7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/43


Airteagal 50

1.   Féadfaidh aon Bhallstát a chinneadh, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla féin, tarraingt siar ón Aontas.

2.   Déanfaidh Ballstát a chinnfidh tarraingt siar fógra faoina intinn a chur chuig an gComhairle Eorpach. I bhfianaise na dtreoirlínte ón gComhairle Eorpach, rachaidh an tAontas i mbun caibidlíochta agus tabharfaidh sé comhaontú i gcrích leis an Stát sin, ina leagfar amach na socruithe dá tharraingt siar, ag féachaint don chreat dá ghaolmhaireacht sa todhchaí leis an Aontas. Déanfar an Comhaontú sin a chaibidil i gcomhréir le hAirteagal 218(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, an comhaontú sin a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais.

3.   Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an mBallstát i dtrácht ó dháta an comhaontú um tharraingt siar a theacht i bhfeidhm nó, ina éagmais sin, dhá bhliain tar éis an fhógra dá dtagraítear i mír 2, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an mBallstát i dtrácht, an tréimhse sin a fhadú.

4.   Chun críocha mhíreanna 2 agus 3, ní bheidh an comhalta den Comhairle Eorpach nó den Chomhairle a ionadaíonn don Bhallstát a bheidh ag tarraingt siar rannpháirteach i bpléití na Comhairle Eorpaí nó na Comhairle nó i gcinntí ón gComhairle Eorpach nó ón gComhairle a bhaineann leis an mBallstát sin.

Saineofar tromlach cáilithe i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

5.   Má iarrann Stát a tharraing siar ón Aontas aontú athuair, beidh an iarraidh sin faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 49.