7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/22


Airteagal 14

1.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, i gcomhpháirt leis an gComhairle, feidhmeanna reachtacha agus buiséadacha a fheidhmiú. Feidhmeoidh sí feidhmeanna um rialú polaitiúil agus feidhmeanna comhairliúcháin faoi mar atá leagtha síos sna Conarthaí. Toghfaidh sí Uachtarán an Choimisiúin.

2.   Beidh Parlaimint na hEorpa comhdhéanta d'ionadaithe do shaoránaigh an Aontais. Ní rachaidh a líon thar seacht gcéad caoga, móide an tUachtarán. Beidh ionadaíocht na saoránach comhréireach go céimlaghdaitheach agus beidh íosmhéid seisear comhaltaí ann do gach Ballstát. Ní bheidh níos mó ná sé shuíochán is nócha ag aon Bhallstát.

Glacfaidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil, ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa agus lena toiliú, cinneadh lena socrófar comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

3.   Toghfar comhaltaí Pharlaimint na hEorpa go ceann téarma oifige cúig bliana trí vótáil chomhchoiteann dhíreach i saorbhallóid rúnda.

4.   Toghfaidh Parlaimint na hEorpa a hUachtarán agus a cuid oifigeach as líon a cuid comhaltaí.