7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/22


Airteagal 13

1.   Beidh creat institiúideach ag an Aontas arb é is aidhm dó a luachanna a chur chun cinn, a chuspóirí a shaothrú, fónamh dá leasanna, do leasanna a shaoránach agus do leasanna a Bhallstát, maraon le comhchuibheas, éifeachtúlacht agus leanúnachas a chuid beartas agus gníomhaíochtaí a áirithiú.

Is iad institiúidí an Aontais:

Parlaimint na hEorpa,

an Chomhairle Eorpach,

an Chomhairle,

an Coimisiún Eorpach (dá ngairtear "an Coimisiún" anseo feasta),

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh,

an Banc Ceannais Eorpach,

an Chúirt Iniúchóirí.

2.   Gníomhóidh gach institiúid acu faoi theorainneacha na gcumhachtaí atá tugtha di sna Conarthaí, i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus faoi na coinníollacha agus chun na gcríoch atá leagtha amach iontu. Cleachtfaidh na hinstitiúidí comhar dílis eatarthu féin.

3.   Déantar na forálacha a bhaineann leis an mBanc Ceannais Eorpach agus leis an gCúirt Iniúchóirí, mar aon le forálacha mionsonraithe maidir leis na hinstitiúidí eile, a leagan amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

4.   Beidh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Coiste na Réigiún a fheidhmeoidh feidhmeanna comhairliúcháin de chúnamh ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún.