|
17.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 102/92 |
DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH ÓN AONTAS AGUS ÓN RÍOCHT AONTAITHE SA CHOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN gCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN gCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH
an 24 Márta 2023
maidir leis an gcóras CBL d’earraí nach bhfuil riosca ag baint leo maidir le margadh inmheánach an Aontais agus maidir leis na socruithe CBL le haghaidh aisíocaíochtaí trasteorann
Tá sé ar intinn ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht cinneadh ón gComhchoiste a ghlacadh, bunaithe ar Airteagal 4 de Chinneadh Uimh. 1/2023 (1), lena bhforáiltear do na rialacha maidir le rátaí a leagtar síos in Airteagal 98, arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn III, de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle (2), gan feidhm a bheith acu maidir le hearraí áirithe, seachas earraí arna soláthar agus arna suiteáil i maoin dhochorraithe atá suite i dTuaisceart Éireann ag daoine inchánach. Ní bhainfeadh an cinneadh sin ach le hearraí den sórt sin, de bharr a gcineáil agus na gcoinníollacha faoina soláthraítear iad a bheadh faoi réir tomhaltas deiridh i dTuaisceart Éireann, agus i ndáil leo nach mbeadh tionchar diúltach ar mhargadh inmheánach an Aontais i bhfoirm rioscaí calaoise fioscaí agus aon saobhadh iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar gan na rialacha maidir le rátaí a leagtar síos in Airteagal 98, arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn III, de Threoir 2006/112/CE a chur i bhfeidhm. Le cinneadh den sórt sin, ba cheart liosta mionsonraithe a bhunú a bheadh bailí ar feadh 5 bliana. Cuireann an tAontas agus an Ríocht Aontaithe in iúl go bhfuil siad toilteanach meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar liosta den sórt sin ar bhonn rialta.
Tá sé beartaithe ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe freisin meastóireacht a dhéanamh ar na socruithe CBL atá ann faoi láthair maidir le haisíocaíochtaí trasteorann faoi Threoir 2008/9/CE ón gComhairle (3) agus faoi Threoir 86/560/CEE ón gComhairle (4) agus scrúdú a dhéanamh ar an ngá atá le cinneadh ón gComhchoiste a ghlacadh, más iomchuí, bunaithe ar Airteagal 4 de Chinneadh Uimh. 1/2023 lena leagfaí síos aon choigeartú is gá nó nach mbeadh socruithe aisíocaíochta teoranta ach do chur i bhfeidhm Threoir 86/560/CEE. Ba cheart an t-ualach riaracháin ar dhaoine inchánach chomh maith le costais riaracháin ar riaracháin chánach a chur san áireamh sa mheastóireacht sin.
(1) Cinneadh Uimh. 1/2023 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023 lena leagtar síos socruithe a bhaineann le Creat Windsor (féach leathanach 61 den Iris Oifigiúil).
(2) IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.