32003C0929(01)

Dearbhuithe dá bhforáiltear in Airteagal 31(2) de Chinneadh réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus an nós imeachta um ghéilleadh idir na Ballstáit

Official Journal L 246 , 29/09/2003 P. 0001 - 0001


Dearbhuithe dá bhforáiltear in Airteagal 31(2) de Chinneadh réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus an nós imeachta um ghéilleadh idir na Ballstáit [1]

Dearbhú ón Danmhairg

Ar mhórán gach uile bhealach, ceadaíonn an reachtaíocht chomhionann atá i bhfeidhm idir na Stáit Nordacha na fororduithe sa Chinneadh réime a leathnú agus a mhéadú agus cuidíonn sí tuilleadh leis na nósanna imeachta um ghéilleadh daoine is ábhair don bharántas gabhála Eorpach a shimpliú agus a éascú. Dá bhrí sin, leanfaidh an Danmhairg, an Fhionlainn agus an tSualainn den reachtaíocht chomhionann atá i bhfeidhm eatarthu a chur i bhfeidhm (sa Danmhairg: An tAcht Nordach um Eiseachadadh (Acht Uimh. 27 an 3 Feabhra 1960 arna leasú le hAcht Uimh. 251 an 12 Meitheamh 1975, Acht Uimh. 433 an 31 Bealtaine 2000 agus Acht Uimh. 378 an 6 Meitheamh 2002)) a mhéad a cheadaíonn sí na fororduithe sa Chinneadh réime a leathnú nó a mhéadú agus go gcuidíonn sí tuilleadh leis na nósanna imeachta um ghéilleadh daoine is ábhair don bharántas gabhála Eorpach a shimpliú agus a éascú.

Dearbhú ón bhFionlainn

Ar mhórán gach uile bhealach, ceadaíonn an reachtaíocht chomhionann atá i bhfeidhm idir na Stáit Nordacha na forálacha sa Chinneadh réime a leathnú agus a mhéadú agus cuidíonn sí tuilleadh leis na nósanna imeachta um ghéilleadh daoine is ábhair don bharántas gabhála Eorpach a shimpliú agus a éascú. Dá bhrí sin, leanfaidh an Danmhairg, an Fhionlainn agus an tSualainn den reachtaíocht chomhionann atá i bhfeidhm eatarthu a chur i bhfeidhm (san Fhionlainn: An tAcht Nordach um Eiseachadadh (270/1960)) a mhéad a cheadaíonn sí an forordú sa Chinneadh réime a leathnú nó a mhéadú agus go gcuidíonn sí tuilleadh leis na nósanna imeachta um ghéilleadh daoine is ábhair don bharántas gabhála Eorpach a shimpliú agus a éascú.

Dearbhú ón tSualainn

Ar mhórán gach uile bhealach, ceadaíonn an reachtaíocht chomhionann atá i bhfeidhm idir na Stáit Nordacha na fororduithe sa Chinneadh réime a leathnú agus a mhéadú agus cuidíonn sí tuilleadh leis na nósanna imeachta um ghéilleadh daoine is ábhair don bharántas gabhála Eorpach a shimpliú agus a éascú. Dá bhrí sin, leanfaidh an Danmhairg, an Fhionlainn agus an tSualainn den reachtaíocht chomhionann atá i bhfeidhm eatarthu a chur i bhfeidhm (sa tSualainn: An tAcht (1959:254) a bhaineann le heiseachadadh chuig an Danmhairg, an Fhionlainn, an Íoslainn agus an Iorua de bharr cionta coiriúla) a mhéad a cheadaíonn sí na fororduithe sa Chinneadh réime a leathnú nó a mhéadú agus go gcuidíonn sí tuilleadh leis na nósanna imeachta um ghéilleadh daoine is ábhair don bharántas gabhála Eorpach a shimpliú agus a éascú.

[1] IO L 190, 18.7.2002, lch. 1.

--------------------------------------------------