7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/19


Airteagal 6

(sean-Airteagal 6 CAE)

1.   Aithníonn an tAontas na cearta, na saoirsí agus na prionsabail atá leagtha amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh an 7 Nollaig 2000, amhail mar a oiriúnaíodh í an 12 Nollaig 2007, in Strasbourg, a mbeidh an stádas dlí céanna leis na Conarthaí aici.

Ní dhéanfaidh forálacha na Cairte inniúlachtaí an Aontais, mar atá siad sainithe sna Conarthaí, a leathnú in aon slí.

Léireofar na cearta, na saoirsí agus na prionsabail atá leagtha amach sa Chairt i gcomhréir le forálacha ginearálta Theideal VII den Chairt a bhfuil léiriú agus cur i bhfeidhm na Cairte faoina rialú agus aird chuí á tabhairt ar na míniúcháin dá dtagraítear sa Chairt agus lena sonraítear foinsí na bhforálacha sin.

2.   Aontóidh an tAontas don Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint. Ní dhéanfaidh an t–aontachas sin difear d'inniúlachtaí an Aontais mar atá siad sainithe sna Conarthaí.

3.   Is prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais a bheidh sna cearta bunúsacha mar atá siad ráthaithe leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus mar a thig siad as na traidisiúin bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit.