22.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 301/214


CINNEADH Uimh. 1/2022 Ó CHOISTE COMHLACHAIS AE-AN ÚCRÁIN I GCUMRAÍOCHT TRÁDÁLA

an 25 Deireadh Fómhair 2022

a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn XV (Comhfhogasú na reachtaíochta custaim) a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, a thabhairt cothrom le dáta [2022/2286]

TÁ COISTE COMHLACHAIS AE-AN ÚCRÁIN I gCUMRAÍOCHT TRÁDÁLA,

Ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (1), agus go háirithe Airteagal 465(3) agus Airteagal 84 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Síníodh an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (“an Comhaontú”) an 21 Márta agus an 27 Meitheamh 2014 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017.

(2)

Le Cinneadh Uimh. 3/2014 ón gComhairle Comhlachais (2), tharmlig an Chomhairle Comhlachais an chumhacht chun Iarscríbhinn XV a ghabhann leis an gComhaontú a thabhairt cothrom le dáta chuig an gCoiste Comhlachais i gcumraíocht Trádála.

(3)

Dearbhaítear i mBrollach an Chomhaontaithe gur mian leis na Páirtithe tacú leis an bpróiseas athchóirithe san Úcráin trí chomhfhogasú reachtach, lena gcuirfear le tuilleadh comhtháthaithe eacnamaíoch agus le daingniú an chomhlachais pholaitiúil.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 84 den Chomhaontú, thug an Úcráin gealltanas comhfhogasú do reachtaíocht custaim an Aontais de réir a chéile mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XV (Comhfhogasú na reachtaíochta custaim) a ghabhann leis an gComhaontú.

(5)

De bhrí go bhfuil forbairt shubstaintiúil tagtha ar acquis an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn XV (Comhfhogasú na reachtaíochta custaim) a ghabhann leis an gComhaontú ó tugadh caibidlíocht ar an gComhaontú i gcrích, ba cheart an fhorbairt sin a léiriú san Iarscríbhinn sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn XV (Comhfhogasú na reachtaíochta custaim) a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile.

Airteagal 2

Tá an cinneadh seo leagtha síos sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis, san Úcráinis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag gach ceann de na teangacha sin.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann Choiste Comhlachais AE-An Úcráin i gCumraíocht Trádála

An Cathaoirleach

Taras KACHKA

Na Rúnaithe

Oleksandra NECHYPORENKO

Alberto FERNÁNDEZ-DÍEZ


(1)  IO L 161, 29.5.2014, lch. 3.

(2)  IO L 158, 24.6.2015, lch. 4.


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN XV A GHABHANN LE CAIBIDIL 5

COMHFHOGASÚ NA REACHTAÍOCHTA CUSTAIM

Cód Custaim an Aontais

Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais

Tráthchlár: déanfar forálacha an Rialacháin thuasluaite a ionchorprú i ndlí na hÚcráine laistigh de 4 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, cé is moite d’Airteagail 1, 2, 4, agus 26, Airteagail 42(3), 46(3) agus 46(5) go (7), Airteagail 49, 50, 64 go 68, Airteagal 88, pointe (c), Airteagail 112(2), an dara fomhír agus an tríú fomhír, agus Airteagal 114(1), an dara fomhír agus an tríú fomhír, Airteagail 136, Airteagail 179 go 181 agus 204, Airteagal 206, pointe (b), Airteagail 208 go 209, 234 agus 278 go 288.

Déanfar an comhfhogasú d’Airteagail 5 go 8, 16, 17, 18 go 21, 52 go 55, 56, 57agus 77 go 87, Airteagal 88, pointí (a) agus (b), Airteagail 89 go 111, Airteagal 112(1), (3) agus (4), Airteagal 112(2), an chéad fhomhír, Airteagal 113, Airteagal 114(1), an chéad fhomhír, Airteagal 114(2), (3) agus (4), Airteagail 115 go 126, 133 go 135, 137, 138 agus 182 go 187, Airteagal 203(3) agus (4), Airteagail 205, 211go 213, 218, 219, 222 go 225, 254, 255 agus 261, 262, 263 agus 277 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ar bhonn na hiarrachta is fearr is féidir.

Nós Imeachta Comhchoiteann maidir le hEarraí faoi Bhealach agus Doiciméad Riaracháin Aonair (DRA)

Coinbhinsiún an 20 Bealtaine 1987 maidir le Foirmiúlachtaí i leith Trádáil Earraí a Shimpliú

Coinbhinsiún an 20 Bealtaine 1987 maidir le nós imeachta comhchoiteann maidir le hearraí faoi bhealach

Tráthchlár: déanfar forálacha na gCoinbhinsiún thuasluaite, lena n-áirítear trí aontachas féideartha na hÚcráine leis na Coinbhinsiúin sin, a ionchorprú i ndlí na hÚcráine laistigh de 4 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

Faoisimh ó dhleacht chustaim

Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle an 16 Samhain 2009 lena mbunaítear córas Comhphobail d’fhaoisimh ó dhleacht chustaim

Tráthchlár: déanfar Teidil I agus II den Rialachán thuaslauaite a ionchorprú i ndlí na hÚcráine tráth nach déanaí ná 4 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

Cosaint ceart maoine intleachtúil

Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla

Tráthchlár: déanfar forálacha an Rialacháin thuasluaite, cé is moite d’Airteagal 26, a ionchorprú i ndlí na hÚcráine laistigh de 3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Leis an oibleagáid féin comhfhogasú do Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 a dhéanamh, ní chruthaítear aon oibleagáid ar an Úcráin bearta a chur i bhfeidhm i gcás nach gcosnaítear ceart maoine intleachtúla faoina dhlíthe agus rialacháin substainteacha maidir le maoin intleachtúil.

Nóta míniúcháin:

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, ba cheart a thuiscint go gciallaíonn ‘comhfhogasú’ oibleagáid na hÚcráine forálacha ábhartha de chuid dhlí an Aontais a ionchorprú i ndlí na hÚcráine agus a chur chun feidhme go leanúnach i gcomhréir le hAirteagal 84 den Chomhaontú.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, tuigfear go gciallaíonn comhfhogasú ‘ar bhonn na hiarrachta is fearr is féidir’ oibleagáid na hÚcráine forálacha ábhartha de chuid dhlí an Aontais a ionchorprú i ndlí na hÚcráine agus a chur chun feidhme go leanúnach a mhéid is féidir agus i gcás inarb indéanta, chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 76 den Chomhaontú a bhaint amach.