsiúlacht
1. Déanfar iontrálacha ar an gclár agus nithe a bhaintear amach as na cláir a thabhairt cothrom le dáta uair sa bhliain ar a laghad.
2. Braithfidh a mhinice a dhéanfar an tabhairt cothrom le dáta ar an gcineál aonaid a bheidh i gceist, ar an athróg a chuirtear sa mheá, ar mhéid an aonaid agus ar an ngnáthfhoinse a úsáidtear don tabhairt cothrom le dáta.
3. Na bearta a bhaineann leis na rialacha um thabhairt cothrom le dáta, ar bearta iad a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 16(3).
4. Gach bliain, déanfaidh na Ballstáit cóip a léireoidh staid na gclár ag deireadh na bliana agus coinneoidh siad an chóip sin ar feadh 30 bliain ar a laghad chun críche anailíse.
Airteagal 9
Tuarascálacha a tharchur
1. Déanfaidh na Ballstáit anailísí staidrimh ar na cláir agus tarchuirfidh siad an fhaisnéis chuig an gCoimisiún (Eurostat), de réir formáide agus nós imeachta a shaineoidh an Coimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).
2. Tarchuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún (Eurostat), arna iarraidh sin dó, aon fhaisnéis ábhartha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo sna Ballstáit.
Airteagal 10
Malartú sonraí rúnda idir Bhallstáit
Féadfar sonraí rúnda a mhalartú, chun críocha staidrimh amháin, idir údaráis iomchuí náisiúnta de chuid Ballstát éagsúil, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta, i gcás ina ndéanfar an malartú chun cáilíocht na faisnéise maidir le grúpaí ilnáisiúnta fiontar san Aontas Eorpach a áirithiú. Féadfaidh na bainc cheannais náisiúnta a bheith ina bpáirtithe sa mhalartú i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta.
Airteagal 11
Malartú sonraí rúnda idir an Coimisiún (Eurostat) agus na Ballstáit
1. Tarchuirfidh na húdaráis náisiúnta sonraí maidir le grúpaí ilnáisiúnta fiontar agus na haonaid as a gcomhdhéantar iad, mar a shainmhínítear san Iarscríbhinn iad, chuig an gCoimisiún (Eurostat), chun críocha staidrimh amháin, d'fhonn faisnéis faoi ghrúpaí ilnáisiúnta san Aontas Eorpach a chur ar fáil.
2. D'fhonn taifeadadh comhsheasmhach ar shonraí a áirithiú, tarchuirfidh an Coimisiún (Eurostat), chun críocha staidrimh amháin, sonraí maidir le grúpa ilnáisiúnta fiontar, lena n-áirítear na haonaid as a gcomhdhéantar é, chuig údaráis iomchuí náisiúnta gach Ballstáit, i gcás ina mbeidh aonad dlíthiúil amháin ar a laghad den ghrúpa sin lonnaithe i gcríoch an Bhallstáit sin.
3. D'fhonn a áirithiú gur chun críocha staidrimh amháin a úsáidfear na sonraí a tharchuirfear faoin Airteagal seo, glacfar bearta formáidithe, bearta slándála agus bearta rúndachta, agus an nós imeachta do tharchur sonraí maidir le haonaid ar leithligh chuig an gCoimisiún (Eurostat), agus do tharchur sonraí maidir leis na grúpaí ilnáisiúnta fiontar chuig na húdaráis náisiúnta iomchuí, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).
Airteagal 12
Malartú sonraí rúnda idir an Coimisiún (Eurostat) agus na bainc cheannais
1. Chun críocha an Rialacháin seo, féadfar sonraí rúnda a mhalartú, chun críocha staidrimh amháin, idir an Coimisiún (Eurostat) agus na bainc cheannais náisiúnta, agus idir an Coimisiún (Eurostat) agus an Banc Ceannais Eorpach, i gcás ina ndéanfar an malartú chun cáilíocht na faisnéise maidir le grúpaí ilnáisiúnta fiontar san Aontas Eorpach a áirithiú, agus i gcás ina n-údaróidh an t-údarás náisiúnta iomchuí an malartú go sainráite.
2. D'fhonn a áirithiú gur chun críocha staidrimh amháin a úsáidfear na sonraí a tharchuirfear faoin Airteagal seo, glacfar bearta formáidithe, bearta slándála agus bearta rúndachta, agus an nós imeachta do tharchur sonraí maidir le grúpaí ilnáisiúnta fiontar chuig na bainc cheannais náisiúnta agus chuig an mBanc Ceannais Eorpach, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).
Airteagal 13
Rúndacht agus rochtain ar shonraí inaitheanta
1. Nuair a gheobhaidh an Coimisiún (Eurostat), na húdaráis náisiúnta, na bainc cheannais náisiúnta agus an Banc Ceannais Eorpach sonraí rúnda de bhun Airteagail 10, 11 agus 12, déileálfaidh siad leis an bhfaisnéis sin faoi rún i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 322/97.
2. Chun críocha an Rialacháin seo, agus d'ainneoin Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97, féadfar aon tarchur sonraí rúnda a dhéanamh idir na húdaráis náisiúnta agus an Coimisiún (Eurostat) a mhéid is gá an tarchur sin chun staidreamh sonrach Comhphobail a tháirgeadh. Ní mór aon tarchur de bhreis air sin a bheith údaraithe go sainráite ag an údarás náisiúnta a bhailigh na sonraí.
Airteagal 14
Idirthréimhse agus maoluithe
Nuair is gá ollchóiriú suntasach a dhéanamh ar chláir ghnó, féadfaidh an Coimisiún, ar iarratas ó Bhallstát, maolú a dheonú ar feadh idirthréimhse nach faide ná 25 Márta 2010.
Féadfaidh an Coimisiún, ar iarratas ó Bhallstát, maolú a dheonú ar feadh idirthréimhse nach faide ná 25 Márta 2013 don talmhaíocht, don fhoraoiseacht agus don iascaireacht, don riarachán poiblí agus don chosaint, agus don tslándáil shóisialta éigeantach, agus do na saintréithe breise a bhaineann le grúpaí fiontar.
Airteagal 15
Bearta cur chun feidhme
1. Na bearta seo a leanas, a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 16(3):
(a) |
cumhdach na bhfiontar is lú agus na ngrúpaí uilechónaitheacha fiontar, mar a fhoráiltear in Airteagal 3(6); |
(b) |
an liosta de shaintréithe cláir atá san Iarscríbhinn a thabhairt cothrom le dáta, chomh maith lena sainmhínithe agus na rialacha leanúnachais a ghabhann leo, mar a fhoráiltear in Airteagal 5, agus an prionsabal nach foláir gur mó na buntáistí a bhainfidh le tabhairt cothrom le dáta ná a chostas agus an prionsabal nach rachaidh na hacmhainní breise a bheidh i gceist do na Ballstáit ná do na fiontair thar mar atá réasúnta, á gcur san áireamh; |
(c) |
caighdeáin choiteanna cáilíochta, mar aon le hinneachar agus tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta dá bhforáiltear in Airteagal 6(3) a bhunú; agus |
(d) |
na rialacha chun cláir a thabhairt cothrom le dáta, mar a fhoráiltear in Airteagal 8(3). |
2. Glacfar na bearta a bhaineann leis na nithe seo a leanas i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2):
(a) |
tarchur faisnéise a eascraíonn as anailísí staidrimh a dhéanfar ar chláir, mar a fhoráiltear in Airteagal 9; |
(b) |
tarchur sonraí maidir le haonaid ar leithligh do ghrúpaí ilnáisiúnta fiontar idir an Coimisiún (Eurostat) agus na Ballstáit, mar a fhoráiltear in Airteagal 11; agus |
(c) |
tarchur sonraí maidir le grúpaí ilnáisiúnta fiontar idir an Coimisiún (Eurostat) agus na bainc cheannais, mar a fhoráiltear in Airteagal 12. |
Airteagal 16
An Coiste
1. Tabharfaidh an Coiste um an gClár Staidreamh cúnamh don Choimisiún.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.
Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.
3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.
Airteagal 17
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2186/93.
Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.
Airteagal 18
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 20 Feabhra 2008
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
H.-G. PÖTTERING
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. Lenarčič
(1) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Meitheamh 2006 (IO C 298 E, 8.12.2006, lch. 127), Comhsheasamh ón gComhairle an 21 Bealtaine 2007 (IO C 193 E, 21.8.2007, lch. 1) agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Deireadh Fómhair 2007 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 21 Eanáir 2008.
(2) IO L 196, 5.8.1993, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).
(3) IO L 76, 30.3.1993, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003.
(4) IO L 14, 17.1.1997, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).
(5) IO L 162, 5.6.1998, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
(6) IO L 124, 20.5.2003, lch. 36.
(7) IO L 52, 22.2.1997, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003.
(8) IO L 281, 23.11.1995, lch. 31. Treoir arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003.
(9) IO L 195, 29.7.1980, lch. 35. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2005/81/CE (IO L 312, 29.11.2005, lch. 47).
(10) IO L 151, 15.6.1990, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003.
(11) IO L 35, 8.2.2005, lch. 23. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 602/2006 ón gCoimisiún (IO L 106, 19.4.2006, lch. 10).
(12) IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).
(13) IO L 181, 28.6.1989, lch. 47.
(14) IO L 310, 30.11.1996, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1392/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 324, 10.12.2007, lch 1).
IARSCRÍBHINN
Beidh an fhaisnéis seo a leanas sna cláir ghnó de réir an aonaid. Ní gá an fhaisnéis a stóráil ar dhóigh leithleach do gach aonad, más féidir í a fháil ó aonad nó ó aonaid eile.
Tá na hítimí gan mharcáil éigeantach, tá na hítimí a luaitear ‘coinníollach’ leo éigeantach má tá fáil orthu sa Bhallstát, agus moltar na hítimí a luaitear ‘roghnach’ leo a chomhlíonadh.
|
|||||
SAINTRÉITHE AITHEANTAIS |
1.1 |
|
Uimhir aitheantais |
||
|
1.2a |
|
Ainm |
||
|
1.2b |
|
Seoladh iomlán a mhionsonraithe agus is féidir (lena n-áirítear an postchód) |
||
|
1.2c |
Roghnach |
Uimhreacha teileafóin agus facs, seoladh ríomhphoist, agus faisnéis le go bhféadfar sonraí a bhailiú go leictreonach |
||
|
1.3 |
|
Uimhir chláraithe do Cháin Bhreisluacha (CBL) nó, dá huireasa sin, uimhir aitheantais riaracháin eile |
||
SAINTRÉITHE DÉIMEAGRAFACHA |
1.4 |
|
Dáta corpraithe do phearsana dlítheanacha nó dáta an aitheantais oifigiúil mar oibreoir eacnamaíoch do phearsana nádúrtha |
||
|
1.5 |
|
Dáta ar scoir an t-aonad dlíthiúil de bheith mar chuid d'fhiontar (mar a shainaithnítear i 3.3) |
||
SAINTRÉITHE EACNAMAÍOCHA/SRATHAITHE |
1.6 |
|
Foirm dhlíthiúil |
||
NAISC LE CLÁIR EILE |
|
|
Tagairt do chláir ghaolmhara, ina bhfuil an t-aonad dlíthiúil cláraithe agus ina bhfuil faisnéis á fhéadfar a úsáid chun críocha staidrimh |
||
|
1.7a |
|
Tagairt do chlár na n-oibreoirí laistigh den Chomhphobal a bunaíodh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 (1), agus Tagairt do chomhaid chustaim nó do chlár na n-oibreoirí lasmuigh den Chomhphobal |
||
|
1.7b |
Roghnach |
Tagairt do shonraí clár comhardaithe (d'aonaid a bhfuil ceanglas orthu cuntais a fhoilsiú), agus Tagairt do chlár chomhardú na n-íocaíochtaí nó don chlár infheistíochta dírí coigríche, agus Tagairt do chlár na bhfeirmeacha |
Saintréithe breise d'aonaid dhlíthiúla ar cuid iad d'fhiontair a bhaineann le grúpa fiontar:
NASC LEIS AN nGRÚPA FIONTAR |
1.8 |
|
Uimhir aitheantais an ghrúpa uilechónaithigh/theasctha fiontar (4.1), lena mbaineann an t-aonad |
||||||
|
1.9 |
|
An dáta ar comhlachaíodh leis an ngrúpa uilechónaitheach/teasctha é |
||||||
|
1.10 |
|
An dáta ar scoir sé ón ngrúpa uilechónaitheach/teasctha |
||||||
RIALÚ NA nAONAD |
|
|
Is féidir na naisc rialaithe do ghrúpaí cónaitheacha a thaifeadadh ó bharr anuas (1.11a) nó ó bhun aníos (1.11b). Ní thaifeadtar ach an chéad leibhéal rialaithe, díreach nó indíreach, do gach aonad (is féidir an slabhra rialaithe iomlán a aimsiú ach iad sin a chur le chéile). |
||||||
|
1.11a |
|
Uimhir nó uimhreacha aitheantais aonaid dhlíthiúil chónaithigh nó aonad dlíthiúil cónaitheach, atá á rialú ag an aonad dlíthiúil |
||||||
|
1.11b |
|
Uimhir aitheantais an aonaid dhlíthiúil chónaithigh a bhfuil an t-aonad dlíthiúil á rialú aige |
||||||
|
1.12a |
|
An tír nó na tíortha inar cláraíodh an t-aonad dlíthiúil neamhchónaitheach nó na haonaid dhlíthiúla neamhchónaitheacha atá á rialú ag an aonad dlíthiúil, agus uimhir nó uimhreacha aitheantais nó ainm nó ainmneacha agus seoladh nó seoltaí an aonaid dhlíthiúil neamhchónaithigh nó na n-aonad dlíthiúil neamhchónaitheach, atá á rialú ag an aonad dlíthiúil |
||||||
|
1.12b |
Coinníollach |
Uimhir nó uimhreacha CBL aonaid dhlíthiúil neamhchónaithigh nó aonad dlíthiúil neamhchónaitheach, atá á rialú ag an aonad dlíthiúil |
||||||
|
1.13a |
|
An tír inar cláraíodh an t-aonad dlíthiúil neamhchónaitheach a bhfuil an t-aonad dlíthiúil á rialú aige agus uimhir aitheantais nó ainm agus seoladh an aonaid dhlíthiúil neamhchónaithigh, a bhfuil an t-aonad dlíthiúil á rialú aige |
||||||
|
1.13b |
Coinníollach |
Uimhir CBL an aonaid dhlíthiúil neamhchónaithigh, a bhfuil an t-aonad dlíthiúil á rialú aige |
||||||
ÚINÉIREACHT AONAD |
|
Coinníollach |
Is féidir an úinéireacht chónaitheach a thaifeadh ó bharr anuas (1.14a) nó ó bhun aníos (1.14b). Tá taifeadadh na faisnéise agus an tairseach a úsáidfear le haghaidh na scairshealbhóireachta faoi réir an fhaisnéis seo a bheith ar fáil sna foinsí riaracháin. Is é an tairseach a mholtar, 10 % nó níos mó a bheith faoi úinéireacht dhíreach |
||||||
|
1.14a |
Coinníollach |
an aonaid dhlíthiúil chónaithigh nó na n-aonad dlíthiúil cónaitheach atá faoi úinéireacht an aonaid dhlíthiúil |
||||||
|
1.14b |
Coinníollach |
an aonaid dhlíthiúil chónaithigh nó na n-aonad dlíthiúil cónaitheach, ar leis nó ar leo an t-aonad dlíthiúil |
||||||
|
1.15 |
Coinníollach |
an aonaid dhlíthiúil neamhchónaithigh nó na n-aonad dlíthiúil neamhchónaitheach ar leis an aonad dlíthiúil é nó iad |
||||||
|
1.16 |
Coinníollach |
an aonaid dhlíthiúil neamhchónaithigh nó na n-aonad dlíthiúil neamhchónaitheach ar leis nó ar leo an t-aonad dlíthiúil |
||||||
|
|||||||||
SAINTRÉITHE AITHEANTAIS |
2.1 |
|
Uimhir aitheantais |
||||||
|
2.2a |
|
Ainm |
||||||
|
2.2b |
|
Seoladh iomlán a mhionsonraithe agus is féidir (lena n-áirítear an postchód) |
||||||
|
2.2c |
Roghnach |
Uimhreacha teileafóin agus facs, seoladh ríomhphoist, agus faisnéis le gur féidir sonraí a bhailiú go leictreonach |
||||||
|
2.3 |
|
Uimhir aitheantais an fhiontair (3.1) ar leis an t-aonad áitiúil |
||||||
SAINTRÉITHE DÉIMEAGRAFACHA |
2.4 |
|
Dáta tosaithe na ngníomhaíochtaí |
||||||
|
2.5 |
|
Dáta scoir chríochnaithigh na ngníomhaíochtaí |
||||||
SAINTRÉITHE EACNAMAÍOCHA/ SRATHAITHE |
2.6 |
|
Cód na príomhghníomhaíochta ar leibhéal 4 dhigit NACE |
||||||
|
2.7 |
Coinníollach |
Gníomhaíochtaí tánaisteacha, más ann, ar leibhéal 4 dhigit NACE; ní bhaineann an pointe seo ach le haonaid áitiúla atá ina n-ábhar do suirbhéanna |
||||||
|
2.8 |
Roghnach |
Is gníomhaíocht í a chuirtear i gcrích san aonad áitiúil ar gníomhaíocht choimhdeach í de chuid an fhiontair lena mbaineann an t-aonad (Is ea/Ní hea) |
||||||
|
2.9 |
|
Líon na ndaoine atá fostaithe |
||||||
|
2.10a |
|
Líon na bhfostaithe |
||||||
|
2.10b |
Roghnach |
Líon na bhfostaithe i gcoibhéisí lánaimseartha |
||||||
|
2.11 |
|
Cód suímh gheografaigh |
||||||
NAISC LE CLÁIR EILE |
2.12 |
Coinníollach |
Tagairt do chláir ghaolmhara, ina bhfuil an t-aonad áitiúil agus ina bhfuil faisnéis a fhéadfar a úsáid chun críocha staidrimh (más ann do chláir ghaolmhara den sórt sin) |
||||||
|
|||||||||
SAINTRÉITHE AITHEANTAIS |
3.1 |
|
Uimhir aitheantais |
||||||
|
3.2a |
|
Ainm |
||||||
|
3.2b |
Roghnach |
Seoltaí poist, ríomhphoist agus láithreáin ghréasáin |
||||||
|
3.3 |
|
Uimhir nó uimhreacha an aonaid dhlíthiúil nó na n-aonad dlíthiúil as a gcomhdhéantar an fiontar |
||||||
SAINTRÉITHE DÉIMEAGRAFACHA |
3.4 |
|
Dáta tosaithe na ngníomhaíochtaí |
||||||
|
3.5 |
|
Dáta scoir chríochnaithigh na ngníomhaíochtaí |
||||||
SAINTRÉITHE EACNAMAÍOCHA/ SRATHAITHE |
3.6 |
|
Cód na príomhghníomhaíochta ar leibhéal 4 dhigit NACE |
||||||
|
3.7 |
Coinníollach |
Gníomhaíochtaí tánaisteacha, más ann, ar leibhéal 4 dhigit NACE; ní bhaineann an pointe seo ach le haonaid áitiúla atá ina n-ábhar do shuirbhéannna |
||||||
|
3.8 |
|
Líon na ndaoine atá fostaithe |
||||||
|
3.9a |
|
Líon na bhfostaithe |
||||||
|
3.9b |
Roghnach |
Líon na bhfostaithe i gcoibhéisí lánaimseartha |
||||||
|
3.10a |
|
Láimhdeachas, ach amháin mar a fhoráiltear i 3.10b |
||||||
|
3.10b |
Roghnach |
Láimhdeachas don talmhaíocht, don tsealgaireacht agus don fhoraoiseacht, don iascaireacht, agus don riarachán poiblí agus don chosaint, don tslándáil shóisialta éigeantach, do theaghlaigh phríobháideacha ina bhfuil daoine fostaithe agus d'eagraíochtaí seach-chríochacha |
||||||
|
3.11 |
|
Earnáil institiúideach agus fo-earnáil institiúideach de réir Chóras Eorpach na gCuntas |
Saintréithe breise d'fhiontair ar le grúpa fiontar iad:
NASC LEIS AN nGRÚPA FIONTAR |
3.12 |
Uimhir aitheantais an ghrúpa uilechónaithigh/theasctha fiontar (4.1) lena mbaineann an t-aonad |
|||||||
|
|||||||||
SAINTRÉITHE AITHEANTAIS |
4.1 |
|
Uimhir aitheantais an ghrúpa uilechónaithigh/theasctha |
||||||
|
4.2a |
|
Ainm an ghrúpa uilechónaithigh/theasctha |
||||||
|
4.2b |
Roghnach |
Seoltaí poist, ríomhphoist agus láithreáin ghréasáin cheannoifig an ghrúpa cónaithigh/theasctha |
||||||
|
4.3 |
Páirtchoinníollach |
Uimhir aitheantais cheann an ghrúpa uilechónaithigh/theasctha (is ionann agus uimhir aitheantais an aonaid dhlíthiúil, atá ina cheann ar an ngrúpa cónaitheach). Coinníollach: más pearsa nádúrtha an t-aonad a dhéanann an rialú, agus i gcás nach oibreoir eacnamaíoch é, beidh an taifeadadh faoi réir infhaighteacht na faisnéise sin sna foinsí riaracháin |
||||||
|
4.4 |
|
Cineál an ghrúpa fiontar:
|
||||||
SAINTRÉITHE DÉIMEAGRAFACHA |
4.5 |
|
Dáta tosaithe an ghrúpa uilechónaithigh/theasctha fiontar |
||||||
|
4.6 |
|
Dáta scoir an ghrúpa uilechónaithigh/theasctha fiontar |
||||||
SAINTRÉITHE EACNAMAÍOCHA/ SRATHAITHE |
4.7 |
|
Cód na príomhghníomhaíochta don ghrúpa uilechónaitheach/teasctha ar leibhéal 2 dhigit NACE |
||||||
|
4.8 |
Roghnach |
Gníomhaíochtaí tánaisteacha an ghrúpa uilechónaithigh/theasctha ar leibhéal 2 dhigit NACE |
||||||
|
4.9 |
|
Líon na ndaoine atá fostaithe sa ghrúpa uilechónaitheach/teasctha |
||||||
|
4.10 |
Roghnach |
Láimhdeachas comhdhlúite |
Saintréithe breise do ghrúpaí ilnáisiúnta fiontar (cineálacha 2 agus 3 i 4.4):
Tá taifeadadh na n-athróg 4.11 agus 4.12a roghnach go dtí go mbunófar an tarchur faisnéise maidir le grúpaí ilnáisiúnta, dá bhforáiltear in Airteagal 11.
SAINTRÉITHE AITHEANTAIS |
4.11 |
|
Uimhir aitheantais an ollghrúpa |
|
4.12a |
|
Ainm an ollghrúpa |
|
4.12b |
Roghnach |
An tír inar cláraíodh é, seoltaí poist, ríomhphoist agus láithreáin ghréasáin cheannoifig an ollghrúpa |
|
4.13a |
|
Uimhir aitheantais cheann an ollghrúpa, más cónaitheach ceann an ghrúpa (is ionann agus uimhir aitheantais an aonaid dhlíthiúil, atá ina cheann ar an ngrúpa). An tír inar cláraíodh ceann an ollghrúpa, más neamhchónaitheach é |
|
4.13b |
Roghnach |
Uimhir aitheantais nó ainm agus seoladh cheann an ollghrúpa, más neamhchónaitheach é |
SAINTRÉITHE EACNAMAÍOCHA/ SRATHAITHE |
4.14 |
Roghnach |
Líon na ndaoine atá fostaithe go hiomlán |
|
4.15 |
Roghnach |
Láimhdeachas iomlán comhdhlúite |
|
4.16 |
Roghnach |
An tír ina bhfuil lárionad cinnteoireachta an ollghrúpa |
|
4.17 |
Roghnach |
Na tíortha ina bhfuil fiontair nó aonaid áitiúla lonnaithe |
(1) Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le trádáil earraí idir Bhallstáit (IO L 102, 7.4.2004, lch. 1).