7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/39 |
Airteagal 44
1. Faoi chuimsiú na gcinntí arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 43, féadfaidh an Chomhairle cur chun feidhme cúraim a chur ar ghrúpa Ballstát a bheidh toilteanach agus a mbeidh an cumas is gá acu le haghaidh cúram den sórt sin. Comhaontóidh na Ballstáit sin eatarthu féin, i gcomhlachas le hArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, maidir le bainistiú an chúraim.
2. Coinneoidh na Ballstáit a bheidh rannpháirteach sa chúram an Chomhairle ar an eolas go tráthrialta faoina dhul chun cinn, ar a dtionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát eile. Cuirfidh na Ballstáit sin an Chomhairle ar an eolas láithreach más léir go leanfadh móriarmhairtí ón gcúram a chur i gcrích nó gur ghá leasú ar an gcuspóir, ar an raon feidhme agus ar na coinníollacha arna socrú don chúram sna cinntí dá dtagraítear i mír 1. Sna cásanna sin, glacfaidh an Chomhairle na cinntí is gá.