7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/24


Airteagal 16

1.   Feidhmeoidh an Chomhairle, i gcomhpháirt le Parlaimint na hEorpa, feidhmeanna reachtacha agus buiséadacha. Feidhmeoidh sí feidhmeanna sainithe beartas agus feidhmeanna comhordaitheacha faoi mar a leagtar síos sna Conarthaí.

2.   Beidh an Chomhairle comhdhéanta d'ionadaí do gach Ballstát ar leibhéal aireachta a fhéadfaidh gealltanas a thabhairt thar ceann rialtas an Bhallstáit i dtrácht agus a vóta a chaitheamh.

3.   Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sna Conarthaí.

4.   Amhail ón 1 Samhain 2014, saineofar tromlach cáilithe mar 55 % ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle, a chuimsíonn cúig chomhalta dhéag ar a laghad agus a ionadaíonn do Bhallstáit a chuimsíonn 65 % ar a laghad de dhaonra an Aontais.

Ní mór a bheith ar áireamh i mionlach blocála ceithre chomhalta ar a laghad den Chomhairle; dá uireasa sin measfar an tromlach cáilithe a bheith ann.

Déantar na socruithe eile a mbeidh vótáil trí thromlach cáilithe faoina rialú a leagan síos in Airteagal 238(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

5.   Déantar na forálacha idirthréimhseacha maidir le sainiú an tromlaigh cháilithe a mbeidh feidhm acu go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2014, sa Phrótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha mar aon leis na forálacha a mbeidh feidhm acu ón 1 Samhain 2014 go dtí an 31 Márta 2017.

6.   Tiocfaidh an Chomhairle le chéile i bhfoirmíochtaí éagsúla, a nglacfar an liosta dóibh i gcomhréir le hAirteagal 236 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Áiritheoidh an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta comhchuibheas imeachtaí na bhfoirmíochtaí éagsúla den Chomhairle. Ullmhóidh sí cruinnithe na Comhairle Eorpaí agus áiritheoidh sí go gcuirtear na cinntí i gcrích i gcuibhreann le hUachtarán na Comhairle Eorpaí agus leis an gCoimisiún.

Cumfaidh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha gníomhaíocht sheachtrach an Aontais de réir na dtreoirlínte straitéiseacha arna leagan síos ag an gComhairle Eorpach agus áiritheoidh sí comhchuibheas ghníomhaíocht an Aontais.

7.   Beidh Coiste de Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát freagrach as imeachtaí na Comhairle a ullmhú.

8.   Suífidh an Chomhairle i seisiún poiblí nuair a dhéanfaidh sí dréachtghníomh reachtach a phlé agus nuair a dhéanfaidh sí vótáil ina leith. Chuige sin, roinnfear gach cruinniú den Chomhairle ina dhá chuid, ceann a bhaineann le pléití maidir le gníomhartha reachtacha an Aontais agus ceann a bhaineann lena ghníomhartha neamhreachtacha.

9.   Amach ó fhoirmíocht na Comhairle Gnóthaí Eachtracha, déanfaidh ionadaithe na mBallstát sa Chomhairle Uachtaránacht na bhfoirmíochtaí den Chomhairle a shealbhú ar bhonn uainíochta comhionainne, i gcomhréir leis na coinníollacha atá socraithe i gcomhréir le hAirteagal 236 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.