7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/41


Airteagal 48

(sean-Airteagal 48 CAE)

1.   Féadfar na Conarthaí a leasú i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta um athbhreithniú. Féadfar freisin na Conarthaí a leasú i gcomhréir le nósanna imeachta um athbhreithniú simplithe.

2.   Féadfaidh Rialtas aon Bhallstáit, Parlaimint na hEorpa nó an Coimisiún tograí a thíolacadh don Chomhairle chun na Conarthaí a leasú. Féadfaidh na tograí sin, i measc nithe eile, fónamh do mhéadú nó do laghdú na n-inniúlachtaí atá tugtha don Aontas leis na Conarthaí. Cuirfidh an Chomhairle na tograí sin chuig an gComhairle Eorpach agus cuirfear in iúl iad do na Parlaimintí náisiúnta.

3.   Má dhéanann an Chomhairle Eorpach, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, cinneadh a ghlacadh trí thromlach simplí i bhfabhar scrúdú a dhéanamh ar na leasuithe arna mbeartú, déanfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí Coinbhinsiún a chomóradh arb iad a bheidh air ionadaithe do na Parlaimintí náisiúnta, do Chinn Stáit nó Rialtais na mBallstát, do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún. Rachfar i gcomhairle freisin leis an mBanc Ceannais Eorpach i gcás athruithe institiúideacha sa réimse airgeadaíochta. Scrúdóidh an Coinbhinsiún na tograí do leasuithe agus glacfaidh sé de chomhthoil moladh chuig comhdháil d'ionadaithe rialtais na mBallstát dá bhforáiltear i mír 4.

Féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh trí thromlach simplí, tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, gan Coinbhinsiún a chomóradh más rud é nach bhfuil bonn cirt leis de bharr raon na leasuithe arna mbeartú. Sa chás sin, saineoidh an Chomhairle Eorpach na téarmaí tagartha do chomhdháil d'ionadaithe rialtais na mBallstát.

4.   Comórfaidh Uachtarán na Comhairle comhdháil d'ionadaithe rialtais na mBallstát chun na leasuithe a bheidh le déanamh ar na Conarthaí a chinneadh de thoil a chéile.

Tiocfaidh na leasuithe i bhfeidhm tar éis a ndaingnithe ag na Ballstáit go léir i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

5.   Más rud é, dhá bhliain tar éis conradh ag leasú na gConarthaí a shíniú, go mbeidh sé daingnithe ag ceithre chúigiú de na Ballstáit agus go mbeidh deacrachtaí ag Ballstát amháin nó níos mó dul ar aghaidh leis an daingniú, déanfar an cheist a tharchur chuig an gComhairle Eorpach.

6.   Féadfaidh rialtas aon Bhallstáit, Parlaimint na hEorpa nó an Coimisiún tograí a chur faoi bhráid na Comhairle Eorpaí chun na forálacha i gCuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le beartais inmheánacha agus gníomhaíocht inmheánach an Aontais a athbhreithniú go hiomlán nó go páirteach.

Féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh a ghlacadh lena leasófar na forálacha i gCuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go hiomlán nó go páirteach. Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, agus leis an mBanc Ceannais Eorpach i gcás athruithe institiúideacha sa réimse airgeadaíochta. Ní thiocfaidh an cinneadh sin i bhfeidhm go dtí go mbeidh sé formheasta ag na Ballstáit, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

Ní fhéadfaidh an cinneadh dá dtagraítear sa dara fomhír na hinniúlachtaí atá tugtha don Aontas leis na Conarthaí a mhéadú.

7.   Nuair a fhoráiltear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó i dTeideal V den Chonradh seo go ngníomhóidh an Chomhairle d'aon toil i réimse nó i gcás faoi leith, féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh a ghlacadh lena n-údarófar don Chomhairle gníomhú trí thromlach cáilithe sa réimse sin nó sa chás sin. Ní bheidh feidhm ag an bhfomhír seo maidir le cinntí a bhfuil impleachtaí míleata acu nó maidir le cinntí i réimse na cosanta.

Nuair a fhoráiltear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go nglacfaidh an Chomhairle gníomhartha reachtacha i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh a ghlacadh lena n-údarófar na gníomhartha sin a ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.

Déanfar gach tionscnamh arna ghlacadh ag an gComhairle Eorpach ar bhonn na chéad fhomhíre nó an dara fomhír a chur in iúl do na Parlaimintí náisiúnta. Ar Pharlaimint náisiúnta a freasúra a chur in iúl laistigh de shé mhí ón bhfógra sin a thabhairt, ní ghlacfar an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír nó sa dara fomhír. Cheal freasúra, féadfaidh an Chomhairle Eorpach an cinneadh sin a ghlacadh.

Chun na cinntí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír a ghlacadh, gníomhóidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa a ghníomhóidh trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í.