5.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 4/39 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 224/2019
an 27 Meán Fómhair 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/29]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/238 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 chun an tsubstaint óvatrasfheirin a aicmiú a mhéid a bhaineann lena huasteorainn iarmhar (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 13 (Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún) de Chaibidil XIII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘- |
32019 R 0238: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/238 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2019 (IO L 39, 11.2.2019, lch. 4).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/238 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 28 Meán Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Meán Fómhair 2019.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Gunnar PÁLSSON
(1) IO L 39, 11.2.2019, lch. 4.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.