7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/397


Airteagal 18

An ceart chun tearmainn

Ráthófar an ceart chun tearmainn agus urraim chuí á tabhairt do rialacha Choinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951 agus Phrótacal an 31 Eanáir 1967 a bhaineann le stádas dídeanaithe agus i gcomhréir leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear "na Conarthaí" anseo feasta).