17.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 102/88


DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH ÓN AONTAS AGUS ÓN RÍOCHT AONTAITHE SA CHOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN GCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN GCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

an 24 Márta 2023

maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 10(1) de Chreat Windsor (1)

Le forálacha an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, rialaítear na hoibleagáidí rialaithe fóirdheontais idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas i gcoitinne agus áirithítear leo cothrom iomaíochta idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas.

Airteagal 10(1) de Chreat Windsor, is ann dó ar leithligh ó na forálacha sin. Is léiriú é Creat Windsor ar an rochtain uathúil atá ag Tuaisceart Éireann ar mhargadh inmheánach an Aontais agus ar é a bheith ina chuid dhílis de mhargadh inmheánach na Ríochta Aontaithe. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a thuiscint nach bhfuil Airteagal 10(1) de Chreat Windsor ábhartha ach amháin maidir le trádáil in earraí nó ar an margadh leictreachais (dá ngairtear earraí anseo feasta) idir Tuaisceart Éireann agus an tAontas rud atá faoi réir Chreat Windsor.

An 17 Nollaig 2020, rinne an tAontas an dearbhú aontaobhach seo a leanas sa Chomhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 164 den Chomhaontú maidir le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach: “Agus Airteagal 107 CFAE á chur i bhfeidhm i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 10(1) den Phrótacal, tabharfaidh an Coimisiún Eorpach aird chuí ar áit lárnach Thuaisceart Éireann i margadh inmheánach na Ríochta Aontaithe. Cuireann an tAontas Eorpach i bhfáth nach féidir le héifeacht ar thrádáil idir Tuaisceart Éireann agus an tAontas atá faoi réir ag an bPrótacal seo, in aon chás, a bheith hipitéiseach nó toimhdithe amháin, ná gan fíornasc díreach a bheith aige le Tuaisceart Éireann. Ní mór a shuí cén fáth a bhféadfadh tionchar den sórt sin a bheith ag an mbeart ar thrádáil idir Tuaisceart Éireann agus an tAontas, bunaithe ar fhíoréifeachtaí intuartha an bhirt.”.

An Dearbhú Comhpháirteach seo maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 10(1) de Chreat Windsor, cuireann sé le Dearbhú Aontaobhach an Aontais, lena ndearbhaítear áit Thuaisceart Éireann i margadh inmheánach na Ríochta Aontaithe, agus lena n-áirithítear, an tráth céanna, go gcosnófar margadh inmheánach an Aontais. Soiléirítear ann na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 10(1) de Chreat Windsor ina leagtar amach na himthosca ar leith inar dócha go gcuirfear ar úsáid é aon uair a dheonaítear fóirdheontais sa Ríocht Aontaithe, agus is féidir é a úsáid chun an fhoráil sin a léirmhíniú.

Chun go measfar go bhfuil nasc dílis díreach ag beart le Tuaisceart Éireann agus, dá bhrí sin, go mbeadh tionchar aige ar an trádáil idir Tuaisceart Éireann agus an tAontas atá faoi réir Chreat Windsor, ní mór fíoréifeachtaí intuartha a bheith ag an mbeart sin ar an trádáil sin. Ba cheart na fíoréifeachtaí intuartha ábhartha a bheith ann go fíor, agus gan iad a bheith ina n-éifeachtaí hipitéiseacha nó toimhdithe.

I dtaca le bearta a dheonaítear d’aon tairbhí atá lonnaithe sa Bhreatain Mhór, féadfar méid an ghnóthais, méid an fhóirdheontais, agus láithreacht mhargaidh an ghnóthais sa mhargadh ábhartha i dTuaisceart Éireann a bheith san áireamh sna tosca a bhaineann le hábharthacht. Cé nach leor, ann féin, earraí a chur ar mhargadh Thuaisceart Éireann chun fíornasc díreach a léiriú lena gcuirtear Airteagal 10(1) de Chreat Windsor ar obair, is dóchúla go mbeidh éifeachtaí ábhartha ag bearta a dheonaítear do thairbhithe atá lonnaithe i dTuaisceart Éireann.

Maidir le bearta a dheonaítear d’aon tairbhí atá lonnaithe sa Bhreatain Mhór a bhfuil éifeacht ábhartha acu, ní mór a léiriú freisin go gcuirfí tairbhe eacnamaíoch an fhóirdheontais ar aghaidh go hiomlán nó go páirteach chuig gnóthas i dTuaisceart Éireann, nó trí na hearraí ábhartha a chuirtear ar an margadh i dTuaisceart Éireann, mar shampla trí dhíol faoi phraghas an mhargaidh, chun go mbeadh fíornasc díreach ann lena gcuirfear Airteagal 10(1) de Chreat Windsor ar obair.

Leagfaidh an Coimisiún Eorpach agus an Ríocht Aontaithe amach ina dtreoraíocht féin na himthosca ina mbeidh feidhm ag Airteagal 10 de Chreat Windsor, lena dtabharfar tuilleadh mionsonraí chun a chur ar chumas deontóirí agus gnólachtaí araon ar fud na Ríochta Aontaithe oibriú le cinnteacht níos fearr.


(1)  Féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023.