7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/22 |
Airteagal 13
1. Beidh creat institiúideach ag an Aontas arb é is aidhm dó a luachanna a chur chun cinn, a chuspóirí a shaothrú, fónamh dá leasanna, do leasanna a shaoránach agus do leasanna a Bhallstát, maraon le comhchuibheas, éifeachtúlacht agus leanúnachas a chuid beartas agus gníomhaíochtaí a áirithiú.
Is iad institiúidí an Aontais:
— |
Parlaimint na hEorpa, |
— |
an Chomhairle Eorpach, |
— |
an Chomhairle, |
— |
an Coimisiún Eorpach (dá ngairtear "an Coimisiún" anseo feasta), |
— |
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, |
— |
an Banc Ceannais Eorpach, |
— |
an Chúirt Iniúchóirí. |
2. Gníomhóidh gach institiúid acu faoi theorainneacha na gcumhachtaí atá tugtha di sna Conarthaí, i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus faoi na coinníollacha agus chun na gcríoch atá leagtha amach iontu. Cleachtfaidh na hinstitiúidí comhar dílis eatarthu féin.
3. Déantar na forálacha a bhaineann leis an mBanc Ceannais Eorpach agus leis an gCúirt Iniúchóirí, mar aon le forálacha mionsonraithe maidir leis na hinstitiúidí eile, a leagan amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
4. Beidh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Coiste na Réigiún a fheidhmeoidh feidhmeanna comhairliúcháin de chúnamh ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún.