5.3.2008 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/1 |
RIALACHÁN (CE) UIMH. 176/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Feabhra 2008
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 maidir le haicmiú coiteann d'aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú mar gheall ar aontachas na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS AN CHOMHAIRLE,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 285(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Is é Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) an creat dlíthiúil d'aicmiú réigiúnach le go bhféadfar staidreamh réigiúnach comhchuibhithe a bhailiú, a thiomsú agus a scaipeadh sa Chomhphobal. |
(2) |
Ba chóir go n-úsáidfeadh staidreamh uile na mBallstát a tharchuirtear chuig an gCoimisiún agus a dhéantar a mhiondealú de réir aonad críochach, an t-aicmiú NUTS, más infheidhme. |
(3) |
Is gá na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 a oiriúnú chun aontachas na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh. |
(4) |
Ó tharla nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon caighdeáin chomhchoiteanna staitistiúla a chruthú lena bhféadfar sonraí comhchuibhithe a sholáthar, a ghnóthú go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. |
(5) |
Ba chóir mar sin Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 mar a leanas:
1) |
leasaítear Iarscríbhinn I de réir an téacs a léirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; |
2) |
leasaítear Iarscríbhinn II de réir an téacs a léirítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo; |
3) |
leasaítear Iarscríbhinn III de réir an téacs a léirítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 20 Feabhra 2008
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
H.-G. PÖTTERING
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. LENARČIČ
(1) IO C 175, 27.7.2007, lch. 13.
(2) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Meán Fómhair 2007 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 21 Eanáir 2008.
(3) IO L 154, 21.6.2003, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 105/2007 ón gCoimisiún (IO L 39, 10.2.2007, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear mar a leanas Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003:
1) |
cuirtear isteach an tábla seo a leanas idir BE – BELGIQUE/BELGIË agus CZ – ČESKÁ REPUBLIKA: ‘БЪЛГАРИЯ
|
2) |
cuirtear isteach an tábla seo a leanas idir PT – PORTUGAL agus SI – SLOVENIJA: ‘ROMÂNIA
|
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear mar a leanas Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003:
1) |
cuirtear isteach an méid seo a leanas sa mhír a thagraíonn do NUTS leibhéal 3 idir an Bheilg agus Poblacht na Seice: ‘don Bhulgáir “Области (Oblasti)”,’; |
2) |
cuirtear isteach an méid seo a leanas sa mhír a thagraíonn do NUTS leibhéal 3 idir an Ungáir agus Poblacht na Seice: ‘don Rómáin “Judeţe”,’. |
IARSCRÍBHINN III
Leasaítear mar a leanas Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003:
1) |
cuirtear isteach an méid seo a leanas idir an Bheilg agus Poblacht na Seice: ‘don Bhulgáir “Общини (Obshtini)”,’; |
2) |
cuirtear isteach an méid seo a leanas idir an Phortaingéil agus an tSlóivéin: ‘don Rómáin “Municipii, Oraşe, Comune”,’. |