20.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 106/45


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 248/2022

an 23 Meán Fómhair 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/777]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1118 ón gCoimisiún an 26 Márta 2021 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar an mhodheolaíocht atá le húsáid ag údaráis réitigh chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte a mheas i dtaca le heintitis réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh i gcás nach mbíonn an grúpa réitigh faoi réir na gceanglas sin per se de bhun na Treorach réamhráite (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1340 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2021 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena gcinntear inneachar na dtéarmaí conarthacha i dtaca le haitheantas a thabhairt do chumhachtaí um bac réitigh (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/622 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2021 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme le haghaidh chur i bhfeidhm Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le teimpléid aonfhoirmeacha don tuairisciú, treoracha agus modheolaíocht chun tuairisciú a dhéanamh ar an íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a thuairisciú (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/622 aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/308 ón gCoimisiún (4), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an téacs seo a leanas in ionad théacs phointe 19bl (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/308 ón gCoimisiún):

32021 R 0622: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/622 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2021 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme le haghaidh chur i bhfeidhm Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le teimpléid aonfhoirmeacha don tuairisciú, treoracha agus modheolaíocht chun tuairisciú a dhéanamh ar an íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a thuairisciú (IO L 131, 16.4.2021, lch. 123).”

2.

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 19bp (Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/348 ón gCoimisiún):

“19bq.

32021 R 1118: Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1118 ón gCoimisiún an 26 Márta 2021 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar an mhodheolaíocht atá le húsáid ag údaráis réitigh chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte a mheas i dtaca le heintitis réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh i gcás nach mbíonn an grúpa réitigh faoi réir na gceanglas sin per se de bhun na Treorach réamhráite (IO L 241, 8.7.2021, lch. 1).

19br.

32021 R 1340: Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1340 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2021 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena gcinntear inneachar na dtéarmaí conarthacha i dtaca le haitheantas a thabhairt do chumhachtaí um bac réitigh (IO L 292, 16.8.2021, lch. 1).”

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Tarmligthe (AE) 2021/1118 agus (AE) 2021/1340 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/622 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 145/2022 ó Chomhchoiste LEE an 29 Aibreán 2022 (5), cibé acu is déanaí.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Kristján Andri STEFÁNSSON


(1)   IO L 241, 8.7.2021, lch. 1.

(2)   IO L 292, 16.8.2021, lch. 1.

(3)   IO L 131, 16.4.2021, lch. 123.

(4)   IO L 60, 2.3.2018, lch. 7.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

(5)   IO L 246, 22.9.2022, lch. 105.