9.6.2007   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (CE) Uimh. 614/2007 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Bealtaine 2007

maidir leis an Ionstraim Airgeadais don Chomhshaol (LIFE+)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 175(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (3), i bhfianaise an téacs chomhpháirtigh a d'fhormheas an Coiste Idir-réitigh an 8 Bealtaine 2007,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá cosaint an chomhshaoil ar cheann de dhiminsiúin ríthábhachtacha fhorbairt inbhuanaithe an Aontais Eorpaigh. Is tosaíocht í don chómhaoiniú Comhphobail agus ba chóir í a chistiú go príomha trí ionstraimí airgeadais cothrománacha an Chomhphobail, lena n-áirítear Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, an Clár Réime Iomaíochta agus Nuála, an Ciste Eorpach Iascaigh agus an Seachtú Clár Réime Taighde um thaighde, um fhorbairt theicniúil agus um ghníomhaíochtaí taisealbhaidh.

(2)

Ní chlúdaíonn na hionstraimí airgeadais Comhphobail sin na tosaíochtaí comhshaoil go léir. Dá bhrí sin tá gá le hIonstraim Airgeadais don Chomhshaol (LIFE+) d'fhonn tacaíocht shonrach a chur ar fáil chun beartas comhshaoil agus reachtaíocht chomhshaoil an Chomhphobail a fhorbairt agus a chur chun feidhme, go háirithe cuspóirí an Séú Clár Comhphobail Gníomhaíochta Comhshaoil (6ú CGC) a leagadh síos le Cinneadh Uimh. 1600/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Iúil 2002 (4).

(3)

Ba chóir tacaíocht a chur ar fáil trí chomhaontuithe deontais agus trí chonarthaí soláthair phoiblí i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (5).

(4)

Ba cheart do thionscadail a mhaoinítear faoi LIFE+ critéir incháilitheachta a chomhlíonadh chun a chinntiú go mbainfí an úsáid is fearr is féidir as cistí Comhphobail, le breisluach Eorpach a áirithiú agus le maoiniú gníomhaíochtaí athfhillteacha, amhail oibríochtaí ó lá go lá, a sheachaint. Níor cheart go gcoiscfeadh sin maoiniú a dhéanamh ar thionscadail nuálaíocha nó ar thionscadail taispeántais.

(5)

I réimse an dúlra agus na bithéagsúlachta, cuireann cur chun feidhme bheartas agus reachtaíocht an Chomhphobail creat ar fáil do bhreisluach Eorpach. Tionscadail dea-chleachtais nó tionscadail taispeántais, lena n-áirítear na cinn a bhaineann le bainistiú agus ainmniú láithreáin Natura 2000 i gcomhréir le Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (6) agus i gcomhréir le Treoir 79/409/CEE ón gComhairle an 2 Aibreán 1979 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (7), ba chóir go mbeadh siad incháilithe do mhaoiniú Comhphobail faoi LIFE+, ach amháin i gcás ina mbeidh siad incháilithe do mhaoiniú faoi ionstraimí airgeadais Comhphobail eile.

(6)

Ba cheart socruithe a bhunú le maoiniú sásúil a áirithiú do líonra Natura 2000, cómhaoiniú Comhphobail san áireamh. Ó tharla gurb é cuspóir an Rialacháin seo tionscadail dea-chleachtais nó tionscadail taispeántais amháin a bhaineann le bainistíú láithreáin Natura 2000 a mhaoiniú, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear cistí leordhóthanacha ar fáil trí ionstraimí eile do bhainisitiú an líonra, ar measadh thart ar EUR 6 100 milliún a chostas bliantúil in 2004.

(7)

Tionscadail nuálaíocha nó tionscadail taispeántais a bhaineann le cuspóirí comhshaoil Comhphobail, lena n-áirítear forbairt nó leathadh teicníochtaí dea-chleachtais, fios gnó nó teicneolaíochtaí, chomh maith le tionscadail a bhaineann le feachtais mhúscailte feasachta nó le hoiliúint speisialta do ghníomhairí atá páirteach i dtionsnaimh idirghabhála chun dóiteáin foraoise a chosc, ba chóir go mbeadh siad incháilithe do mhaoiniú Comhphobail faoi LIFE+, ach amháin i gcás ina mbeidh siad incháilithe do mhaoiniú faoi ionstraimí airgeadais Comhphobail eile.

(8)

Tionscadail chun cuspóirí comhshaoil Comhphobail a fhorbairt agus a chur chun feidhme a bhaineann le monatóireacht leathan, chomhchuibhithe, chuimsitheach, fhadtéarmach ar fhoraoisí agus ar idirghníomhaíochtaí comhshaoil, ba chóir go mbeadh siad incháilithe do mhaoiniú Comhphobail faoi LIFE+, ach amháin i gcás ina mbeidh siad incháilithe do mhaoiniú faoi ionstraimí airgeadais Comhphobail eile.

(9)

Ní féidir an dúshlán a thugann forbairt agus cur chun feidhme éifeachtúil beartas faoin 6ú CGC a shárú ach trí thacú le tionscadail dea-chleachtais nó le tionscadail taispeántais chun beartas comhshaoil Comhphobail a fhorbairt nó a chur chun feidhme; cur chuige beartais, teicneolaíochtaí, modhanna agus ionstraimí nuálaíocha a thaispeáint; an bonn eolais a chomhdhlúthú; cumas cur chun feidhme a neartú; dea-rialú a chothú, agus líonrú, foghlaim fhrithpháirteach agus malartú dea-chleachtais a chur chun cinn; agus leathadh faisnéise, múscailt feasachta agus cumarsáid a fheabhsú. Dá bhrí sin, ba chóir go rannchuideodh tacaíocht airgeadais faoin Rialachán seo le forbairt agus le cur chun feidhme beartais chomhshaoil agus reachtaíochta comhshaoil, leis an monatóireacht agus leis an meastóireacht orthu, chomh maith lena bpáirtiú agus lena leathadh ar fud an Chomhphobail.

(10)

Ba chóir go mbeadh trí chomhchuid in LIFE+: LIFE+ Dúlra agus Bithéagsúlacht, LIFE+ Beartas agus Rialú Comhshaoil, agus LIFE+ Faisnéis agus Cumarsáid. Ba chóir go bhféadfadh tionscadail a mhaoinítear le LIFE+ rannchuidiú le cuspóirí sonracha ceann amháin nó níos mó de na trí chomhchuid sin a bhaint amach, ba cheart go bhféadfadh níos mó ná Ballstát amháin a bheith rannpháirteach iontu, agus ba cheart go bhféadfaidís rannchuidiú le forbairt cur chuige straitéiseach chun cuspóirí comhshaoil a bhaint amach.

(11)

D'fhonn a ról a fheidhmiú i dtionscnamh fhorbairt agus chur chun feidhme beartais chomhshaoil, ba chóir go n-úsáidfeadh an Coimisiún acmhainní as LIFE+ chun staidéir agus meastóireachtaí a chur i gcrích, chun seirbhísí a ghabháil ar láimh d'fhonn beartas comhshaoil agus reachtaíocht chomhshaoil a chur chun feidhme agus a lánpháirtiú, chun cruinnithe, seimineáir agus ceardlanna a chomóradh le saineolaithe agus le geallsealbhóirí, chun líonraí a fhorbairt agus a choimeád ar bun agus chun ríomhchórais a fhorbairt agus a choimeád ar bun. Ina theannta sin, ba chóir go n-úsáidfeadh an Coimisiún cuid de bhuiséad LIFE+ chun gníomhaíochtaí faisnéise, foilsithe agus leata a ghabháil ar láimh, lena n-áirítear imeachtaí, taispeántais agus bearta múscailte feasachta dá samhail, chun costais ullmhúcháin agus táirgthe ábhar closamhairc a chumhdach, agus chun cúnamh teicniúil agus/nó riaracháin a fháil i ndáil le cláir agus tionscadail a shainaithint, a ullmhú agus a bhainistiú agus monatóireacht, iniúchóireacht agus maoirseacht a dhéanamh orthu.

(12)

Rannchuidíonn eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) le beartas comhshaoil agus reachtaíocht chomhshaoil an Chomhphobail a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Is iomchuí dá bhrí sin go dtacódh buiséad LIFE+ le hoibríochtaí líon ENRanna comhshaoil a bhfuil na cáilíochtaí iomchuí acu trí dheontais oibriúcháin bhliantúla a dhámhachtain ar bhonn iomaíoch trédhearcach. Níorbh fholáir do na ENRanna sin a bheith neamhspleách agus neamhbhrabúsmhar agus a bheith i mbun gníomhaíochtaí i dtrí thír Eorpach ar a laghad, astu féin nó i bhfoirm comhlachais.

(13)

Tá an taithí ar ionstraimí atá ann agus a bhí ann tar éis aird a dhíriú ar a riachtanaí atá sé pleanáil agus clárú a dhéanamh ar bhonn ilbhliantúil agus comhchruinniú a dhéanamh ar na hiarrachtaí chun cosaint an chomhshaoil a chur chun cinn trí na réimsí gníomhaíochta a fhéadfaidh tairbhiú de chómhaoiniú Comhphobail a chur in ord tosaíochta agus a chruinnaimsiú.

(14)

Ba chóir go mbeadh na Ballstáit in ann tosaíochtaí náisiúnta bliantúla a chur faoi bhráid nach ionann agus na pleananna ná na cláir sin a ullmhaítear do líon earnálacha agus a leagann síos creat le haghaidh toiliú don fhorbairt sa todhchaí, agus nach ionann ach oiread agus na pleananna ná na cláir sin ar cinneadh go mbeadh measúnú riachtanach dóibh de bhun Threoir 92/43/CEE, agus ní cóir a mheas gur pleananna ná cláir iad na tosaíochtaí sin atá faoi réir Threoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú (8).

(15)

Ba chóir ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil a lánpháirtiú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí eile an Chomhphobail, lena n-áirítear ionstraim airgeadais. Dá bhrí sin, ba chóir go mbeadh LIFE+ ina chomhlánú ar ionstraimí airgeadais Comhphobail eile agus go n-áiritheodh an Coimisiún agus na Ballstáit an chomhlántacht sin ar leibhéal an Chomhphobail, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil.

(16)

I gcomhréir le conclúidí na Comhairle Eorpaí i Lucsamburg (Nollaig 1997) agus na Comhairle Eorpaí in Thessaloniki (Meitheamh 2003), ba chóir go mbeadh na tíortha is iarrthóirí agus tíortha na mBalcán Thiar atá sa Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais incháilithe chun a bheith rannpháirteach i gcláir Chomhphobail, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos leis na comhaontuithe déthaobhacha ábhartha arna gcur i gcrích leis na tíortha sin.

(17)

Is gá líon ionstraimí comhshaoil atá ann a chomhchruinniú agus an clárúchán agus an bhainistíocht a shimpliú trí aon ionstraim airgeadais shruthlíneach amháin a chruthú don chomhshaol.

(18)

Is gá trasdul réidh a áirithiú freisin agus leanúint de mhonatóireacht, d'iniúchóireacht agus de mheastóireacht cháilíochtúil a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a maoiníodh faoi na cláir reatha tar éis dóibh dul in éag.

(19)

Leagtar síos leis an Rialachán seo, ar feadh ré iomlán an chláir, imchlúdach airgeadais arb é an phríomhthagairt don údarás buiséadachta le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil é, de réir bhrí phointe 37 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 17 Bealtaine 2006 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach agus le bainistíocht fhónta airgeadais (9).

(20)

Is é cuspóir ginearálta LIFE+ rannchuidiú le cur chun feidhme beartas comhshaoil agus reachtaíocht chomhshaoil an Chomhphobail, lena thabhairt cothrom le dáta agus lena fhorbairt agus go háirithe tacú le cur chun feidhme an 6ú CGC. Ag comhoibriú dóibh trí ionstraimí Comhphobail chun an soláthar a fheabhsú ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal áitiúil, chun spriocanna Comhphobail a bhaint amach nó chun a fhoráil go ndéanfar malartú faisnéise ar fud an Chomhphobail, féadfaidh na Ballstáit breisluach Eorpach a bhaint amach. Ós rud é nach féidir cuspóir sin LIFE+ a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóir a bhaint amach.

(21)

Ba chóir na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ina leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (10).

(22)

Ba cheart, go háirithe, cumhacht a bhronnadh ar an gCoimisiún le bearta a chur le hIarscríbhinn I agus le leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn II den Rialachán seo. Ó tharla go mbaineann raon feidhme ginearálta leis na bearta sin agus gur ceapadh iad le heilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, nó lena fhorlíonadh trí eilimintí nua a chur leis, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Críoch

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo ionstraim airgeadais don chomhshaol (‘LIFE+’).

2.   Is é cuspóir ginearálta LIFE+ rannchuidiú le beartas comhshaoil agus reachtaíocht chomhshaoil an Chomhphobail a chur chun feidhme, a thabhairt cothrom le dáta agus a fhorbairt, lena n-áirítear an comhshaol a lánpháirtiú i mbeartais eile sa dóigh go rannchuideofar leis an bhforbairt inbhuanaithe. Tacóidh LIFE+ go háirithe le cur chun feidhme an 6ú CGC, lena n-áirítear na straitéisí téamúla, agus déanfaidh sé bearta agus tionscadail a ngabhann breisluach Eorpach leo a mhaoiniú sna Ballstáit.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

1)

ciallaíonn ‘6ú CGC’ an Séú Clár Comhphobail Gníomhaíochta Comhshaoil (6ú CGC) a leagtar síos le Cinneadh Uimh. 1600/2002/CE;

2)

ciallaíonn ‘Rialachán Airgeadais’ Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002.

Airteagal 3

Critéir incháilitheachta

1.   Sásóidh tionscadail a mhaoiníonn LIFE+ na critéir seo a leanas:

(a)

is ar leas an Chomhphobail a bheidh siad trí rannchuidiú suntasach a dhéanamh chun cuspóir ginearálta LIFE+ a leagtar amach in Airteagal 1(2) a bhaint amach;

(b)

beidh siad comhtháite agus indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus an airgeadais de agus tabharfaidh siad luach ar airgead.

I gcás inar féidir, cuirfidh tionscadail arna maoiniú faoi LIFE+ sineirgíochtaí chun cinn idir na tosaíochtaí éagsúla faoin 6ú CGC, agus taobhóidh siad leis an lánpháirtiú.

2.   Ina theannta sin, chun breisluach Eorpach a áirithiú agus chun nach maoineofar gníomhaíochtaí athfhillteacha, sásóidh tionscadail ceann amháin, ar a laghad, de na critéir seo a leanas:

(a)

tionscadail dea-chleachtais nó tionscadail taispeántais a bheidh iontu, chun Treoir 79/409/CEE nó Treoir 92/43/CEE a chur chun feidhme;

(b)

tionscadail nuálaíocha nó tionscadail taispeántais a bheidh iontu, a bhaineann le cuspóirí comhshaoil Comhphobail, lena n-áirítear forbairt nó leathadh teicnící dea-chleachtais, fios gnó nó teicneolaíochtaí;

(c)

feachtais mhúscailte feasachta a bheidh iontu agus oiliúint speisialta do ghníomhairí atá páirteach i ngníomhartha chun dóiteáin foraoise a chosc;

(d)

tionscadail a bheidh iontu d'fhorbairt agus do chur chun feidhme cuspóirí Comhphobail a bhaineann le monatóireacht leathan, chomhchuibhithe, chuimsitheach, fhadtéarmach ar fhoraoisí agus ar idirghníomhaíochtaí comhshaoil.

Airteagal 4

Cuspóirí sonracha

1.   Trí chomhchuid a bheidh in LIFE+:

LIFE+ Dúlra agus Bithéagsúlacht,

LIFE+ Beartas agus Rialú Comhshaoil,

LIFE+ Faisnéis agus Cumarsáid.

2.   Is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha a bheidh ag LIFE+ Dúlra agus Bithéagsúlacht:

(a)

rannchuidiú le cur chun feidhme bheartas agus reachtaíocht an Chomhphobail maidir leis an dúlra agus leis an mbithéagsúlacht, go háirithe Treoir 79/409/CEE agus Treoir 92/43/CEE, ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach freisin, agus tacú le líonra Natura 2000 a fhorbairt a thuilleadh agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear gnáthóga agus speicis chósta agus mhuirí;

(b)

rannchuidiú le comhdhlúthú an bhoinn eolais ar mhaithe le beartas agus reachtaíocht an Chomhphobail maidir le forbairt an dúlra agus na bithéagsúlachta agus maidir le measúnú, monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh orthu;

(c)

tacú le cur chuige beartais agus ionstraimí a dhearadh agus a chur chun feidhme chun monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar an dúlra agus ar an mbithéagsúlacht agus ar na tosca, ar an mbrú agus ar an bhfreagairt a mbeidh tionchar acu orthu, go háirithe i ndáil le gnóthú na sprice stop a chur le cailliúint bithéagsúlachta sa Chomhphobal faoi 2010 agus leis an mbagairt ón athrú aeráide ar an dúlra agus ar an mbithéagsúlacht;

(d)

tacaíocht a thabhairt do rialú feabhsaithe comhshaoil trí chur le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí, lena n-áirítear ENRanna, sna comhairliúcháin maidir le beartas agus reachtaíocht a bhaineann leis an dúlra agus leis an mbithéagsúlacht agus i gcur chun feidhme na mbeartas agus na reachtaíochta sin.

3.   I ndáil le cuspóirí an 6ú CGC, lena n-áirítear réimsí tosaíochta an athraithe aeráide, an chomhshaoil, na sláinte agus an mhianaigh saoil, agus na n-acmhainní nádúrtha agus na dramhaíola, is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha a bheidh ag LIFE+ Beartas agus Rialú Comhshaoil:

(a)

rannchuidiú le forbairt agus taispeáint cur chuige nuálaíoch beartais, teicneolaíochtaí, modhanna agus ionstraimí;

(b)

rannchuidiú le comhdhlúthú an bhoinn eolais maidir le beartas comhshaoil agus reachtaíocht chomhshaoil a fhorbairt agus a mheasúnú agus maidir le monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh orthu;

(c)

tacú le dearadh agus cur chun feidhme cur chuige maidir le monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar staid an chomhshaoil agus na tosca, an brú agus an fhreagairt a mbeidh tionchar acu air;

(d)

cur chun feidhme bheartas comhshaoil an Chomhphobail a éascú, agus aird faoi leith ar an gcur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach;

(e)

tacaíocht a thabhairt do rialú feabhsaithe comhshaoil trí chur le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí, lena n-áirítear ENRanna, sa chomhairliúchán maidir le beartas agus i gcur chun feidhme beartais.

4.   Is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha a bheidh ag LIFE+ Faisnéis agus Cumarsáid:

(a)

faisnéis a scaipeadh agus feasacht a spreagadh maidir le ceisteanna comhshaoil, lena n-áirítear dóiteáin foraoise a chosc;

(b)

tacaíocht a sholáthar do bhearta tionlacain, amhail faisnéis, gníomhaíochtaí cumarsáide agus feachtais chumarsáide, comhdhálacha agus oiliúint, lena n-áirítear oiliúint ar dhóiteáin foraoise a chosc.

5.   Tá an liosta de bhearta incháilithe in Iarscríbhinn I.

Airteagal 5

Cineálacha idirghabhála

1.   Féadfaidh na foirmeacha dlíthiúla seo a leanas a bheith ar mhaoiniú Comhphobail:

(a)

comhaontuithe deontais;

(b)

conarthaí soláthair phoiblí.

2.   Féadfar deontais Chomhphobail a sholáthar i bhfoirmeacha sonracha, amhail comhaontuithe comhpháirtíochta réime, rannpháirtíocht i meicníochtaí airgeadais agus i gcistí, nó cómhaoiniú deontas oibriúcháin nó gníomhaíochta. Ní bheidh deontais oibriúcháin do chomhlachtaí a mbeidh cuspóirí leasa ghinearálta Eorpaigh á saothrú acu faoi réir fhorálacha céimlaghdaitheachta an Rialacháin Airgeadais.

3.   Maidir le deontais ghníomhaíochta, 50 % de na costais incháilithe an ráta uasta cómhaoinithe a bheidh i gceist. Ach, mar eisceacht, is é an ráta uasta cómhaoinithe a bheidh ann do LIFE+ Dúlra agus Bithéagsúlacht, suas le 75 % de na costais incháilithe i gcás tionscadal a bhaineann le gnáthóga tosaíochta nó le speicis thosaíochta do chur i bhfeidhm Threoir 92/43/CEE nó leis na speicis éan a measann an coiste a bunaíodh de bhun Airteagal 16 de Threoir 79/409/CEE tosaíocht i dtaca le maoiniú a bheith ag baint leo nuair is gá sin chun an cuspóir caomhnaithe a bhaint amach.

4.   I gcás conarthaí soláthair phoiblí, féadfaidh cistí Comhphobail costais seirbhísí agus earraí a cheannach a chlúdach. Féadfaidh na costais seo caiteachas a chlúdach ar fhaisnéis agus ar chumarsáid, ar ullmhú, ar chur chun feidhme, ar mhonatóireacht, ar sheiceáil agus ar mheastóireacht ar thionscadail, ar bheartais, ar chláir agus ar reachtaíocht.

5.   Ní fhéadfar costais tuarastail státseirbhíseach a mhaoiniú ach a mhéid a bhaineann siad le costas gníomhaíochtaí cur chun feidhme tionscadal nach mbeadh déanta ag an údarás poiblí ábhartha mura dtabharfaí faoin tionscadal lena mbaineann. Ní foláir don fhoireann a bheidh i gceist a bheith ar iasacht go sonrach ag tionscadal agus ní foláir gur costas breise, i dtaca leis an bhfoireann bhuan atá ann, an costas a bhainfidh leo.

6.   Déanfaidh an Coimisiún an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

Airteagal 6

Clárú agus roghnú tionscadail

1.   Caithfear 78 %, ar a laghad, d'acmhainní buiséadacha LIFE+ ar dheontais ghníomhaíochta do thionscadail.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún go roinnfear tionscadail go comhréireach trí chionrannta náisiúnta bliantúla táscacha a bhunú do na tréimhsí 2007-2010 agus 2011-2013, bunaithe ar na critéir seo a leanas:

(a)

daonra:

(i)

daonra iomlán gach Ballstáit. Cuirfear ualú 50 % i bhfeidhm maidir leis an gcritéar seo;

agus

(ii)

dlús daonra gach Ballstáit, faoi réir teorann dhá uair mheándhlús daonra an AE. Cuirfear ualú 5 % i bhfeidhm maidir leis an gcritéar seo;

(b)

dúlra agus bithéagsúlacht:

(i)

líon iomlán na láithreán a bhfuil tábhacht Chomhphobail acu do gach Ballstát, arna shonrú mar chionmhaireacht d'achar iomlán na láithreán a bhfuil tábhacht Chomhphobail acu. Cuirfear ualú 25 % i bhfeidhm maidir leis an gcritéar seo;

agus

(ii)

an chionmhaireacht de chríoch Bhallstáit a chlúdaíonn láithreáin a bhfuil tábhacht Chomhphobail acu i ndáil leis an gcionmhaireacht de chríoch an Chomhphobail a chlúdaíonn láithreán a bhfuil tábhacht Chomhphobail acu. Cuirfear ualú 20 % i bhfeidhm maidir leis an gcritéar seo.

A luaithe a bheidh sonraí ábhartha ar fáil do na Ballstáit uile, déanfaidh an Coimisiún na ríomhanna don dúlra agus don bhithéagsúlacht ar bhonn na láithreán a bhfuil tábhacht Chomhphobail acu agus na limistéar speisialta cosanta araon, agus an t-áireamh dúbailte á sheachaint.

Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún cionroinntí breise a thabhairt do Bhallstáit thalamhiata. Ní rachaidh méid iomlán na gcionrannta sin thar 3 % de na hacmhainní buiséadacha iomlána a thiomnaítear do dheontais ghníomhaíochta do thionscadail.

Áiritheoidh an Coimisiún, áfach, nach lú cionroinnt aon Bhallstáit ná cionroinnt íosta iomchuí de idir EUR 1 mhilliún agus EUR 3 mhilliún in aghaidh na bliana, ag cur an dlúis daonra, an chaiteachais chomhshaoil, an riachtanais chomhshaoil agus an chumais ionsú san áireamh.

3.   Sonraítear sa chlár straitéiseach ilbhliantúil atá leagtha amach in Iarscríbhinn II na réimsí tosaíochta gníomhaíochta do mhaoiniú Comhphobail maidir leis na cuspóirí agus leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 1, in Airteagal 3 agus in Airteagal 4.

Féadfaidh na Ballstáit, i gcás na coda den bhuiséad a úsáidfear do dheontais ghníomhaíochta do thionscadail, tosaíochtaí bliantúla náisiúnta a roghnaíodh as Iarscríbhinn II a chur isteach chuig an gCoimisiún, tosaíochtaí, mar is iomchuí, a mbaineann na tréithe seo a leanas leo:

(a)

réimsí tosaíochta agus cineálacha tionscadal a aithint, ag cur na riachtanas fadtéarmach aitheanta san áireamh;

agus

(b)

cuspóirí náisiúnta sonracha a leagan amach.

Má chinneann Ballstát tosaíochtaí náisiúnta bliantúla a chur faoi bhráid an Choimisiúin, féadfaidh sé tosaíochtaí trasnáisiúnta a áireamh iontu.

4.   Má chinneann Ballstát tosaíochtaí náisiúnta bliantúla a chur faoi bhráid an Choimisiúin, déanfaidh sé amhlaidh an túisce is féidir, agus ag tráth nach déanaí ná an dáta a shonraítear i gcomhréir le hAirteagal 14(2)(a). Ní chuirfear aon tosaíochtaí den sórt sin isteach maidir leis an ngairm bhliantúil ar thograí do bhuiséad 2007.

5.   Tionscnóidh an Coimisiún gairm bhliantúil ar thograí do na comhchodanna a liostaítear in Airteagal 4(1), agus aird á tabhairt go háirithe ar an gclár straitéiseach ilbhliantúil atá leagtha amach in Iarscríbhinn II agus d'aon tosaíochtaí bliantúla náisiúnta a chuirtear isteach i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo.

6.   Seolfaidh na Ballstáit gach togra a bhaineann le tionscnadail atá le maoiniú chuig an gCoimisiún. I gcás tionscadal trasnáisiúnta, is é an Ballstát ina bhfuil an tairbhí cláraithe a sheolfaidh an togra ar aghaidh. Cuirfear an tionscadal sa chuntas go coibhneasach i gcionrannta náisiúnta táscacha na mBallstát atá i gceist.

Féadfaidh na Ballstáit ráitis scríofa a sholáthar faoi thograí tionscadail ar leith. Féadfaidh siad a lua, go háirithe, an bhfreagraíonn an togra do na tosaíochtaí bliantúla náisiúnta a roghnaíodh as Iarscríbhinn II, nó nach bhfreagraíonn.

7.   Roghnóidh an Coimisiún tionscadail bunaithe ar na cuspóirí agus ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 1, in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 agus in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II.

Nuair a bheidh an liosta tionscadal á chur le chéile aige lena meas ó thaobh tacaíochta airgeadais i gcomhréir leis na cionrannta náisiúnta táscacha a bunaíodh de bhun mhír 2, tabharfaidh an Coimisiún tús áite do na tionscadail sin is mó a rannchuidíonn le cuspóirí an Chomhphobail a bhaint amach, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)

tosaíochtaí náisiúnta a cuireadh isteach i gcomhréir le mír 4;

agus

(b)

ráitis ó Bhallstáit faoi thograí tionscadail ar leith de bhun mhír 6.

Beidh aird ar leith ag an gCoimisiún ar thionscadail thrasnáisiúnta nuair a bhíonn comhoibriú trasnáisiúnta riachtanach le cosaint an chomhshaoil, agus caomhnú speiceas go háirithe, a ráthú, agus déanfaidh sé a dhícheall lena áirithiú go roinnfear 15 %, ar a laghad, de na hacmhainní buiséadacha atá tiomnaithe do dheontais ghníomhaíochta do thionscadail ar thionscadail thrasnáisiúnta.

8.   Más lú an tsuim chómhaoinithe a bhfuil gá léi do thionscadail ar an liosta a cuireadh le chéile i gcomhréir le mír 7 maidir le Ballstát ar leith ná an chionroinnt tháscach don Bhallstát sin bunaithe ar na critéir a leagtar amach i mír 2, úsáidfidh an Coimisiún an fuílleach le cómhaoiniú a dhéanamh ar na tionscadail sin a chuir Ballstáit eile isteach is mó a rannchuidíonn le cuspóirí an Chomhphobail, mar a leagtar amach iad in Airteagal 1, in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 agus in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II, a bhaint amach.

9.   Nuair a bheidh sé ag moladh an liosta tionscadal a bhfuil cómhaoiniú le déanamh orthu don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 13(1), soláthróidh an Coimisiún míniú scríofa faoin dóigh ar thug sé aird ar na critéir chionroinnte a bunaíodh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo agus tosaíochtaí bliantúla náisiúnta agus ráitis a cuireadh isteach i gcomhréir le mír 4 agus mír 6 den Airteagal seo, agus na cuspóirí agus na critéir a leagtar amach in Airteagal 1, in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 á n-urramú aige.

10.   Foilseoidh an Coimisiún go rialta liosta de na tionscadail a maoiníodh trí LIFE+, lena n-áirítear cur síos gairid ar na cuspóirí agus ar na torthaí a gnóthaíodh agus achoimre ar na cistí a caitheadh. Déanfaidh sé amhlaidh ag baint úsáide as na meáin chuí agus as na teicneolaíochtaí cuí, lena n-áirítear an tIdirlíon.

Airteagal 7

Tairbhithe

Féadfaidh comhlachtaí, gníomhaithe agus institiúidí poiblí agus/nó príobháideacha maoiniú a fháil trí LIFE+.

Airteagal 8

Rannpháirtíocht tríú tíortha

Beidh cead ag na tíortha seo a leanas a bheith rannpháirteach i gcláir a mhaoinítear trí LIFE+, ar an gcoinníoll go bhfaighfear leithreasaí forlíontacha:

(a)

Stáit CSTE atá tagtha chun a bheith ina gcomhaltaí den Ghníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 933/1999 ón gComhairle an 29 Aibreán 1999 lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh 1210/90 maidir le bunú na Gníomhaireachta Comhshaoil Eorpaí agus an líonra Eorpaigh um fhaisnéis agus fhaireachán ar an gcomhshaol (11);

(b)

tíortha is iarrthóirí ar aontachas leis an Aontas Eorpach;

(c)

tíortha na mBalcán Thiar a áirítear sa Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais.

Airteagal 9

Comhlántacht idir ionstraimí airgeadais

Ní mhaoineoidh an Rialachán seo bearta a thig faoi chritéir incháilitheachta agus faoi phríomhraon feidhme ionstraimí airgeadais eile de chuid an Chomhphobail, lena n-áirítear Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, an Clár Réime Iomaíochta agus Nuála, an Ciste Eorpach Iascaigh agus an Seachtú Clár Réime Taighde um thaighde, um fhorbairt theicniúil agus um ghníomhaíochtaí taisealbhaidh, ná ní mhaoineoidh sé bearta a fhaigheann cúnamh uathu chun na críche céanna. Cuirfidh na tairbhithe faoin Rialachán seo faisnéis ar fáil maidir leis an gcistiú a bheidh faighte acu as buiséad an Chomhphobail agus maidir lena n-iarratais leanúnacha chuig an gCoimisiún ar mhaoiniú. Déanfaidh an Coimisiún agus Ballstáit bearta chun comhordú agus comhlántacht le hionstraimí Comhphobail eile a áirithiú. Déanfaidh an Coimisiún tuairisciú ar na gnéithe seo i gcomhthéacs an athbhreithnithe mheántéarma agus na meastóireachta críochnaithí dá bhforáiltear in Airteagal 15.

Airteagal 10

Ré agus acmhainní buiséadacha

1.   Cuirfear an Rialachán seo chun feidhme i rith na tréimhse a thosóidh an 1 Eanáir 2007 agus a chríochnóidh an 31 Nollaig 2013.

2.   Is é EUR 2 143 409 000 an t-imchlúdach airgeadais a shocrófar le haghaidh LIFE+ don tréimhse ón 1 Eanáir 2007 go dtí an 31 Nollaig 2013.

3.   Déanfar na hacmhainní buiséadacha arna gcionroinnt le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo a iontráil i leithreasaí bliantúla bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

Údaróidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí a bheidh ar fáil laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais.

4.   Déanfar ar a laghad 50 % d'acmhainní buiséadacha LIFE+ a thiomnaítear do dheontais ghníomhaíochta do thionscadail a chionroinnt ar bhearta chun tacú le caomhnú an dúlra agus na bithéagsúlachta.

Airteagal 11

Monatóireacht

1.   I ndáil le gach tionscadal arna mhaoiniú ag LIFE+, cuirfidh an tairbhí tuarascálacha teicniúla agus airgeadais maidir le dul chun cinn na hoibre faoi bhráid an Choimisiúin. Tíolacfar tuarascáil chríochnaitheach laistigh de thrí mhí ón dáta a gcríochnófar an tionscadal.

2.   Gan dochar do na hiniúchtaí a dhéanfaidh an Chúirt Iniúchóirí de bhun Airteagal 248 den Chonradh i gcomhar leis na comhlachtaí nó leis na ranna náisiúnta iniúchóireachta is inniúil ná d'aon chigireacht a dhéanfar de bhun Airteagal 279(1)(b) den Chonradh, déanfaidh oifigigh agus seirbhísigh eile an Choimisiúin seiceálacha ar an láthair, lena n-áirítear seiceálacha samplacha, ar thionscadail a mhaoineofarfaoi LIFE+, go háirithe chun a fhíorú go gcomhlíonann siad na critéir incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 3.

3.   Forálfar go háirithe sna conarthaí agus sna comhaontuithe a dhéanfar de thoradh an Rialacháin seo, go ndéanfaidh an Coimisiún, nó aon ionadaí a fhéadfaidh an Coimisiún a údarú, maoirseacht agus rialú airgeadais agus go ndéanfaidh an Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí, ar an láthair más gá.

4.   Coimeádfaidh tairbhí an chúnaimh airgeadais gach doiciméad tacaíochta a bhaineann leis an gcaiteachas ar aon tionscadal ar fáil don Choimisiún ar feadh tréimhse cúig bliana i ndiaidh na híocaíochta deireanaí a rinneadh i leith an tionscadail sin.

5.   Más gá sin, ar bhonn thorthaí na dtuarascálacha agus na seiceálacha samplacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, déanfaidh an Coimisiún coigeartú ar an scála nó ar na coinníollacha do chionroinnt an chúnaimh airgeadais a údaraíodh i dtosach chomh maith le coigeartú ar thráthchlár na n-íocaíochtaí.

6.   Déanfaidh an Coimisiún gach beart eile is gá chun a fhíorú go ndéanfar tionscadail a mhaoineofar a chur i gcrích i gceart agus i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo agus an Rialacháin Airgeadais.

Airteagal 12

Leasanna airgeadais an Chomhphobail a chosaint

1.   Nuair a chuirfear tionscadail chun feidhme a mhaoinítear faoin Rialachán seo, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar leasanna airgeadais an Chomhphobail a chosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhlíthiúla eile, trí sheiceálacha éifeachtúla a dhéanamh agus trí shuimeanna a íocadh go míchuí a ghnóthú agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí phionóis choiriúla a bheidh éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (12), i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (13) agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (14).

2.   I gcás tionscadal Comhphobail a mhaoinítear faoi LIFE+, ciallóidh an ‘neamhrialtacht’ dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 aon sárú ar fhoráil de reachtaíocht an Chomhphobail nó aon sárú ar oibleagáid chonarthach de dheasca gnímh nó neamhghnímh a rinne oibreoir eacnamaíoch a bhfuil sé d'éifeacht aige, nó a mbeadh sé d'éifeacht aige, de bharr míre caiteachais neamh-inleithscéil dochar a dhéanamh do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh nó buiséad arna mbainistiú ag na Comhphobail.

3.   Déanfaidh an Coimisiún méid an chúnaimh airgeadais a deonaíodh le haghaidh tionscadail a laghdú, a fhionraí nó a ghnóthú má aimsíonn sé neamhrialtachtaí, lena n-áirítear neamhchomhlíonadh fhorálacha an Rialacháin seo nó an chinnidh leithligh nó an chonartha nó an chomhaontaithe lenar deonaíodh an cúnamh airgeadais atá i gceist, nó má tharlaíonn go ndearnadh athrú ar an tionscadal atá ar neamhréir lena chineál nó le coinníollacha a chur chun feidhme agus nár iarradh formheas ón gCoimisiún ar an athrú sin.

4.   Murar comhlíonadh na teorainneacha ama nó mura raibh call ach le cuid den chúnamh airgeadais a deonaíodh toisc an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme an tionscadail, iarrfaidh an Coimisiún ar an tairbhí barúlacha a chur faoina bhráid laistigh de thréimhse shonraithe. Mura dtabharfaidh an tairbhí freagra sásúil, féadfaidh an Coimisiún a mbeidh fágtha den chúnamh airgeadais a chealú agus féadfaidh sé a éileamh go n-aisíocfar na suimeanna a íocadh cheana.

5.   Aisíocfar leis an gCoimisiún aon íocaíocht mhíchuí. Cuirfear ús le haon suimeanna nach n-aisíocfar in am trátha faoi na coinníollacha a leagtar síos leis an Rialachán Airgeadais.

Airteagal 13

An Coiste

1.   Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 4(2) de Chinneadh 1999/468/CE.

Airteagal 14

Cinntí cur chun feidhme

1.   Glacfar, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 13(2), na cinntí seo a leanas, ar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a ceapadh iad:

(a)

cinneadh bearta a chur le hIarscríbhinn I;

(b)

cinneadh Iarscríbhinn II a leasú.

2.   Glacfar, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 13(3), na cinntí cur chun feidhme seo a leanas:

(a)

cinneadh lena sonrófar formáid, inneachar agus dátaí tíolactha na dtosaíochtaí bliantúla náisiúnta chun críocha Airteagal 6(4);

(b)

modheolaíocht an nós imeachta chun tionscadail a roghnú ó 2008 go 2013 a leagan síos i gcomhréir le hAirteagal 6;

(c)

cinneadh lena roghnaítear an liosta tionscadal le haghaidh cómhaoinithe mar a leagtar amach in Airteagal 6(7) agus (8);

(d)

cinneadh lena saineofar formáid agus inneachar na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 11(1);

agus

(e)

cinneadh lena mbunófar táscairí chun cabhrú leis an monatóireacht ar bhearta atá á maoiniú faoi LIFE+.

Airteagal 15

Meastóireacht

1.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar faireachán rialta ar na cláir ilbhliantúla d'fhonn an éifeacht a bheidh acu a mheasúnú.

2.   Tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair 2010, cuirfidh an Coimisiún athbhreithniú meántéarma ar LIFE+ faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 13(1). Déanfaidh an t-athbhreithniú meántéarma meastóireacht ar chur chun feidhme an Rialacháin seo ó 2007 go 2009. Más iomchuí, molfaidh an Coimisiún modhnuithe ar na cinntí cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 14.

3.   Socróidh an Coimisiún go ndéanfar meastóireacht chríochnaitheach ar chur chun feidhme an Rialacháin seo lena measúnófar a mhéid a rannchuidíonn bearta agus tionscadail a mhaoinítear faoin Rialachán seo, go sonrach agus go ginearálta araon, le beartas comhshaoil agus reachtaíocht chomhshaoil an Chomhphobail a chur chun feidhme, a thabhairt cothrom le dáta agus a fhorbairt, agus an leas a bhaintear as na leithreasaí. Cuirfidh sé an mheastóireacht chríochnaitheach sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2012, maille le togra, más iomchuí, maidir le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar ionstraim airgeadais i réimse an chomhshaoil go heisiach, a mbeadh feidhm aici ó 2014 ar aghaidh.

Airteagal 16

Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

1.   Aisghairfear na hionstraimí seo a leanas ar mhaithe le simpliú agus le comhdhlúthú:

(a)

Rialachán (CE) Uimh. 1655/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Iúil 2000 maidir leis an Ionstraim Airgeadais don Chomhshaol (LIFE) (15);

(b)

Cinneadh Uimh. 1411/2001/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le Creat Comhphobail le haghaidh comhair chun forbairt inbhuanaithe uirbeach a chur chun cinn (16);

(c)

Cinneadh Uimh. 466/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 1 Márta 2002 lena mbunaítear clár gníomhaíochta de chuid an Chomhphobail chun eagraíochtaí neamhrialtasacha atá gníomhach go príomha i réimse chosaint an chomhshaoil a chur chun cinn (17);

(d)

Rialachán (CE) Uimh. 2152/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le monatóireacht ar fhoraoisí agus idirghníomhaíochtaí comhshaoil sa Chomhphobal (Fócas ar Fhoraoisí) (18).

2.   Bearta a thosaigh roimh an 31 Nollaig 2006 de bhun gníomhartha dá dtagraítear i mír 1, leanfaidh siad de bheith faoi rialú ag na gníomhartha sin go dtí go mbeidh siad críochnaithe. Gabhfaidh an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 13(1) ionad na gcoistí dá bhforáiltear sna gníomhartha sin. Bainfear leas as an Rialachán seo chun aon fhaireachán agus aon mheastóireacht éigeantach a bheidh le déanamh faoi na gníomhartha sin tar éis dóibh dul in éag. Go dtí go gcríochnófar iad, comhlíonfaidh na bearta sin na forálacha teicniúla a shainmhínítear sna gníomhartha dá dtagraítear i mír 1.

3.   I gcás deontas a dámhadh in 2007 faoi phointe (a) d'Iarscríbhinn I, féadfaidh tréimhse incháilitheachta an chaiteachais tosú an 1 Eanáir 2007, ar choinníoll nach mbaineann an caiteachas le tréimhse roimh dháta tosaigh bhliain bhuiséid an tairbhí. I gcás deontas den sórt sin, ar bhonn eisceachtúil, ní fhéadfar na comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 112(2) den Rialachán Airgeadais a shíniú tráth níos déanaí ná an 31 Deireadh Fómhair 2007.

4.   An méid a theastóidh, laistigh den imchlúdach airgeadais, chun monatóireacht agus iniúchadh a dhéanamh ar bhearta sa tréimhse i ndiaidh an 31 Nollaig 2013, ní mheasfar é a bheith deimhnithe ach amháin má bhíonn sé ag luí leis an gcreat airgeadais nua a bheidh infheidhme ó 2014.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an tríú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Bealtaine 2007.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GLOSER


(1)  IO C 255, 14.10.2005, lch. 52.

(2)  IO C 231, 20.9.2005, lch. 72.

(3)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Iúil 2005 (IO C 157 E, 6.7.2006, lch. 451), comhsheasamh ón gComhairle an 27 Meitheamh 2006 (IO C 238 E, 3.10.2006, lch. 1) agus seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Deireadh Fómhair 2006 (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil). Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Bealtaine 2007 (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 14 Bealtaine 2007.

(4)  IO L 242, 10.9.2002, lch. 1.

(5)  IO L 248, 16.9.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1995/2006 (IO L 390, 30.12.2006, lch. 1).

(6)  IO L 206, 22.7.1992, lch. 7. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/105/CE (IO L 363, 20.12.2006, lch. 368).

(7)  IO L 103, 25.4.1979, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Treoir 2006/105/CE.

(8)  IO L 197, 21.7.2001, lch. 30.

(9)  IO C 139, 14.6.2006, lch. 1.

(10)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

(11)  IO L 117, 5.5.1999, lch. 1.

(12)  IO L 312, 23.12.1995, lch. 1.

(13)  IO L 292, 15.11.1996, lch. 2.

(14)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.

(15)  IO L 192, 28.7.2000, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1682/2004 (IO L 308, 5.10.2004, lch. 1).

(16)  IO L 191, 13.7.2001, lch. 1. Cinneadh arna leasú le Cinneadh Uimh. 786/2004/CE (IO L 138, 30.4.2004, lch. 7).

(17)  IO L 75, 16.3.2002, lch. 1. Cinneadh arna leasú le Cinneadh Uimh. 786/2004/CE.

(18)  IO L 324, 11.12.2003, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 788/2004 (IO L 138, 30.4.2004, lch. 17).


IARSCRÍBHINN I

BEARTA A BHEIDH INCHÁILITHE DO MHAOINIÚ

Gan dochar d'Airteagal 9, féadfar na bearta seo a leanas a mhaoiniú le LIFE+ má shásaíonn siad na critéir incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 3:

(a)

gníomhaíochtaí oibríochtúla áirithe de chuid ENRanna atá gníomhach go príomha i gcosaint agus i bhfeabhsú an chomhshaoil ar an leibhéal Eorpach agus atá páirteach i bhforbairt agus i gcur chun feidhme bheartas agus reachtaíocht an Chomhphobail;

(b)

líonraí, bunachair sonraí agus ríomhchórais a fhorbairt agus a chothabháil a bhfuil baint dhíreach acu le cur chun feidhme bheartas comhshaoil agus reachtaíocht chomhshaoil an Chomhphobail, go háirithe agus rochtain phoiblí ar fhaisnéis chomhshaoil á feabhsú;

(c)

staidéir, suirbhéanna, samhaltú agus cruthú creatlaí cáis;

(d)

monatóireacht, lena n-áirítear monatóireacht ar fhoraoisí;

(e)

cúnamh chun cumas a neartú;

(f)

oiliúint, ceardlanna agus cruinnithe, lena n-áirítear oiliúint ar ghníomhairí atá páirteach i dtionscnaimh chun dóiteáin foraoise a chosc;

(g)

líonrú agus ardáin dea-chleachtais;

(h)

gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear feachtais mhúscailte feasachta agus go háirithe feachtais feasachta poiblí maidir le dóiteáin foraoise;

(i)

cineálacha cur chuige beartais, teicneolaíochtaí, modhanna agus ionstraimí nuálacha a thaispeáint;

agus

(j)

i gcás sonrach na catagóire ‘nádúr agus bithéagsúlacht’:

bainistíocht láithreán agus speiceas agus pleanáil láithreán, lena n-áirítear feabhas a chur ar chomhchuibheas éiceolaíoch líonra Natura 2000,

monatóireacht ar an stádas caomhnaithe, lena n-áirítear nósanna imeachta agus struchtúir a bhunú don mhonatóireacht sin,

pleananna gníomhaíochta do chaomhnú speiceas agus gnáthóg a fhorbairt agus a chur chun feidhme,

líonra Natura 2000 a leathnú i limistéir mhuirí,

talamh a cheannach, ar choinníoll:

go rannchuideodh an ceannach le hiomláine láithreán Natura 2000 a bhuanú nó a athbhunú,

gurb é an talamh a cheannach an t-aon bhealach amháin nó an bealach is éifeachtúla chun an toradh inmhianaithe ó thaobh caomhnaithe de a ghnóthú,

go gcuirfear an talamh a cheannófar in áirithe go fadtéarmach d'úsáid a bheidh ag luí leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4(2),

agus

go n-áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann, trí aistriú nó ar dhóigh eile, go gcuirfear an talamh sin in áirithe go fadtéarmach chun críocha chaomhnú an dúlra.


IARSCRÍBHINN II

CLÁR STRAITÉISEACH ILBHLIANTÚIL

DÚLRA AGUS BITHÉAGSÚLACHT

1.   An Príomhchuspóir

Feidhmiú córas nádúrtha, gnáthóg nádúrtha, agus flora agus fauna fiáin a chosaint, a chaomhnú, a athbhunú, a mhonatóiriú agus a éascú, d'fhonn stop a chur le cailliúint na bithéagsúlachta laistigh den AE, lena n-áirítear éagsúlacht acmhainní géiniteacha, faoi 2010.

1.1.   Réimsí tosaíochta gníomhaíochta:

rannchuidiú le cur chun feidhme bheartas agus reachtaíocht an Chomhphobail maidir leis an dúlra agus leis an mbithéagsúlacht, go háirithe Treoir 79/409/CEE agus Treoir 92/43/CEE, agus a gcomhtháthú seo le réimsí beartais eile a chur chun cinn;

tacú le líonra Natura 2000 a fhorbairt agus a chur chun feidhme tuilleadh, lena n-áirítear gnáthóga agus speicis a bhaineann leis an gcósta agus an mhuir;

tacú le dearadh agus cur chun feidhme beartas agus ionstraimí chun monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar an dúlra agus ar an mbithéagsúlacht agus ar na tosca, ar an mbrú agus an bhfreagairt a mbíonn tionchar acu orthu, go háirithe i ndáil leis an sprioc atá ann stop a chur le cailliúint bithéagsúlachta laistigh den Chomhphobal faoi 2010;

agus

eolas maidir le tionchar na n-orgánach géinathraithe ar éiceachórais agus ar an mbithéagsúlacht a fheabhsú: modheolaíochtaí measúnaithe riosca.

BEARTAS AGUS RIALÚ COMHSHAOIL

2.   An Príomhchuspóir ‘Athrú aeráide’

Tiúchan gáis cheaptha teasa a chobhsú ar leibhéal nach ligfidh don téamh domhanda dul thar 2 °C.

2.1.   Réimsí tosaíochta gníomhaíochta:

cur chun feidhme cheanglais an AE faoi Phrótacal Kyoto a ghabhann le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide a áirithiú, agus straitéis agus clár cur chun feidhme a fhorbairt don tréimhse i ndiaidh 2012;

oiriúnú eacnamaíocht agus shochaí, dhúlra agus bhithéagsúlacht, acmhainní uisce agus shláinte dhaona an AE do dhrochéifeachtaí an athraithe aeráide a áirithiú (eadhon, ardú teochta a d'fhéadfadh a bheith chomh hard le 2 °C de bharr breis tiúchana gáis cheaptha teasa) agus tionchar na n-éifeachtaí sin a mhaolú;

cur chun feidhme agus úsáid ionstraimí margadhbhunaithe a áirithiú, go háirithe trádáil astaíochtaí gáis cheaptha teasa, d'fhonn laghdú costéifeachtach astaíochtaí a bhaint amach sa tréimshe i ndiaidh 2012.

3.   An Príomhchuspóir ‘Uisce’

Rannchuidiú le feabhas a chur ar chaighdeán an uisce trí bhearta costéifeachtúla a fhorbairt chun dea-stádas éiceolaíoch a bhaint amach d'fhonn an chéad phlean bainistíochta abhantraí a fhorbairt faoi Threoir 2000/60/CE (1) faoi 2009.

3.1.   Réimsí tosaíochta gníomhaíochta:

faisnéis agus cleachtais bheartasbhainteacha a mhalartú;

feabhas a chur ar an gcomhtháthú idir eolaíocht agus beartas agus ar aistriú torthaí mar thacú do Bhallstáit chun pleananna bainistíochta abhantracha a ullmhú, lena n-áirítear cláir beart faoi Threoir 2000/60/CE agus comhtháthú beart ó mháthairthreoracha cosúil amhail Treoir 91/271/CEE (2), Treoir 91/414/CEE (3), Treoir 91/676/CEE (4), Treoir 96/61CE (5), Treoir 98/83/CE (6) agus Treoir 2006/7/CE (7);

rannchuidiú le cur chun feidhme éifeachtúil na Straitéise Téamúla maidir le cosaint agus le caomhnú an chomhshaoil mhuirí;

gnéithe hidreamhoirfeolaíocha, amhail tuilemhánna a athbhunú, agus bearta eile chun tacú le treoir maidir le rioscaí tuilte a mheasúnú agus a bhainistiú.

4.   An Príomhchuspóir ‘Aer’

Caighdeáin aercháilíochta a bhaint amach nach mbeidh aon tionchair dhiúltacha shuntasacha acu ar shláinte an duine ná ar an gcomhshaol.

4.1.   Réimse tosaíochta gníomhaíochta:

an Straitéis Théamúil maidir le truailliú an aeir a chur chun feidhme.

5.   An Príomhchuspóir ‘Ithir’

Úsáid inbhuanaithe na hithreach a chosaint agus a áirithiú trí fheidhmeanna ithreach a chaomhnú, bagairtí ar ithir a chosc, éifeachtaí na mbagairtí sin a mhaolú agus ithreacha díghrádaithe a athshlánú.

5.1.   Réimsí tosaíochta gníomhaíochta:

an Straitéis Théamúil le haghaidh cosanta ithreach a chur chun feidhme;

cosaint agus athshlánú bithéagsúlachta ithreach a áirithiú.

6.   An Príomhchuspóir ‘Comhshaol uirbeach’

Rannchuidiú le feidhmíocht chomhshaoil cheantair uirbeacha na hEorpa a fheabhsú.

6.1.   Réimse tosaíochta gníomhaíochta:

rannchuidiú le cur chun feidhme na mbeartas agus na reachtaíochta comhshaoil atá ag an gComhphobal faoi láthair a fheabhsú ar leibhéal áitiúil trí thacú le húdaráis áitiúla agus trína spreagadh chun cur chuige níos comhtháite a ghlacadh i leith na bainistíochta uirbí, lena n-áirítear na hearnálacha iompair agus fuinnimh.

7.   An Príomhchuspóir ‘Torann’

Rannchuidiú le forbairt agus le cur chun feidhme beartas maidir le torann timpeallachta.

7.1.   Réimse tosaíochta gníomhaíochta:

éifeachtaí dochracha torann timpeallachta ar an duine a chosc agus a laghdú.

8.   An Príomhchuspóir ‘Ceimiceáin’

Cosaint an chomhshaoil agus na sláinte ar rioscaí ó cheimiceáin a fheabhsú faoi 2020 trí reachtaíocht cheimiceán a chur chun feidhme, go háirithe Rialachán Uimh. 1907/2006 (8) (REACH) agus an Straitéis Théamúil maidir le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí.

8.1.   Réimsí tosaíochta gníomhaíochta:

faisnéis bheartasbhainteach agus dea-chleachtais a mhalartú;

feabhas a chur ar an gcomhtháthú idir eolaíocht agus beartas agus ar aistriú torthaí chun cúlra láidir teicniúil a sholáthar mar thacú le REACH;

an Straitéis Théamúil maidir le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a chur chun feidhme.

9.   An Príomhchuspóir ‘Comhshaol agus sláinte’

An bonn faisnéise a fhorbairt do bheartas comhshaoil agus sláinte (an Plean Gníomhaíochta don Chomhshaoil agus don tSláinte 2004-2010).

9.1.   Réimsí tosaíochta gníomhaíochta:

bithmhonatóireacht dhaonna agus nascáil sonraí i ndáil leis an gcomhshaol agus leis an tsláinte;

an ciseal ózóin a chosaint chun tionchair dhiúltacha ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol a laghdú.

10.   An Príomhchuspóir ‘Acmhainní nádúrtha agus dramhaíl’

Beartais a fhorbairt agus a chur chun feidhme a cheaptar chun a áirithiú go mbainisteofar agus go n-úsáidfear acmhainní nádúrtha agus dramhaíl ar bhealach inbhuanaithe agus chun feabhas a chur ar fheidhmíocht chomhshaoil táirgí, ar phatrúin táirgíochta agus tomhaltais inbhuanaithe, agus ar chosc, ar tharrtháil agus ar athchúrsáil dramhaíola.

Rannchuidiú le cur chun feidhme éifeachtúil na Straitéise Téamúla maidir le dramhaíl a chosc agus a athchúrsáil.

10.1.   Réimsí tosaíochta gníomhaíochta:

beartais inbhuanaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme maidir le tomhaltas agus táirgíocht, lena n-áirítear an Beartas Comhtháite um Tháirgí;

úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha a chur chun cinn, trí chur chuige a bheidh bunaithe ar an saolré, lena n-áirítear gnéithe comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha, chun an nasc idir tionchar comhshaoil agus an fás eacnamaíoch a bhriseadh;

cosc, tarrtháil agus athchúrsáil ar dhramhaíl a chur chun cinn agus an fócas ar choincheap na saolré, ar éicidhearadh agus ar fhorbairt margaí athchúrsála;

rannchuidiú le cur chun feidhme bheartas agus reachtaíocht an Chomhphobail maidir le dramhaíl, go háirithe Treoir 75/439/CEE (9), Treoir 91/689/CE (10), Treoir 96/59/CE (11), Treoir1999/31CE (12), Treoir 2000/53/CE (13), Treoir 2002/95/CE (14), Treoir 2002/96/CE (15), Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 (16), Treoir 2006/12/CE (17), Treoir 2006/21/CE (18) agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (19).

11.   An Príomhchuspóir ‘Foraoisí’

Bonn achomair agus cuimsitheach a sholáthar, go háirithe trí ghréasán comhordaithe AE, d'fhaisnéis bheartasbhainteach faoi fhoraoisí i ndáil leis an athrú aeráide (tionchar ar éiceachórais foraoisí, maolú, éifeachtaí an ionadaithe), le bithéagsúlacht (faisnéis bhonnlíne agus limistéir foraoise chosanta), le dóiteáin foraoise, le staid na bhforaoisí agus le feidhmeanna cosanta foraoisí (uisce, ithir agus bonneagar) mar aon le rannchuidiú le foraoisí a chosaint i gcoinne dóiteán.

11.1.   Réimsí tosaíochta gníomhaíochta:

cur chun cinn a dhéanamh ar bhailiú, ar anailís agus ar scaipeadh faisnéise beartasbhaintí maidir le foraoisí agus idirghníomhaíochtaí comhshaoil;

comhchuibhiú agus éifeachtúlacht gníomhaíochtaí monatóireachta ar fhoraoisí agus córas bailithe sonraí a chur chun cinn, agus úsáid a bhaint as sineirgí trí naisc a chruthú idir mheicníochtaí monatóireachta a bhunaítear ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Chomhphobail agus ar an leibhéal domhanda;

sineirgí a spreagadh idir saincheisteanna sonracha a bhaineann le foraoisí agus tionscnaimh chomhshaoil agus an reachtaíocht chomhshaoil (mar shampla, Straitéis Théamúil um chosaint ithreach, Natura 2000, Treoir 2000/60/CE);

rannchuidiú le bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí go háirithe trí shonraí a bhailiú i ndáil le leagan feabhsaithe na dTáscairí Uile-Eorpacha do Bhainistiú Inbhuanaithe ar Fhoraoisí faoi mar a glacadh é ag an gCruinniú de Shaineolaithe na Comhdhála Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip (MCPFE) an 7-8 Meán Fómhair 2002, i Vín na hOstaire;

cumais a neartú ar an leibhéal náisiúnta agus Comhphobail le go mbeifí in ann comhordú agus treorú a dhéanamh maidir le monatóireacht ar fhoraoisí.

12.   An Príomhchuspóir ‘Nuálaíocht’

Rannchuidiú le forbairt agus taispeáint cineálacha cur chuige beartais, teicneolachtaí, modhanna agus ionstraimí nuálacha chun cuidiú le cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta do Theicneolaíochtaí Comhshaoil (PGTC).

12.1.   Réimsí tosaíochta gníomhaíochta:

tuilleadh sainmhínithe agus barrfheabhsaithe ar a bhfuil á bhaint amach ag PGTC a dhéanamh trí phleanáil agus comhordú a fheabhsú, monatóireacht éifeachtúil a dhéanamh ar dhul chun cinn, bearnaí eolais a aithint agus a líonadh go tráthúil agus faisnéis eolaíoch, eacnamaíoch agus eile a bhaineann le cur chun feidhme beartais a úsáid go héifeachtúil;

aithint, taispeáint agus scaipeadh teicneolaíochtaí nuálacha agus cleachtas nuálach a chur chun cinn, trí bhíthin gníomhartha a chomhlánóidh gníomhartha an Chláir Réime Iomaíochta agus Nuálaíochta;

faisnéis agus dea-chleachtas a mhalartú i measc gníomhaithe AE maidir le trádáil idirnáisiúnta teicneolaíochtaí comhshaoil, le hinfheistíocht fhreagrach i dtíortha forásacha agus le cur chun feidhme gníomhartha an Chruinnithe Mhullaigh Dhomhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe (WSSD) a bhaineann le teicneolaíochtaí comhshaoil.

13.   An Príomhchuspóir ‘Cineálacha cur chuige straitéisigh’

Cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtúil reachtaíocht chomhshaoil an Chomhphobail a chur chun cinn, agus an bonn eolais don bheartas comhshaoil a fheabhsú.

Beartais níos éifeachtaí agus níos comhtháite a áirithiú.

Feidhmíocht chomhshaoil Fiontar Beag agus Meánmhéide (FBManna) a fheabhsú.

Na huirlisí a sholáthar chun beartas comhshaoil agus reachtaíocht chomhshaoil a fhorbairt.

A áirithiú go ndéanfaidh an Coimisiún maoirsiú leordhóthanach ar thionscadail.

13.1.   Réimsí tosaíochta gníomhaíochta:

an measúnú a dhéantar ar bheartais nua a fheabhsú, go háirithe agus iad á bhfoirmliú i dtosach aimsire nó ina dhiaidh sin agus iad á n-athbhreithniú;

an bonn eolais atá faoi bheartas a cheapadh agus a chur chun feidhme a neartú trí Chóras Faisnéise Comhroinnte Comhshaoil (SEIS) a thógáil agus trí thacú le cur chun feidhme thionscnamh na Monatóireachta Domhanda don Chomhsaol agus don tSlándáil (GMES);

feabhas a chur ar an measúnú a dhéantar ar an gcur chun feidhme agus ar an meastóireacht ex-post;

fóirdheontais a dhéanann dochar don chomhshaol a aithint agus a dhíothú de réir a chéile;

tuilleadh úsáide a bhaint as ionstraimí margadhbhunaithe chun meascáin bheartais níos fearr a chruthú;

uirlisí a sholáthar chun tacú le beartais forbartha inbhuanaithe, go háirithe táscairí;

Clár Cúnaimh um Chomhlíonadh Comhshaoil FBManna a chur chun feidhme;

na céimeanna iomchuí a ghlacadh, agus leas á bhaint as cúnamh seachtrach, chun beartas comhshaoil a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

na huirlisí a sholáthar chun cúnamh teicniúil agus/nó riaracháin a fháil maidir le haithint, le hullmhúchán, le bainistiú, le monatóireacht, le iniúchadh agus le maoirsiú ar thionscnaimh, lena n-áirítear tionscadail LIFE III agus LIFE+ araon.

14.   An Príomhchuspóir ‘Rialú’

Rialú feabhsaithe comhshaoil a bhaint amach, lena n-áirítear tuilleadh feasachta maidir le saincheisteanna comhshaoil agus tuilleadh rannpháirtíochta i ndéanamh cinntí maidir leis an gcomhshaol i measc shaoránaigh na hEorpa.

14.1.   Réimse tosaíochta gníomhaíochta:

páirt na ngeallsealbhóirí i bhforbairt agus i gcur chun feidhme beartas agus reachtaíochta comhshaoil a leathnú, lena n-áirítear grúpaí tomhaltóirí agus eagraíochtaí neamhrialtasacha.

15.   An Príomhchuspóir ‘ENRanna’

ENRanna atá gníomhach go príomha i réimse na cosanta comhshaoil ar an leibhéal Eorpach a chur chun cinn.

15.1.   Réimse tosaíochta gníomhaíochta:

rannpháirtíocht ENRanna a neartú.i bpróiseas an idirphlé, agus beartas chomhshaoil á cheapadh agus á chur chun feidhme;

rannpháirtíocht ENRanna sa phróiseas Eorpach um chaighdeánú a neartú d'fhonn a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht chothrom ar gheallsealbhóirí agus go ndéanfar gnéithe comhshaoil a chomhtháthú ann go córasach.

FAISNÉIS AGUS CUMARSÁID

16.   An Príomhchuspóir

A áirithiú go mbeidh sruth faisnéise rialta agus éifeachtúil ann chun bonn a chur faoi chinntí beartais maidir leis an gcomhshaol, agus chun faisnéis maidir le staid agus treochtaí an chomhshaoil a dhéanamh inrochtana do shaoránaigh.

16.1.   Réimse tosaíochta gníomhaíochta:

scaipeadh faisnéise, éicilipéadú, múscailt feasachta agus scileanna sonracha a fhorbairt maidir le saincheisteanna comhshaoil, lena n-áirítear dóiteáin foraoise a chosc.


(1)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1). Treoir arna leasú le Cinneadh Uimh. 2455/2001/CE (IO L 331, 15.12.2001, lch. 1).

(2)  Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil dramh-uisce uirbigh (IO L 135, 30.5.1991, lch. 40). Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

(3)  Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1). Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2007/21/CE ón gCoimisiún (IO L 97, 12.4.2007, lch. 42).

(4)  Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1). Treoir arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003.

(5)  Treoir 96/61/CE ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1996 maidir le cosc agus rialú iomlánaithe ar an truailliú (IO L 257, 10.10.1996, lch. 26). Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 33, 4.2.2006, lch. 1).

(6)  Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht uisce atá ceaptha le hól ag daoine (IO L 330, 5.12.1998, lch. 32). Treoir arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003.

(7)  Treoir 2006/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le cáilíochta uisce snámha a bhainistiú (IO L 64, 4.3.2006, lch. 37).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srian ar Cheimiceáin (REACH) agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

(9)  Treoir 75/439/CEE ón gComhairle an 16 Meitheamh 1975 maidir le diúscairt drámh-olaí (IO L 194, 25.7.1975, lch. 23). Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2000/76/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 332, 28.12.2000, lch. 91).

(10)  Treoir 91/689/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le dramhaíl ghuaiseach (IO L 377, 31.12.1991, lch. 20). Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 33, 4.2.2006, lch. 1).

(11)  Treoir 96/59/CE ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 1996 maidir le diúscairt défheinilí polaclóirínithe agus trífheinilí polaclóirínithe (PCB/PCT) (IO L 243, 24.9.1996, lch. 31).

(12)  Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl (IO L 182, 16.7.1999, lch. 1). Treoir arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003.

(13)  Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite (IO L 269, 21.10.2000, lch. 34). Treoir arna leasú go deireanach le Cinneadh 2005/673/CE ón gComhairle (IO L 254, 30.9.2005, lch. 69).

(14)  Treoir 2002/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (IO L 37, 13.2.2003, lch. 19). Treoir arna leasú go deireanach le Cinneadh 2006/692/CE ón gCoimisiún (IO L 283, 14.10.2006, lch. 50).

(15)  Treoir 2002/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (IO L 37, 13.2.2003, lch. 24). Treoir arna leasú le Treoir 2003/108/CE (IO L 345, 31.12.2003, lch. 106).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 158, 30.4.2004, lch. 7). Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán ón gCoimisiún (CE) Uimh. 323/2007 (IO L 85, 27.3.2007, lch. 3).

(17)  Treoir 2006/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2006 maidir le dramhaíl (IO L 114, 27.4.2006, lch. 9).

(18)  Treoir 2006/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le dramhaíl ó na tionscail eastóscacha a bhainistiú (IO L 102, 11.4.2006, lch. 15).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsiú ar dhramhaíl (IO L 190, 12.7.2006, lch. 1).


DEARBHÚ ÓN gCOIMISIÚN

‘Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn faisnéise a chuirfidh na Ballstáit ar fáil, agus in am d'athbhreithniú 2008/09 ar an gCreat Airgeadais, forbhreathnú ar chaiteachas geallta agus beartaithe a ghabháil de láimh, ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an AE, maidir le líonraí Natura 2000 a bhainistiú, d'fhonn ionstraimí Comhphobail a oiriúnú, go háirithe LIFE+, agus d'fhonn ardleibhéal cómhaoinithe Comhphobail a áirithiú.’