29.6.2007   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/32


RIALACHÁN (CE) Uimh. 717/2007 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Meitheamh 2007

maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí teileafón soghluaiste laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 2002/21/CE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is ábhar imní do na húdaráis rialaitheacha náisiúnta, agus do thomhaltóirí agus do na hinstitiúidí Comhphobail freisin, leibhéal ard na bpraghsanna a bhíonn iníoctha ag úsáideoirí líonraí poiblí teileafón soghluaiste, amhail mic léinn, taistealaithe gnó agus turasóirí, nuair a úsáideann siad a dteileafóin shoghluaiste agus iad ag taisteal ar an gcoigríoch laistigh den Chomhphobal. Is ann do na muirir mhiondíola iomarcacha mar thoradh ar mhuirir mhórdhíola arda arna dtoibhiú ag oibreoir an líonra óstaigh choigríche agus freisin, i mórán cásanna, mar thoradh ar arduithe móra miondíola arna muirearú ag oibreoir líonra an chustaiméara féin. Is minic nach gcuirtear laghduithe ar mhuirir mhórdhíola ar aghaidh chuig an gcustaiméir miondíola. Cé go bhfuil roinnt oibreoirí tar éis scéimeanna taraifí a thabhairt isteach le gairid a thairgeann coinníollacha níos fabhraí agus praghsanna níos ísle do chustaiméirí, tá fianaise fós ann nach bhfuil an gaol idir na costais agus na praghsanna amhail agus a bheadh i réim i margaí a bheadh go hiomlán iomaíoch.

(2)

Trí limistéar sóisialta, oideachais agus cultúrtha Eorpach bunaithe ar shoghluaisteacht daoine aonair a chruthú, ba chóir go n-éascófaí an chumarsáid idir dhaoine ionas go ndéanfaí forbairt iarbhír ar ‘Eoraip do Shaoránaigh’.

(3)

Maidir le Treoir 2002/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le rochtain ar líonraí cumarsáide leictreonaí agus ar shaoráidí gaolmhara, agus maidir le hidirnasc a bheith eatarthu, (Treoir na Rochtana) (3), Treoir 2002/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le húdarú líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Treoir an Údaraithe) (4), Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialúcháin coiteann do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí (Treoir an Chreata) (5), Treoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí i dtaca le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (An Treoir um Sheirbhís Uilíoch) (6) agus Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (An Treoir um phríobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (7) (dá ngairtear, agus iad a áireamh le chéile, ‘creat rialúcháin 2002 don chumarsáid leictreonach’ anseo feasta), tá sé d'aidhm acu margadh inmheánach don chumarsáid leictreonach a chruthú sa Chomhphobal agus leibhéal ard cosanta tomhaltóirí a chinntiú trí iomaíocht fheabhsaithe.

(4)

Ní beart aonarach an Rialachán seo, ach, chomh fada agus a bhaineann le fánaíocht a dhéanamh ar fud an Chomhphobail, comhlánaíonn sé na rialacha dá bhforáiltear le creat rialúcháin 2002 don chumarsáid leictreonach, agus tá sé mar thaca leo. Níor tugadh, leis an gcreat sin, dóthain uirlisí do na húdaráis rialaitheacha náisiúnta chun gníomhú go héifeachtúil agus go cinntitheach maidir le praghsáil na seirbhísí fánaíochta sa Chomhphobal, agus ar an dóigh sin ní éiríonn leis feidhmiú réidh an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí fánaíochta a áirithiú. Is meán cuí é an Rialachán seo chun an staid sin a chur ina cheart.

(5)

Déanann creat rialúcháin 2002 don chumarsáid leictreonach leas a bhaint as an bprionsabal nár chóir oibleagáidí rialaitheacha ex ante a fhorchur ach amháin i gcás nach mbeidh iomaíocht éifeachtúil ann, agus foráiltear leis do phróiseas ina ndéanfaidh na húdaráis rialaitheacha náisiúnta anailís mhargaidh agus athbhreithniú oibleagáidí go tréimhsiúil, as a leanfaidh forchur oibleagáidí ex ante ar oibreoirí a ainmneofar mar oibreoirí a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu. Áirítear ar na heilimintí den phróiseas sin sainmhíniú ar na margaí ábhartha i gcomhréir leis an Moladh ón gCoimisiún (8) maidir leis na margaí ábhartha táirgí agus seirbhísí laistigh den earnáil cumarsáide leictreonaí a oirfeadh do rialáil ex ante i gcomhréir le Treoir 2002/21/CE (dá ngairtear ‘an Moladh’ anseo feasta), anailís ar na margaí sainmhínithe i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin maidir le hanailís mhargaidh agus measúnú ar chumhacht shuntasach sa mhargadh faoi chreat rialaitheach an Chomhphobail maidir le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (9), ainmniú oibreoirí a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu agus forchur na n-oibleagáidí ex ante ar oibreoirí a ainmnítear amhlaidh.

(6)

Aithnítear sa Mholadh an margadh náisiúnta mórdhíola i gcomhair fánaíochta idirnáisiúnta ar líonraí poiblí teileafón soghluaiste mar mhargadh ábhartha a d'oirfeadh do rialáil ex ante. Mar sin féin, tá léirithe ag an obair atá déanta ag na húdaráis rialaitheacha náisiúnta (ina n-aonar agus laistigh de Ghrúpa na Rialtóirí Eorpacha) ina n-anailís ar na margaí náisiúnta mórdhíola d'fhánaíocht idirnáisiúnta nár fhéad údarás rialaitheach náisiúnta go dtí seo dul i ngleic go héifeachtúil leis an leibhéal ard atá ag muirir mhórdhíola fánaíochta ar fud an Chomhphobail mar gheall ar an deacracht a bhaineann le gnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu a aithint i bhfianaise imthosca sainiúla na fánaíochta idirnáisiúnta, lena n-áirítear a gcineál trasteorann.

(7)

Maidir le soláthar miondíola na seirbhísí fánaíochta idirnáisiúnta, ní aithnítear sa Mholadh aon mhargadh miondíola d'fhánaíocht idirnáisiúnta mar mhargadh ábhartha, de bhrí, i measc rudaí eile, nach ndéantar seirbhísí fánaíochta idirnáisiúnta a cheannach go neamhspleách ar leibhéal miondíola agus nach bhfuil iontu ach eilimint amháin de phacáiste miondíola níos leithne a cheannaíonn custaiméirí óna soláthraí baile.

(8)

Chomh maith leis sin, maidir leis na húdaráis rialaitheacha náisiúnta atá freagrach as cosaint agus cur chun cinn leasanna custaiméirí teileafón soghluaiste a bhfuil gnáthchónaí orthu laistigh dá gcríoch, níl ar a gcumas rialú a dhéanamh ar iompar oibreoirí an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air, atá lonnaithe i mBallstáit eile, agus a bhfuil na custaiméirí sin ag brath air agus iad ag úsáid seirbhísí fánaíochta idirnáisiúnta. D'fhéadfadh an bac sin freisin laghdú ar éifeachtúlacht na mbeart a bheadh glactha ag Ballstáit bunaithe ar an inniúlacht a bheadh fágtha acu rialacha cosanta tomhaltóirí a ghlacadh.

(9)

Dá réir sin, tá brú á chur ar Bhallstáit bearta a ghlacadh chun dul i ngleic le leibhéal na muirear fánaíochta idirnáisiúnta, ach ní leor an mheicníocht d'idirghabháil rialaitheach ex ante ag údaráis rialaitheacha náisiúnta dá bhforáiltear le creat rialúcháin 2002 don chumarsáid leictreonach lena chur ar chumas na n-údarás sin gníomhú go cinntitheach chun leasa na dtomhaltóirí sa réimse sonrach sin.

(10)

Sa bhreis air sin, iarradh ar an gCoimisiún i rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le rialáil agus margaí chumarsáid leictreonach na hEorpa 2004 (10) tionscnaimh nua a fhorbairt chun costais arda an tráchta trasteorann teileafón soghluaiste a laghdú, agus tháinig Comhairle Eorpach an 23 agus an 24 Márta 2006 ar an gconclúid go bhfuil beartais fhócasaithe, éifeachtúla agus lánpháirtithe i dteicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (ICT) ar leibhéal Eorpach agus ar leibhéal náisiúnta araon riachtanach chun spriocanna athnuaite Straitéis Liospóin i dtaca le fás eacnamaíoch agus táirgiúlacht a bhaint amach agus thug sí ar aird sa chomhthéacs sin an tábhacht don iomaíochas atá le muirir fánaíochta a laghdú.

(11)

Bhí sé d'aidhm ag creat rialúcháin 2002 don chumarsáid leictreonach, bunaithe ar na cúinsí ba léir ag an am, deireadh a chur leis na bacainní go léir ar thrádáil idir Bhallstáit sa limistéar a ndearna sé comhchuibhiú air, inter alia, bearta a dhéanann difear do mhuirir fánaíochta. Mar sin féin, níor chóir go gcuirfeadh sé sin cosc ar rialacha comhchuibhithe a oiriúnú ar aon dul le cúinsí eile chun na bealaí is éifeachtaí a fháil d'fhonn leibhéal ard cosanta tomhaltóirí a bhaint amach fad agus na coinníollacha d'fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh á bhfeabhsú.

(12)

Ba chóir, dá bhrí sin, creat rialúcháin 2002 don chumarsáid leictreonach, go háirithe Treoir an Chreata, a leasú ionas go bhféadfar imeacht ó na rialacha a bheadh infheidhme murach sin, eadhon gur chóir praghsanna i gcomhair tairiscintí seirbhíse a chinneadh le comhaontú tráchtála nuair nach ann do chumhacht shuntasach sa mhargadh, agus leis sin go bhfreastalófar ar thabhairt isteach oibleagáidí rialaitheacha comhlántacha a léiríonn tréithe sonracha na seirbhísí fánaíochta ar fud an Chomhphobail.

(13)

Léiríonn na margaí fánaíochta miondíola agus mórdhíola tréithe uathúla atá ina n-údar maith le bearta eisceachtúla a théann níos faide ná na meicníochtaí a bhíonn ar fáil ar shlí eile faoi chreat rialúcháin 2002 don chumarsáid leictreonach.

(14)

Ba chóir oibleagáidí rialaitheacha a fhorchur ar leibhéal miondíola agus ar leibhéal mórdhíola araon chun leasanna custaiméirí fánaíochta a chosaint, óir gur léir ón taithí nach gá gur praghsanna miondíola níos ísle i gcomhair fánaíochta a bheadh ann de thoradh laghduithe i bpraghsanna mórdhíola ar sheirbhísí fánaíochta ar fud an Chomhphobail, mar gheall ar easpa dreasachtaí chun go dtarlódh sin. Ar an láimh eile, d'fhéadfadh an baol a bheith ann go gcuirfeadh gníomh chun leibhéal na bpraghsanna miondíola a laghdú as d'fheidhmiú ordúil an mhargaidh fánaíochta ar fud an Chomhphobail mura rachfaí i ngleic le leibhéal na gcostas mórdhíola a ghabhann le soláthar na seirbhísí sin.

(15)

Ba chóir go dtiocfadh na hoibleagáidí rialaitheacha sin i bhfeidhm chomh luath agus is féidir, agus fós tréimhse réasúnta a thabhairt do na hoibreoirí lena mbaineann chun a gcuid tairiscintí praghsanna agus seirbhíse a oiriúnú chun comhlíonadh a chinntiú, agus ba chóir go mbeadh feidhm acu go díreach i ngach Ballstát.

(16)

Ba chóir cur chuige comhchoiteann a úsáid chun a áirithiú nach n-íocfaidh úsáideoirí líonraí poiblí trastíre teileafón soghluaiste praghsanna iomarcacha, agus iad ag taisteal laistigh den Chomhphobal, ar sheirbhísí fánaíochta ar fud an Chomhphobail nuair a dhéanann siad guthghlaonna nó nuair a fhaigheann siad guthghlaonna agus, ar an dóigh sin, leibhéal ard cosanta tomhaltóirí a bhaint amach agus fós iomaíocht idir oibreoirí teileafón soghluaiste a chosaint agus dreasachtaí don nuálaíocht agus do rogha do thomhaltóirí a chaomhnú. I bhfianaise chineál trasteorann na seirbhísí lena mbaineann, tá gá leis an gcur chuige comhchoiteann sin ionas gur féidir le hoibreoirí teileafón soghluaiste oibriú laistigh de chreat comhleanúnach aonair rialúcháin bunaithe ar chritéir a shuífear go hoibiachtúil.

(17)

Is é an cur chuige is éifeachtúla agus is comhréirí i leith rialáil leibhéal na bpraghsanna chun glaonna fánaíochta a dhéanamh agus a fháil laistigh den Chomhphobal meánmhuirear uasta in aghaidh an nóiméid ar leibhéal an mhórdhíola a shocrú ar leibhéal an Chomhphobail agus muirir a theorannú ar leibhéal miondíola, trí Eoratharaif a thabhairt isteach. Ba chóir go mbeadh feidhm ag an meánmhuirear mórdhíola idir aon dá oibreoir laistigh den Chomhphobal i rith tréimhse sonraithe.

(18)

Ba chóir an Eoratharaif a shocrú ar leibhéal a ráthódh corrlach dóthanach d'oibreoirí agus a spreagfadh tairiscintí iomaíocha fánaíochta ag rátaí níos ísle. Ba chóir d'oibreoirí Eoratharaif a thairiscint go gníomhach dá gcuid custaiméirí fánaíochta go léir, saor in aisce, agus ar dhóigh shoiléir thrédhearcach.

(19)

Ba chóir go gcinnteodh an cur chuige rialaitheach sin go dtabharfadh muirir mhiondíola ar fhánaíocht ar fud an Chomhphobail léargas níos réasúnaí ar na costais bhunúsacha a bhíonn i gceist le soláthar na seirbhíse le hais mar a bhí. Ba chóir, dá bhrí sin, go léireodh an Eoratharaif uasta a fhéadfar a thairiscint do chustaiméirí fánaíochta corrlach réasúnta ar an gcostas mórdhíola a bhaineann le seirbhís fánaíochta a sholáthar, agus fós an tsaoirse a thabhairt d'oibreoirí dul in iomaíocht trí idirdhealú a dhéanamh ar a gcuid tairiscintí agus a gcuid struchtúr praghsála a chur in oiriúint do choinníollacha an mhargaidh agus do na roghanna is fearr leis na tomhaltóirí. Níor chóir go mbeadh feidhm ag an gcur chuige rialaitheach sin maidir le seirbhísí breisluacha.

(20)

Ba chóir go mbeadh an cur chuige rialaitheach sin éasca le cur chun feidhme agus le monatóireacht a dhéanamh air chun an t-ualach riaracháin a íoslaghdú ar na hoibreoirí a ndéanann a chuid ceanglais difear dóibh agus ar na húdaráis rialaitheacha náisiúnta a mbeidh maoirseacht agus forghníomhú de chúram orthu. Ba chóir freisin go mbeadh sé trédhearcach agus intuigthe láithreach do na custaiméirí teileafón soghluaiste go léir laistigh den Chomhphobal. Chomh maith leis sin, ba chóir go dtabharfadh sé cinnteacht agus intuarthacht d'oibreoirí a sholáthraíonn seirbhísí fánaíochta mórdhíola agus miondíola. Ba chóir, dá bhrí sin, leibhéal na muirear uasta in aghaidh an nóiméid ar leibhéal mórdhíola agus ar leibhéal miondíola a shonrú go díreach i dtéarmaí airgid sa Rialachán seo.

(21)

Ba chóir go ndéanfadh an meánmhuirear uasta in aghaidh an nóiméid ar leibhéal mórdhíola, arna shonrú amhlaidh, na gnéithe difriúla a bhaineann le glao fánaíochta ar fud an Chomhphobail a dhéanamh a chur san áireamh, go háirithe costas thosú agus chríochnú na nglaonna thar líonraí teileafón soghluaiste mar aon le forchostais, comharthaíocht agus trasdul. Is é an pointe cóimheasa is oiriúnaí do thosú glao agus do chríochnú glao ná an meánráta críochnaithe teileafón soghluaiste i gcomhair oibreoirí líonra teileafón soghluaiste sa Chomhphobal, bunaithe ar fhaisnéis arna cur ar fáil ag na húdaráis rialaitheacha náisiúnta agus arna foilsiú ag an gCoimisiún. Ba chóir an meánmhuirear uasta in aghaidh an nóiméid a chruthaítear leis an Rialachán seo a shocrú, dá bhrí sin, agus an meánráta críochnaithe teileafón soghluaiste á chur san áireamh, rud a thabharfaidh pointe cóimheasa i gcomhair na gcostas a bheidh i gceist. Ba chóir go laghdódh an meánráta uasta in aghaidh an nóiméid ar leibhéal mórdhíola go bliantúil chun laghduithe ar rátaí críochnaithe le haghaidh teileafón soghluaiste a fhorchurifidh na húdaráis rialaitheacha náisiúnta ó am go ham a chur san áireamh.

(22)

Ba chóir go ndeimhneodh an Eoratharaif is infheidhme ar leibhéal miondíola do chustaiméirí fánaíochta nach ngearrfar praghas iomarcach orthu nuair a dhéanfaidh siad nó nuair a gheobhaidh siad glao fánaíochta rialáilte, agus fós go bhfágfar corrlach dóthanach ag na hoibreoirí baile chun idirdhealú a dhéanamh ar na táirgí a thairgfidh siad dá gcuid custaiméirí.

(23)

Ba chóir go mbeadh an rogha, gan aon mhuirir bhreise nó réamhchoinníollacha a bheith ag gabháil leis, ag na custaiméirí go léir taraif shimplí fánaíochta a roghnú nach rachaidh thar na rátaí rialáilte. Ba chóir go gcinnteodh corrlach réasúnta idir na costais mhórdhíola agus na praghsanna miondíola go ndéanfaidh na hoibreoirí a gcuid costas sonrach fánaíochta go léir ar leibhéal miondíola a chlúdach, lena n-áirítear sciaranna cuí de chostais mhargaíochta agus fóirdheontais i gcomhair sásanna láimhe, agus go bhfágfar iad le hiarmhar dóthanach chun toradh réasúnta a bhaint amach. Is bealach cuí an Eoratharaif chun cosaint a thabhairt don tomhaltóir agus solúbthacht a thabhairt don oibreoir. Ar nós an leibhéil mhórdhíola, ba chóir go laghdódh leibhéil uasta na hEoratharaife go bliantúil.

(24)

Ba chóir raon iomlán na dtaraifí atá ann i gcomhair fánaíochta sa Chomhphobal, lena n-áirítear na taraifí a chomhlíonann an Eoratharaif, a chur in iúl go hiomlán do chustaiméirí nua fánaíochta. Ba chóir an deis a thabhairt do na custaiméirí fánaíochta atá ann cheana a rogha a dhéanamh maidir le taraif nua a chomhlíonann an Eoratharaif nó aon taraif fánaíochta eile laistigh de thréimhse ama áirithe. Maidir le custaiméirí fánaíochta atá ann cheana agus nach mbeidh a rogha déanta acu laistigh den tréimhse ama sin, is cuí idirdhealú a dhéanamh idir na daoine a roghnaigh taraif shonrach fánaíochta nó pacáiste sonrach fánaíochta roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus na daoine nach ndearna amhlaidh. Ba chóir taraif a chomhlíonfaidh ceanglais an Rialacháin seo a thabhairt go huathoibríoch do na custaiméirí is deireanaí atá luaite. Maidir le custaiméirí fánaíochta atá ag baint leasa cheana as taraifí nó pacáistí sonracha fánaíochta a oireann dá gcuid riachtanas aonair agus a bhíonn roghnaithe ar an mbunús sin acu, ba chóir go leanfaidís leis an taraif nó leis an bpacáiste a bhí roghnaithe roimhe sin acu más rud é, tar éis a gcuid coinníollacha taraife reatha a bheith meabhraithe dóibh, nach gcuirfidh siad rogha in iúl laistigh den tréimhse ama ábhartha. D'fhéadfadh sé go mbeadh san áireamh sna taraifí nó pacáistí fánaíochta sainiúla sin, mar shampla, cothromrátaí fánaíochta, taraifí neamhphoiblí, taraifí lena ngabhann muirir sheasta bhreise fánaíochta, taraifí lena ngabhann muirir in aghaidh an nóiméid atá níos ísle ná an Eoratharaif uasta nó taraifí lena ngabhann muirir bhunaithe.

(25)

Maidir le soláthraithe seirbhísí miondíola fánaíochta ar fud an Chomhphobail ba chóir go mbeadh tréimhse ar fáil dóibh ina bhféadfaidh siad a bpraghsanna a choigeartú chun na teorainneacha a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

(26)

Ar an gcaoi chéanna, ba chóir go mbeadh tréimhse oiriúnaithe ag soláthraithe seirbhísí fánaíochta mórdhíola ar fud an Chomhphobail chun na teorainneacha a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

(27)

Ó tharla go bhforáiltear leis an Rialachán seo go bhfuil na Treoracha a chomhdhéanann creat rialúcháin 2002 don chumarsáid leictreonach gan dochar d'aon bheart sonrach a ghlacfar chun rialáil a dhéanamh ar mhuirir fánaíochta ar fud an Chomhphobail i gcomhair glaonna guth-theileafónaíochta soghluaiste, agus ó tharla go bhféadfadh sé go ndéanfaí leis an Rialachán seo é a chur de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí fánaíochta ar fud an Chomhphobail athruithe a dhéanamh ar a dtaraifí miondíola fánaíochta chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh, níor chóir go ndúiseodh athruithe den sórt sin aon cheart, faoi na dlíthe náisiúnta a thrasuíonn creat rialúcháin 2002 don chumarsáid leictreonach, le haghaidh custaiméirí teileafón soghluaiste tarraingt siar as a gconarthaí.

(28)

Níor chóir go ndéanfadh an Rialachán seo dochar do thairiscintí nuálacha do chustaiméirí atá níos tairbhí ná an Eoratharaif uasta mar a shainmhínítear sa Rialachán seo í, ach is amhlaidh gur chóir go spreagfadh sé tairiscintí nuálacha do chustaiméirí fánaíochta ag rátaí níos ísle. Ní éilíonn an Rialachán seo go dtabharfaí muirir fánaíochta ar ais arís i gcásanna ina bhfuil deireadh curtha leo amach is amach, ná ní éilíonn sé go n-ardófaí muirir fánaíochta go dtí leibhéal na dteorainneacha a leagtar amach sa Rialachán seo.

(29)

Féadfaidh soláthraithe baile cothromráta míosúil, uilechuimsitheach, cóir a thairiscint nach mbeidh feidhm ag teorainneacha muirir ar bith maidir leo. D'fhéadfadh an cothromráta sin guthsheirbhísí fánaíochta agus/nó seirbhísí cumarsáide sonraí fánaíochta ar fud an Chomhphobail (lena n-áirítear Seirbhís Gearrtheachtaireachtaí (SMS) agus Seirbhís Teachtaireachtaí Ilmheán (MMS)) a chlúdach laistigh den Chomhphobal.

(30)

Lena áirithiú go bhféadfaidh gach úsáideoir guth-theileafónaíochta soghluaiste tairbhe a bhaint as forálacha an Rialacháin seo ba chóir go mbeadh feidhm ag na ceanglais phraghsála mhiondóla is cuma an conradh réamhíoctha nó iar-íoctha a bheidh ag na custaiméirí fánaíochta lena soláthraí baile, agus beag beann ar cibé an mbíonn a líonra féin ag an soláthraí baile, an oibreoir líonra fíorúil teileafón soghluaiste é nó an athdhíoltóir seirbhísí guth-theileafónaíochta soghluaiste é.

(31)

Más rud é gur léir do sholáthraithe seirbhísí teileafónaíochta soghluaiste go bhfuil sochair na hidir-inoibritheachta agus na lúdrachta ceann go ceann dá gcustaiméirí i gcontúirt de bharr deireadh a chur lena socruithe fánaíochta le hoibreoirí líonra teileafón soghluaiste i mBallstáit eile, nó mar gheall ar an mbaol go gcuirfí deireadh leis na socruithe sin, nó nach bhfuil ar a gcumas seirbhísí a sholáthar dá gcustaiméirí i mBallstát eile mar thoradh ar easpa comhaontaithe le soláthraí líonra mórdhíola amháin ar a laghad, ba chóir do na húdaráis rialaitheacha náisiúnta leas a bhaint, nuair is gá, as na cumhachtaí faoi Airteagal 5 de Threoir na Rochtana chun rochtain leordhóthanach agus idirnascadh leordhóthanach a áirithiú d'fhonn lúdracht ceann go ceann agus idir-inoibritheacht na seirbhísí sin a áirithiú, ag cur cuspóirí Airteagal 8 de Threoir an Chreata san áireamh, go háirithe margadh aonair lánfheidhmithe a chruthú i gcomhair seirbhísí cumarsáide leictreonaí.

(32)

Chun feabhas a chur ar thrédhearcacht na bpraghsanna miondíola ar ghlaonna fánaíochta rialáilte a dhéanamh agus a fháil laistigh den Chomhphobal agus chun cabhrú le custaiméirí fánaíochta cinntí a dhéanamh maidir le húsáid a gcuid teileafón soghluaiste agus iad ar an gcoigríoch, ba chóir do sholáthraithe seirbhísí teileafónaíochta soghluaiste a chur ar chumas a gcuid custaiméirí faisnéis saor in aisce ar na muirir fánaíochta is infheidhme maidir leo a fháil go héasca nuair a bhíonn guthghlaonna á ndéanamh nó á bhfáil acu i mBallstát a dtugann siad cuairt air. Thairis sin, ba chóir do sholáthraithe faisnéis bhreise a thabhairt dá gcustaiméirí, arna iarraidh sin dóibh agus saor in aisce, faoi na muirir in aghaidh an nóiméid nó in aghaidh an aonaid (CBL san áireamh) ar ghuthghlaonna a dhéanamh nó a fháil agus freisin ar SMS, MMS agus seirbhísí cumarsáide sonraí eile a sheoladh agus a fháil sa Bhallstát a dtugtar cuairt air.

(33)

Éilíonn an trédhearcacht freisin go dtabharfadh soláthraithe faisnéis ar mhuirir fánaíochta go háirithe ar an Eoratharaif agus ar an gcothromráta uilechuimsitheach, má bhíonn ceann á thairiscint acu, nuair a bhíonn síntiús á shocrú agus gach uair a mbíonn athrú ar na muirir fánaíochta. Ba chóir do sholáthraithe baile faisnéis a sholáthar ar mhuirir fánaíochta trí mheáin iomchuí amhail sonraisc, an t-idirlíon, fógráin teilifíse nó post díreach. Ba chóir do sholáthraithe baile a chinntiú go mbeidh na custaiméirí fánaíochta go léir ar an eolas faoi fháil a bheith ar tharaifí rialáilte agus ba chóir dóibh cumarsáid shoiléir agus neamhchlaon a sheoladh chuig na custaiméirí sin ina mbeidh tuairisc ar choinníollacha na hEoratharaife agus an ceart athrú chuig an Eoratharaif nó imeacht uaithi.

(34)

Ba chóir go mbeadh na cumhachtaí is gá chun na hoibleagáidí faoin Rialacháin seo a mhaoirsiú agus a fhorghníomhú laistigh dá gcríoch ag na húdaráis rialaitheacha náisiúnta atá freagrach as tascanna a dhéanamh faoi chreat rialúcháin 2002 don chumarsáid leictreonach. Ba chóir dóibh monatóireacht a dhéanamh freisin ar fhorbairtí i bpraghsáil guthsheirbhísí agus seirbhísí sonraí do chustaiméirí teileafón soghluaiste agus fánaíocht á déanamh acu sa Chomhphobal, lena n-áirítear, i gcás inar iomchuí, na costais shonracha a bhaineann le glaonna fánaíochta a dhéantar agus a fhaightear sna réigiúin is forimeallaí den Chomhphobal agus ar an ngá atá lena áirithiú gur féidir na costais sin a aisghabháil go leordhóthanach ar an margadh mórdhíola, agus nach mbíonn teicnící stiúrtha tráchta in úsáid chun rogha a shrianadh chun aimhleasa na gcustaiméirí. Ba chóir dóibh a áirithiú go gcuirfear faisnéis chothrom le dáta faoi fheidhmiú an Rialacháin seo ar fáil do na páirtithe leasmhara agus go bhfoilseofar torthaí na monatóireachta sin gach sé mhí. Ba chóir faisnéis ar leith a sholáthar ar chustaiméirí corparáideacha, custaiméirí iar-íoctha agus custaiméirí réamhíoctha.

(35)

Maidir le fánaíocht intíre sna réigiúin is forimeallaí den Chomhphobal, áit a mbíonn na ceadúnais teileafónaíochta soghluaiste éagsúil leis na ceadúnais a eisítear i ndáil leis an gcuid eile den chríoch náisiúnta, d'fhéadfadh sí leas a bhaint as laghduithe ar an ráta a bheadh comhionann leis na laghduithe sin a dhéantar i margadh fánaíochta an Chomhphobail. Níor chóir go gcruthódh feidhmiú an Rialacháin seo cóir phraghsála lena mbainfeadh níos lú fabhair do chustaiméirí a bheadh ag úsáid seirbhísí fánaíochta intíre le hais custaiméirí a bheadh ag úsáid seirbhísí fánaíochta ar fud an Chomhphobail. Chun na críche sin, féadfaidh na húdaráis náisiúnta bearta breise a ghlacadh a bheidh i gcomhréir le dlí an Chomhphobail.

(36)

Ós rud é, chomh maith le guth-theileafónaíocht, go bhfuil forás ag teacht ar sheirbhísí cumarsáide sonraí teileafón soghluaiste, ba chóir go bhféadfaí, leis an Rialachán seo, monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí margaidh sna seirbhísí sin freisin. Ba chóir don Choimisiún, dá bhrí sin, monatóireacht a dhéanamh ar an margadh i gcomhair seirbhísí cumarsáide sonraí fánaíochta, lena n-áirítear SMS agus MMS.

(37)

Ba chóir do Bhallstáit foráil a dhéanamh do chóras pionós a chuirfear i bhfeidhm i gcás go sárófar an Rialachán seo.

(38)

Maidir le cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon cur chuige comhchoiteann a bhunú lena áirithiú nach n-íocfaidh úsáideoirí líonraí poiblí teileafón soghluaiste, agus iad ag taisteal laistigh den Chomhphobal, praghsanna iomarcacha ar sheirbhísí fánaíochta ar fud an Chomhphobail nuair a dhéanfaidh siad nó nuair a gheobhaidh siad guthghlaonna, ar an dóigh sin ag baint ardleibhéil chosanta tomhaltóirí amach agus iomaíocht idir oibreoirí teileafón soghluaiste á cosaint, ó tharla nach féidir leis na Ballstáit iad a bhaint amach go dóthanach ar dhóigh chinnte, chomhchuibhithe agus thráthúil agus gur fearr dá bhrí sin is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh de réir phrionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(39)

Ba chóir an cur chuige comhchoiteann sin a bhunú ar feadh tréimhse teoranta. Féadfar an Rialachán seo, i bhfianaise athbhreithnithe a dhéanfaidh an Coimisiún, a fhadú nó a leasú. Ba chóir don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtúlacht an Rialacháin seo agus ar an méid a chuireann sé le feidhmiú an chreata rialúcháin agus feidhmiú réidh an mhargaidh inmheánaigh agus chomh maith leis sin, scrúdú a dhéanamh ar thionchar an Rialacháin seo ar sholáthraithe beaga teileafónaíochta soghluaiste sa Chomhphobal agus ar a seasamh siúd sa mhargadh fánaíochta ar fud an Chomhphobail,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Cuireann an Rialachán seo cur chuige comhchoiteann ar bun chun a áirithiú nach n-íocfaidh úsáideoirí líonraí poiblí teileafón soghluaiste praghsanna iomarcacha ar sheirbhísí fánaíochta ar fud an Chomhphobail do na glaonna a dhéanfaidh agus a gheobhaidh siad agus iad ag taisteal sa Chomhphobal agus cuirfear, ar an tslí sin, le feidhmiú réidh an mhargaidh inmheánaigh agus leibhéal ard cosanta tomhaltóirí á bhaint amach, mar aon le hiomaíocht idir oibreoirí teileafón soghluaiste a chosaint agus dreasachtaí nuálaíochta agus rogha tomhaltóirí araon a chaomhnú. Leagtar síos leis rialacha ar na muirir a fhéadfaidh oibreoirí teileafón soghluaiste a ghearradh chun seirbhísí idirnáisiúnta fánaíochta a chur ar fáil do ghuthghlaonna a thosóidh agus a chríochnóidh laistigh den Chomhphobal, agus tá feidhm aige maidir leis na muirir a ghearrfar idir oibreoirí líonraí ar leibhéal mórdhíola mar aon leis na muirir a ghearrfaidh soláthraithe baile ar leibhéal miondíola.

2.   Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha atá dírithe ar chur leis an trédhearcacht ó thaobh praghsanna de agus ar an bhfaisnéis ar mhuirir a chuirtear ar fáil d'úsáideoirí seirbhísí fánaíochta ar fud an Chomhphobail a fheabhsú.

3.   Is é atá sa Rialachán seo beart sainiúil de réir bhrí Airteagal 1(5) de Threoir an Chreata.

4.   Is in Euro a thugtar teorainneacha na muirear a leagtar amach sa Rialachán seo. I gcás ina n-ainmneofar na muirir atá faoi réir Airteagal 3 agus Airteagal 4 in airgeadraí eile, déanfar na chéad teorainneacha de bhun na nAirteagal sin a áireamh sna hairgeadraí sin trí chur i bhfeidhm na rátaí malairte tagartha a bheidh i réim an 30 Meitheamh 2007, mar a fhoilseoidh an Banc Ceannais Eorpach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh iad. Chun críocha na laghduithe a thiocfaidh ina dhiaidh sin ar na teorainneacha dá bhforáiltear in Airteagal 3(2) agus in Airteagal 4(2), déanfar na luachanna athbhreithnithe a chinneadh trí chur i bhfeidhm na rátaí malairte tagartha a fhoilseofar amhlaidh aon mhí amháin roimh an dáta óna mbeidh feidhm ag na luachanna athbhreithnithe.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Threoir na Rochtana, in Airteagal 2 de Threoir an Chreata agus in Airteagal 2 den Treoir um Sheirbhís Uilíoch.

2.   I dteannta na sainmhínithe dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘Eoratharaif’ aon taraif nach dtéann thar an muirear uasta dá bhforáiltear in Airteagal 4 agus a fhéadfaidh soláthraí baile a ghearradh chun glaonna fánaíochta rialáilte a chur ar fáil agus an tAirteagal sin á chomhlíonadh;

(b)

ciallaíonn ‘soláthraí baile’ gnóthas a chuireann seirbhísí poiblí trastíre teileafónaíochta soghluaiste ar fáil do chustaiméir fánaíochta trína líonra féin, nó trí oibreoir nó trí athdhíoltóir líonra fíorúil soghluaiste;

(c)

ciallaíonn ‘líonra baile’ líonra teileafón soghluaiste poiblí trastíre atá lonnaithe laistigh de Bhallstát agus a úsáideann soláthraí baile chun seirbhísí poiblí trastíre teileafónaíochta soghluaiste a chur ar fáil do chustaiméir fánaíochta;

(d)

ciallaíonn ‘fánaíocht a dhéanamh ar fud an Chomhphobail’ an úsáid a bhaineann custaiméir fánaíochta as teileafón soghluaiste nó gléas eile chun glaonna laistigh den Chomhphobal a dhéanamh nó a fháil fad is atá an duine sin i mBallstát eile seachas an Ballstát ina bhfuil a líonra baile lonnaithe, trí shocruithe idir oibreoir an líonra bhaile agus oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air;

(e)

ciallaíonn ‘glao fánaíochta rialáilte’ guthghlao teileafónaíochta soghluaiste a dhéanann custaiméir fánaíochta, a thosaíonn ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air agus a chríochnaíonn ar líonra poiblí teileafóin sa Chomhphobal nó guthghlao a fhaigheann custaiméir fánaíochta a thosaíonn ar líonra poiblí teileafóin sa Chomhphobal agus a chríochnaíonn ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air;

(f)

ciallaíonn ‘custaiméir fánaíochta’ custaiméir de chuid soláthraí seirbhísí teileafónaíochta soghluaiste poiblí trastíre trí líonra poiblí trastíre teileafón soghluaiste atá lonnaithe sa Chomhphobal a gceadaíonn a chonradh nó a shocrú lena sholáthraí baile dó teileafón soghluaiste nó aon ghléas eile a úsáid chun glaonna a dhéanamh nó a fháil ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air, trí shocruithe idir oibreoir an líonra bhaile agus oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air;

(g)

ciallaíonn ‘líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air’ líonra poiblí trastíre theileafón soghluaiste atá lonnaithe i mBallstát eile seachas Ballstát an líonra bhaile agus a cheadaíonn do chustaiméir fánaíochta glaonna a dhéanamh nó a fháil trí shocruithe le hoibreoir an líonra bhaile.

Airteagal 3

Muirir mhórdhíola chun glaonna fánaíochta rialáilte a dhéanamh

1.   Ní rachaidh an meánmhuirear mórdhíola a fhéadfaidh oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air a ghearradh ar oibreoir líonra baile an chustaiméara fánaíochta thar EUR 0,30 in aghaidh an nóiméid, costais tosaithe, idirthurais agus críche inter alia san áireamh, chun glao fánaíochta rialáilte a thosaíonn ar an líonra sin a bhfuil cuairt á tabhairt air a chur ar fáil.

2.   Beidh feidhm ag an meánmhuirear mórdhíola sin maidir le haon dá oibreoir agus déanfar é a ríomh thar thréimhse dhá mhí dhéag nó thar aon tréimhse níos giorra a d'fhéadfadh bheith ann, sula rachaidh an Rialachán seo in éag. Laghdófar an meánmhuirear mórdhíola go dtí EUR 0,28 agus EUR 0,26 an 30 Lúnasa 2008 agus an 30 Lúnasa 2009 faoi seach.

3.   Déanfar an meánmhuirear mórdhíola dá dtagraítear i mír 1 a ríomh tríd an teacht isteach iomlán a gheofar ó fhánaíocht mhórdhíola a roinnt ar líon iomlán na nóiméad fánaíochta mórdhíola a dhíolfaidh an t-oibreoir ábhartha thar an tréimhse atá i gceist chun glaonna fánaíochta mórdhíola a chur ar fáil sa Chomhphobal. Beidh cead ag oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air idirdhealú a dhéanamh idir muirir bhuaice agus muirir sheachbhuaice.

Airteagal 4

Muirir mhiondíola ar ghlaonna fánaíochta rialáilte

1.   Déanfaidh soláthraithe baile Eoratharaif, dá bhforáiltear i mír 2, a chur ar fáil agus a thairiscint go gníomhach dá gcustaiméirí fánaíochta go léir ar dhóigh shoiléir, thrédhearcach. Ní bheidh aon síntiús comhlachaithe ná muirir sheasta ná muirir athfhillteacha eile ag gabháil leis an Eoratharaif agus féadfar í a chomhcheangal le haon taraif mhiondíola.

Agus an tairiscint seo á déanamh ag soláthraithe baile, meabhróidh siad dá gcustaiméirí a raibh taraif fánaíochta shainiúil nó pacáiste fánaíochta sainiúil roghnaithe acu roimh 30 Meitheamh 2007 na coinníollacha a bhaineann leis an taraif nó pacáiste sin.

2.   Maidir leis an muirear miondíola (gan CBL san áireamh) d'Eoratharaif a fhéadfaidh soláthraí baile a ghearradh ar a chustaiméir fánaíochta chun glao fánaíochta rialáilte a chur ar fáil, féadfaidh sé athrú i gcás aon ghlao fánaíochta ach ní rachaidh sé thar EUR 0,49 in aghaidh an nóiméid d'aon ghlao a dhéanfar ná thar EUR 0,24 in aghaidh an nóiméid d'aon ghlao a gheofar. Laghdóidh an buaicphraghas do ghlaonna a dhéanfar go dtí EUR 0,46 agus EUR 0,43 agus go dtí EUR 0,22 agus EUR 0,19 do ghlaonna a gheofar an 30 Lúnasa 2008 agus an 30 Lúnasa 2009 faoi seach.

3.   Déanfar taraif, mar a leagtar amach i mír 2, a thairiscint do gach custaiméir fánaíochta.

Faoin 30 Iúil 2007 tabharfar an deis do gach custaiméir fánaíochta atá ann cheana an Eoratharaif nó aon taraif fánaíochta eile a roghnú d'aonghnó, agus tabharfar tréimhse dhá mhí dóibh chun a rogha a chur in iúl dá soláthraí baile. Déanfar an taraif a iarrfar a chur i ngníomh tráth nach déanaí ná aon mhí amháin, ar a dhéanaí, tar éis don soláthraí baile iarratas an chustaiméara a fháil.

Déanfar go huathoibríoch an Eoratharaif mar a leagtar amach i mír 2 a chur ar fáil do chustaiméirí fánaíochta nach mbeidh a rogha curtha in iúl acu laistigh den tréimhse dhá mhí sin.

Maidir le custaiméirí fánaíochta a raibh rogha déanta d'aonghnó acu roimh 30 Meitheamh 2007 do tharaif shonrach fánaíochta nó do phacáiste sonrach fánaíochta, seachas an taraif fánaíochta a dtabharfaí dóibh gan rogha den sórt a bheith déanta acu, agus a mhainnigh rogha a chur in iúl mar a leagtar amach sa mhír seo, leanfaidh siad, áfach, leis an taraif nó leis an bpacáiste a bhí roghnaithe acu cheana.

4.   Tráth ar bith tar éis don phróiseas a leagtar amach i mír 3 a bheith tagtha chun críche, féadfaidh aon chustaiméir fánaíochta a iarraidh go n-athrófaí go dtí Eoratharaif nó ó Eoratharaif é. Caithfear aon athrú a dhéanamh laistigh d'aon lá oibre amháin tar éis don iarratas a bheith faighte agus saor in aisce agus ní bheidh coinníollacha ná srianta maidir le heilimintí eile an tsíntiúis i gceist leis an athrú sin. Féadfaidh soláthraí baile moill a chur ar athrú den sórt sin go dtí go mbeidh an taraif fánaíochta a bhí ann roimhe i bhfeidhm ar feadh íostréimhse sonraithe nach rachaidh thar thrí mhí.

Airteagal 5

Feidhmiú Airteagal 3 agus Airteagal 6

1.   Beidh feidhm ag Airteagal 3 ón 30 Lúnasa 2007.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 6(1) agus (2) ón 30 Meán Fómhair 2007.

Airteagal 6

Trédhearcacht na muirear miondíola

1.   Chun foláireamh a thabhairt do chustaiméir fánaíochta go mbeidh muirir fánaíochta á ngearradh air nuair a bheidh glao á dhéanamh nó á fháil aige, ach amháin i gcás go mbeidh fógra tugtha ag an gcustaiméir dá sholáthraí baile nach mbeidh an tseirbhís sin ag teastáil uaidh, déanfaidh gach soláthraí baile faisnéis ar phraghsáil bhunúsach phearsanaithe maidir leis na muirir fánaíochta (CBL san áireamh) a mbeidh feidhm acu maidir le déanamh agus fáil glaonna ag an gcustaiméir sin sa Bhallstát a bhfuil cuairt á tabhairt air a thabhairt don chustaiméir go huathoibríoch, gan aon mhoill mhíchuí agus saor in aisce, trí Sheirbhís Teachtaireachta nuair a rachaidh sé isteach i mBallstát seachas Ballstát a líonra baile.

Cuimseoidh an fhaisnéis ar phraghsáil bhunúsach phearsanaithe sin na muirir uasta a d'fhéadfadh a bheith ar an gcustaiméir faoina scéim taraife chun glaonna a dhéanamh laistigh den tír a bhfuil cuairt á tabhairt uirthi agus chun glaonna a dhéanamh ar ais chuig Ballstát a líonra baile, chomh maith leis na praghsanna uasta do ghlaonna a gheofar. Beidh an uimhir shaor in aisce dá dtagraítear i mír 2 le haghaidh faisnéis níos mionsonraithe a fháil ann freisin.

Beidh de cheart ag custaiméir a mbeidh fógra tugtha aige nach mbeidh an tSeirbhís Teachtaireachta uathoibríoch ag teastáil uaidh a iarraidh, tráth ar bith agus saor in aisce, ar an soláthraí baile an tseirbhís sin a sholáthar arís.

Déanfaidh soláthraithe baile an fhaisnéis ar phraghsáil bhunúsach phearsanaithe sin a chur ar fáil go huathoibríoch trí ghuthghlao, saor in aisce, do chustaiméirí atá dall nó ar mhí-chumas radhairc, má iarrann siad sin.

2.   De bhreis ar mhír 1, maidir le faisnéis ar phraghsáil phearsanaithe níos mionsonraithe ar na muirir fánaíochta a mbeidh feidhm acu maidir le guthghlaonna, SMS, MMS agus seirbhísí cumarsáide sonraí eile, beidh de cheart ag custaiméirí í a iarraidh agus a fháil, saor in aisce, trí ghuthghlao teileafón soghluaiste nó trí SMS. Déanfar iarraidh den sórt sin chuig uimhir shaor in aisce a cheapfaidh an soláthraí baile chun na críche sin.

3.   Tabharfaidh na soláthraithe baile lánfhaisnéis do na húsáideoirí go léir faoi na muirir fánaíochta a bheidh i bhfeidhm, go háirithe faoin Eoratharaif, an tráth a mbeidh síntiúis á socrú. Déanfaidh siad eolas cothrom le dáta ar na muirir fánaíochta a bheidh i bhfeidhm a thabhairt dá gcustaiméirí fánaíochta gan aon mhoill mhíchuí gach uair a mbeidh athrú sna muirir sin.

Déanfaidh na soláthraithe baile na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh a gcuid custaiméirí fánaíochta go léir ar an eolas faoin Eoratharaif a bheith ar fáil. Cuirfidh siad, go háirithe, na coinníollacha a bhaineann leis an Eoratharaif in iúl ar shlí shoiléir, neamhchlaon do na custaiméirí fánaíochta go léir faoin 30 Iúil 2007. Seolfaidh siad meabhrúchán ag eatraimh réasúnta ina dhiaidh sin chuig na custaiméirí go léir a mbeidh taraif eile roghnaithe acu.

Airteagal 7

Maoirseacht agus forghníomhú

1.   Déanfaidh na húdaráis rialaitheacha náisiúnta monatóireacht agus maoirseacht ar chomhlíonadh an Rialacháin seo laistigh dá gcríoch.

2.   Cuirfidh na húdaráis rialaitheacha náisiúnta faisnéis chothrom le dáta ar fheidhmiú an Rialacháin seo, go háirithe Airteagal 3 agus Airteagal 4, ar fáil go poiblí ar shlí a chuirfidh ar chumas na bpáirtithe leasmhara rochtain éasca a bheith acu uirthi.

3.   Déanfaidh na húdaráis rialaitheacha náisiúnta, agus iad ag ullmhú don athbhreithniú dá bhforáiltear in Airteagal 11, monatóireacht ar fhorbairtí i muirir mhórdhíola agus i muirir mhiondíola ar sholáthar seirbhísí guthchumarsáide agus cumarsáide sonraí, lena n-áirítear SMS agus MMS, do chustaiméirí fánaíochta, agus na réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 299(2) den Chonradh san áireamh. Beidh na húdaráis rialaitheacha náisiúnta san airdeall freisin ar chás ar leith na fánaíochta éadoilteanaí sna réigiúin teorann de chuid Ballstát comharsanach agus déanfaidh siad monatóireacht cibé an mbeidh teicnící stiúrtha tráchta in úsáid a bheidh míbhuntáisteach do chustaiméirí. Cuirfidh siad torthaí na monatóireachta sin in iúl don Choimisiún, lena n-áirítear faisnéis ar leithligh ar chustaiméirí corparáideacha, custaiméirí iar-íoctha agus custaiméirí réamhíoctha, gach sé mhí.

4.   Beidh de chumhacht ag na húdaráis rialaitheacha náisiúnta a éileamh ar ghnóthais a bheidh faoi réir oibleagáidí faoin Rialachán seo an fhaisnéis go léir is ábhartha d'fheidhmiú agus d'fhorghníomhú an Rialacháin seo a sholáthar. Cuirfidh na gnóthais sin an fhaisnéis sin ar fáil go pras arna iarraidh sin orthu agus laistigh de na scálaí ama agus de réir an leibhéil mhionsonraí a éileoidh an t-údarás rialaitheach náisiúnta.

5.   Féadfaidh na húdaráis rialaitheacha náisiúnta idirghabháil a dhéanamh dá dtionscnamh féin chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Go háirithe, bainfidh siad úsáid, i gcás inar gá, as na cumhachtaí faoi Airteagal 5 de Threoir na Rochtana chun rochtain agus idirnascadh leordhóthanach a chinntiú chun lúdracht ceann go ceann agus idir-inoibritheacht na seirbhísí fánaíochta a ráthú.

6.   I gcás inar léir d'údarás rialaitheach náisiúnta gur tharla sárú ar na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo, beidh de chumhacht aige a éileamh go gcuirfí stop láithreach leis an sárú sin.

Airteagal 8

Réiteach díospóide

1.   I gcás díospóide a bhaineann leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo idir ghnóthais a bheidh ag soláthar líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí i mBallstát, beidh feidhm ag na nósanna imeachta um réiteach díospóide a leagtar síos in Airteagal 20 agus Airteagal 21 de Threoir an Chreata.

2.   I gcás díospóide neamhréitithe ina mbíonn tomhaltóir nó críoch-úsáideoir i gceist agus a bhaineann le ceist a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh fáil ar na nósanna imeachta um réiteach díospóide lasmuigh de chúirt a leagtar síos in Airteagal 34 den Treoir um Sheirbhís Uilíoch.

Airteagal 9

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis a bheidh infheidhme ar sháruithe ar an Rialachán seo, agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Caithfidh na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra maidir leis na forálacha sin don Choimisiún tráth nach déanaí ná 30 Márta 2008, agus tabharfaidh siad fógra dó gan aon mhoill maidir le haon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfadh difear do na forálacha sin.

Airteagal 10

Leasú ar Threoir 2002/21/CE (Treoir an Chreata)

Cuirfear an mír seo a leanas le hAirteagal 1 de Threoir 2002/21/CE (Treoir an Chreata):

‘5.   Beidh an Treoir seo agus na Treoracha Sainiúla gan dochar d'aon bheart sainiúil arna ghlacadh i dtaca le rialáil fánaíochta idirnáisiúnta ar líonraí poiblí teileafón soghluaiste sa Chomhphobal.’.

Airteagal 11

Athbhreithniú

1.   Athbhreithneoidh an Coimisiún feidhmiú an Rialacháin seo agus cuirfidh sé tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle tráth nach déanaí ná 30 Nollaig 2008. Déanfaidh an Coimisiún a mheas, go háirithe, cibé an mbeidh cuspóirí an Rialacháin seo bainte amach. Ina thuarascáil, athbhreithneoidh an Coimisiún forbairtí i dtáillí mórdhíola agus i dtáillí miondíola i gcomhair soláthair seirbhísí guthchumarsáide agus cumarsáide sonraí, lena n-áirítear SMS agus MMS, do chustaiméirí fánaíochta, agus más cuí, cuirfidh sé isteach moltaí maidir leis an ngá a bheidh leis na seirbhísí sin a rialáil. Chun na críche sin, féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as an bhfaisnéis a soláthrófar de bhun Airteagal 7(3).

2.   Ina thuarascáil, measúnóidh an Coimisiún, i bhfianaise forbairtí sa mhargadh agus ag féachaint don iomaíochas agus do chosaint tomhaltóirí, cibé an mbeidh gá le ré an Rialacháin seo a shíneadh thar an tréimhse a leagtar síos in Airteagal 13, nó é a leasú, ag cur na bhforbairtí i dtáillí seirbhísí guthchumarsáide agus cumarsáide sonraí teileafón soghluaiste ar leibhéal náisiúnta san áireamh, mar aon le héifeachtaí an Rialacháin seo ar staid iomaíoch mionoibreoirí, oibreoirí neamhspleácha nó oibreoirí nuathosaithe. Má shuíonn an Coimisiún go bhfuil riachtanas den sórt sin ann, cuirfidh sé togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Airteagal 12

Ceanglais fógartha

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún tráth nach déanaí ná 30 Lúnasa 2007 ag tabhairt le fios cad iad na húdaráis rialaitheacha náisiúnta a bheidh freagrach as tascanna a dhéanamh faoin Rialachán seo.

Airteagal 13

Teacht i bhfeidhm agus dul in éag

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Rachaidh sé in éag an 30 Meitheamh 2010.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Meitheamh 2007

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. MERKEL


(1)  IO C 324, 30.12.2006, lch. 42.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Bealtaine 2007 (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 25 Meitheamh 2007.

(3)  IO L 108, 24.4.2002, lch. 7.

(4)  IO L 108, 24.4.2002, lch. 21.

(5)  IO L 108, 24.4.2002, lch. 33.

(6)  IO L 108, 24.4.2002, lch. 51.

(7)  IO L 201, 31.7.2002, lch. 37. Treoir arna leasú le Treoir 2006/24/CE (IO L 105, 13.4.2006, lch. 54).

(8)  IO L 114, 8.5.2003, lch. 45.

(9)  IO C 165, 11.7.2002, lch. 6.

(10)  IO C 285 E, 22.11.2006, lch. 143.