GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/288


PRÓTACAL (Uimh. 17)

MAIDIR LEIS AN DANMHAIRG

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO fadhbanna speisialta áirithe a bhaineann leis an Danmhairg a réiteach,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Ní dhéanfaidh forálacha Airteagal 14 den Phrótacal maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh difear do cheart Bhanc Ceannais na Danmhairge a chúraimí láithreacha a bhaineann leis na codanna sin de Ríocht na Danmhairge nach cuid den Aontas iad a chomhlíonadh.