12.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 11/34


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 266/2019

an 25 Deireadh Fómhair 2019

lena leasaítear Iarscríbhinn XV (Státchabhair) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/89]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2018/1923 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 a mhéid a bhaineann lena thréimhse feidhme (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XV a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 1ha (Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘, arna leasú le:

32018 R 1923: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1923 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2018 (IO L 313, 10.12.2018, lch. 2).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2018/1923 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Deireadh Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2019.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Gunnar PÁLSSON


(1)   IO L 313, 10.12.2018, lch. 2.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.