7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/27


Airteagal 19

1.   Cuimseoidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an Chúirt Bhreithiúnais, an Chúirt Ghinearálta agus cúirteanna speisialaithe. Áiritheoidh sí go gcomhlíonfar an dlí i léiriú na gConarthaí agus ina gcur i bhfeidhm.

Cuirfidh na Ballstáit leighis ar fáil a bheidh leordhóthanach chun cosaint dlí éifeachtach a áirithiú sna réimsí atá folaithe le dlí an Aontais.

2.   Beidh an Chúirt Bhreithiúnais comhdhéanta de bhreitheamh amháin as gach Ballstát. Beidh Abhcóidí Ginearálta de chúnamh aici.

Beidh ar an gCúirt Ghinearálta breitheamh amháin ar a laghad as gach Ballstát.

Roghnófar breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta na Cúirte Breithiúnais agus breithiúna na Cúirte Ginearálta as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a chomhallann na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagail 253 agus 254 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ceapfaidh rialtais na mBallstát iad de thoil a chéile ar feadh téarma sé bliana. Féadfar breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta atá ag éirí as oifig a athcheapadh.

3.   Déanfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na Conarthaí:

(a)

rialú a thabhairt ar chaingne arna dtabhairt ag Ballstát, institiúid nó duine nádúrtha nó dlítheanach;

(b)

réamhrialuithe a thabhairt, arna n-iarraidh sin do chúirteanna nó do bhinsí de chuid na mBallstát, maidir le léiriú dhlí an Aontais nó le bailíocht gníomhartha arna nglacadh ag na hinstitiúidí;

(c)

rialú a thabhairt i gcásanna eile dá bhforáiltear sna Conarthaí.