7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/21 |
Airteagal 12
Rannchuidíonn na Parlaimintí náisiúnta go gníomhach le dea-fheidhmiú an Aontais:
(a) |
trína bheith á gcur ar an eolas ag institiúidí an Aontais agus trí dhréachtghníomhartha reachtacha de chuid an Aontais a bheith á seoladh chucu i gcomhréir leis an bPrótacal maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach; |
(b) |
trína thabhairt go n-urramaítear prionsabal na coimhdeachta i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm; |
(c) |
trí rannpháirtiú, faoi chuimsiú limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais, i sásraí meastóireachta ar chur chun feidhme bheartais an Aontais sa limistéar sin, i gcomhréir le hAirteagal 70 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus trí bheith bainteach le faireachán polaitiúil ar Europol agus le meastóireacht ar ghníomhaíochtaí Eurojust, i gcomhréir le hAirteagail 88 agus 85 den Chonradh sin; |
(d) |
trí rannpháirtiú i nósanna imeachta um athbhreithniú ar na Conarthaí, i gcomhréir le hAirteagal 48 den Chonradh seo; |
(e) |
trína bheith á gcur ar an eolas maidir le hiarratais ar aontachas leis an Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 49 den Chonradh seo; |
(f) |
trí rannpháirtiú i gcomhar idirpharlaiminteach idir Pharlaimintí náisiúnta agus le Parlaimint na hEorpa, i gcomhréir leis an bPrótacal maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach. |