7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/38


Airteagal 42

(sean-Airteagal 17 CAE)

1.   Beidh an comhbheartas slándála agus cosanta ina chuid dhílis den chomhbheartas eachtrach agus slándála. Cuirfidh sé cumas oibríochtúil ar fáil don Aontas trí tharraingt ar shócmhainní sibhialta agus míleata. Féadfaidh an tAontas iad a úsáid maidir le misin lasmuigh den Aontas a bhaineann leis an tsíochánaíocht, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú i gcomhréir le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe. Cuirfear na cúraimí sin i gcrích ag baint úsáide as cumais arna gcur ar fáil ag na Ballstáit.

2.   Beidh ar áireamh sa chomhbheartas slándála agus cosanta comhbheartas cosanta an Aontais a chumadh go comhleanúnach. Tiocfaidh comhchosaint as sin nuair a chinnfidh an Chomhairle Eorpach amhlaidh, ag gníomhú di d'aon toil. Sa chás sin, molfaidh sí do na Ballstáit cinneadh den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

Ní dhéanfaidh beartas an Aontais i gcomhréir leis an Roinn seo dochar do cháilíocht shonrach beartais slándála agus cosanta Ballstát áirithe agus urramóidh sé na hoibleagáidí a chineann ó Chonradh an Atlantaigh Thuaidh i gcás Ballstáit áirithe a mheasann go bhfuil a gcomhchosaint bainte amach acu in Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT), agus beidh sé ag luí leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta arna bhunú sa chreat sin.

3.   Déanfaidh na Ballstáit, d'fhonn an comhbheartas slándála agus cosanta a chur chun feidhme, cumais shibhialta agus mhíleata a chur ar fáil don Aontas chun rannchuidiú leis na cuspóirí arna sainiú ag an gComhairle. Na Ballstáit sin a bhunaíonn fórsaí ilnáisiúnta le chéile, féadfaidh siad freisin na fórsaí sin a chur ar fáil don chomhbheartas slándála agus cosanta.

Gabhfaidh na Ballstáit ar láimh a gcumais mhíleata a fheabhsú go comhleanúnach. Déanfaidh an Ghníomhaireacht sa réimse a bhaineann le cumais chosanta a fhorbairt, le taighde, le soláthar agus le harmálacha ( dá ngairtear "an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint" anseo feasta) riachtanais oibríochtúla a shainaithint, bearta a chur ar aghaidh chun na riachtanais sin a chomhall, rannchuidiú le haon bheart is gá do neartú bhonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch earnáil na cosanta a shainaithint, agus nuair is iomchuí, a chur chun feidhme, beidh sí rannpháirteach i mbeartas Eorpach chumas agus armálacha a shainiú, agus cuideoidh sí leis an gComhairle chun feabhsú ar a gcumais mhíleata a mheas.

4.   Cinntí a bhaineann leis an mbeartas slándála agus cosanta, lena n-áirítear na cinntí sin a chuireann tús le misean dá dtagraítear san Airteagal seo, glacfaidh an Chomhairle iad ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála nó ar thionscnamh ó Bhallstát. Féadfaidh an tArdionadaí a mholadh go rachfar ar iontaoibh acmhainní náisiúnta agus ionstraimí an Aontais araon, i gcomhpháirt leis an gCoimisiún nuair is iomchuí.

5.   Féadfaidh an Chomhairle a chur de chúram, i gcreat an Aontais, ar ghrúpa Ballstát cúram a chur i gcrích d'fhonn luachanna an Aontais a chosaint agus fónamh dá leasanna. Beidh cur i gcrích an chúraim sin faoi réir Airteagal 44.

6.   Na Ballstáit sin a gcomhallann a gcumais mhíleata critéir níos airde agus a bhfuil gealltanais níos ceangailtí déanta acu i leith a chéile sa réimse sin ar mhaithe leis na cúraimí is déine, bunóidh siad buanchomhar struchtúrtha laistigh de chreat an Aontais. Beidh an comhar sin faoi réir Airteagal 46. Ní dhéanfaidh sé dochar d'fhorálacha Airteagal 43.

7.   Má dhéantar ionsaí armtha ar a chríoch ar Bhallstát, caithfidh na Ballstáit rannpháirteacha eile cúnamh agus cabhair a thabhairt dó le gach meán is féidir leo, i gcomhréir le hAirteagal 51 de Chairt na Náisiún Aontaithe. Ní dhéanfaidh sé sin dochar do cháilíocht shonrach beartais slándála agus cosanta Ballstát áirithe.

Beidh na ceangaltais agus an comhar sa réimse sin comhchuí leis na ceangaltais arna ngabháil ar láimh laistigh d'Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh a leanann de bheith mar bhunsraith dá gcosaint chomhchoiteann i gcás na Stát atá ina gcomhaltaí de agus mar eagras dá cur chun feidhme.