GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/251


PRÓTACAL (Uimh. 5)

AR REACHT AN BHAINC EORPAIGH INFHEISTÍOCHTA

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta dá bhforáiltear in Airteagal 308 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chinneadh,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Airteagal 1

Comhdhéantar leis seo an Banc Eorpach Infheistíochta a bunaíodh le hAirteagal 308 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear an "Banc" anseo feasta); comhlíonfaidh sé a fheidhmeanna agus déanfaidh sé a ghníomhaíochtaí de réir fhorálacha na gConarthaí agus an Reachta seo.

Airteagal 2

Sainítear le hAirteagal 309 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an cúram a bheidh ar an mBanc.

Airteagal 3

I gcomhréir le hAirteagal 308 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, is iad na Ballstáit comhaltaí an Bhainc.

Airteagal 4

1.   Is é is caipiteal don Bhanc 233 247 390 000 EUR, arna shuibscríobh ag na Ballstáit mar a leanas:

An Ghearmáin

37 578 019 000

An Fhrainc

37 578 019 000

An Iodáil

37 578 019 000

An Ríocht Aontaithe

37 578 019 000

An Spáinn

22 546 811 500

An Bheilg

10 416 365 500

An Ísiltír

10 416 365 500

An tSualainn

6 910 226 000

An Danmhairg

5 274 105 000

An Ostair

5 170 732 500

An Pholainn

4 810 160 500

An Fhionlainn

2 970 783 000

An Ghréig

2 825 416 500

An Phortaingéil

1 820 820 000

Poblacht na Seice

1 774 990 500

An Ungáir

1 679 222 000

Éire

1 318 525 000

An Rómáin

1 217 626 000

An Chróit

854 400 000

An tSlóvaic

604 206 500

An tSlóivéin

560 951 500

An Bhulgáir

410 217 500

An Liotuáin

351 981 000

Lucsamburg

263 707 500

An Chipir

258 583 500

An Laitvia

214 805 000

An Eastóin

165 882 000

Málta

98 429 500

Ní bheidh na Ballstáit faoi dhliteanas ach amháin go feadh méid a scaire den chaipiteal a suibscríobhadh agus nár íocadh.

2.   Má ligtear isteach comhalta nua bhéarfaidh sin méadú ar an gcaipiteal suibscríofa i gcomhréir lena dtabharfaidh an comhalta nua de chaipiteal isteach.

3.   Féadfaidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil, a chinneadh go méadófar an caipiteal suibscríofa.

4.   Ní féidir scair chomhalta sa chaipiteal suibscríofa a aistriú, a chur i ngeall ná a astú.

Airteagal 5

1.   Íocfaidh na Ballstáit an caipiteal suibscríofa go feadh 5 % ar mheán na méideanna a shonraítear in Airteagal 4(1).

2.   I gcás méadú a theacht ar an gcaipiteal suibscríofa, socróidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil, an céatadán a bheidh le híoc agus modh a íoctha. Déanfar na híocaíochtaí in airgead tirim go heisiach in euro.

3.   Féadfaidh an Bord Stiúrthóirí a cheangal go ndéanfar iarmhéid an chaipitil shuibscríofa a íoc, a mhéad is gá don Bhanc chun freastal dá oibleagáidí.

An íocaíocht a bheidh le déanamh amhlaidh ag gach Ballstát, beidh sí i gcomhréir lena scair den chaipiteal suibscríofa.

Airteagal 6

(sean-Airteagal 8)

Beidh an Banc á stiúradh agus á bhainistiú ag Bord Gobharnóirí, Bord Stiúrthóirí agus Coiste Bainistíochta.

Airteagal 7

(sean-Airteagal 9)

1.   Is iad a bheidh ar an mBord Gobharnóirí na hAirí a bheidh ceaptha ag na Ballstáit.

2.   Leagfaidh an Bord Gobharnóirí síos treoracha ginearálta do bheartas creidmheasa an Bhainc, i gcomhréir le cuspóirí an Aontais. Féachfaidh an Bord Gobharnóirí chuige go gcuirfear na treoracha sin i ngníomh.

3.   Ina theannta sin déanfaidh an Bord Gobharnóirí mar a leanas:

(a)

cinnfidh sé an bhfuil an caipiteal suibscríofa le méadú de réir Airteagal 4(3) agus Airteagal 5(2);

(b)

chun críocha Airteagal 9(1), cinnfidh sé na prionsabail is infheidhme ar na hoibríochtaí maoinithe a ghabhfar ar láimh faoi chuimsiú chúram an Bhainc;

(c)

feidhmeoidh sé na cumhachtaí dá bhforáiltear in Airteagail 9 agus 11 maidir le comhaltaí an Bhord Stiúrthóirí agus an Choiste Bainistíochta a cheapadh agus lena scor go héigeantach, mar aon leis na cumhachtaí a fhoráiltear sa dara fomhír d'Airteagal 11(1);

(d)

glacfaidh sé cinntí maidir le maoiniú a dheonú le haghaidh oibríochtaí infheistíochta atá le cur i gcrích, go hiomlán nó go páirteach, lasmuigh de chríocha na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 16(1);

(e)

formheasfaidh sé tuarascáil bhliantúil an Bhord Stiúrthóirí;

(f)

formheasfaidh sé an clár comhardaithe bliantúil maille leis an gcuntas sochair agus dochair;

(g)

feidhmeoidh sé na cumhachtaí agus na feidhmeanna dá bhforáiltear sa Reacht seo;

(h)

formheasfaidh sé rialacha nós imeachta an Bhainc.

4.   Faoi chuimsiú na gConarthaí agus an Reachta seo, beidh an Bord Gobharnóirí inniúil ar aon chinntí a ghlacadh, ag gníomhú dó d'aon toil, a bhaineann le fionraí oibríochtaí an Bhainc agus, dá dtarlódh sin, lena leachtú.

Airteagal 8

(sean-Airteagal 10)

Mura bhforáiltear a mhalairt sa Reacht seo, is trí thromlach dá chomhaltaí a dhéanfaidh an Bord Gobharnóirí cinntí. Ní mór an tromlach sin a bheith in ionannas le 50 % ar a laghad den chaipiteal suibscríofa.

Is gá ocht vóta dhéag agus 68 % den chaipiteal suibscríofa ina fhabhar do thromlach cáilithe.

Ní chuirfidh staonadh ó vótáil ag comhaltaí a bheidh i láthair go pearsanta nó a mbeidh ionadaithe ag feidhmiú thar a gceann cosc ar chinntí a ghlacadh.

Airteagal 9

(sean-Airteagal 11)

1.   Glacfaidh an Bord Stiúrthóirí cinntí maidir le maoiniú a dheonú, go háirithe i bhfoirm iasachtaí agus ráthaíochtaí, agus maidir le hiasachtaí a chruinniú; socróidh sé na rátaí úis ar iasachtaí a dheonófar agus an coimisiún agus muirir eile. Féadfaidh sé cuid dá fheidhmeanna a tharmligean chuig an gCoiste Bainistíochta ar bhonn cinnidh arna ghlacadh trí thromlach cáilithe. Cinnfidh sé na téarmaí agus na coinníollacha do tharmligean den sórt sin agus maoirseoidh sé a fhorghníomhú.

Féachfaidh an Bord Stiúrthóirí chuige go bhfuil an Banc á rith mar is cuí; áiritheoidh sé go bhfuil an Banc á bhainistiú i gcomhréir le forálacha na gConarthaí agus an Reachta agus i gcomhréir leis na treoracha ginearálta a leagfaidh an Bord Gobharnóirí síos.

I ndeireadh na bliana airgeadais, cuirfidh an Bord Stiúrthóirí tuarascáil faoi bhráid an Bhord Gobharnóirí agus foilseoidh sé í tar éis a formheasta.

2.   Naoi stiúrthóir is fiche agus naoi stiúrthóir mhalartacha déag a bheidh ar an mBord Stiúrthóirí.

Déanfaidh an Bord Gobharnóirí na stiúrthóirí a cheapadh go ceann cúig bliana, stiúrthóir amháin arna ainmniú ag gach Ballstát, agus stiúrthóir amháin arna ainmniú ag an gCoimisiún.

Déanfaidh an Bord Gobharnóirí na malartaigh a cheapadh go ceann cúig bliana mar a thaispeántar thíos:

beirt mhalartach arna n-ainmniú ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine,

beirt mhalartach arna n-ainmniú ag Poblacht na Fraince,

beirt mhalartach arna n-ainmniú ag Poblacht na hIodáile,

beirt mhalartach arna n-ainmniú ag Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann,

malartach amháin arna ainmniú de thoil a chéile ag Ríocht na Spáinne agus ag Poblacht na Portaingéile,

malartach amháin arna ainmniú de thoil a chéile ag Ríocht na Beilge, ag Ard-Diúcacht Lucsamburg agus ag Ríocht na hÍsiltíre,

beirt mhalartach arna n-ainmniú de thoil a chéile ag Ríocht na Danmhairge, ag an bPoblacht Heilléanach, ag Éirinn agus ag an Rómáin,

beirt mhalartach arna ainmniú de thoil a chéile ag Poblacht na hEastóine, ag Poblacht na Laitvia, ag Poblacht na Liotuáine, ag Poblacht na hOstaire, ag Poblacht na Fionlainne agus ag Ríocht na Sualainne,

ceathrar malartach arna n-ainmniú de thoil a chéile ag Poblacht na Bulgáire, ag Poblacht na Seice, ag Poblacht na Cróite, ag Poblacht na Cipire, ag Poblacht na hUngáire, ag Poblacht Mhálta, ag Poblacht na Polainne, ag Poblacht na Slóivéine agus ag Poblacht na Slóvaice,

malartach amháin arna ainmniú ag an gCoimisiún.

Comhthoghfaidh an Bord Stiúrthóirí seisear saineolaithe gan ceart vótála: triúr mar chomhaltaí agus triúr mar mhalartaigh

Féadfar ceapacháin na stiúrthóirí agus na malartach a athnuachan.

Leagfar síos leis na Rialacha Nós Imeachta na socruithe maidir le bheith rannpháirteach i gcruinnithe den Bhord Stiúrthóirí agus na forálacha is infheidhme ar mhalartaigh agus ar shaineolaithe arna gcomhthoghadh.

Beidh Uachtarán an Choiste Bainistíochta nó, má bhíonn sé as láthair, duine dá Leas-Uachtaráin, i gceannas ar chruinnithe den Bhord Stiúrthóirí, ach ní vótálfaidh sé.

Roghnófar comhaltaí an Bhord Stiúrthóirí as daoine nach bhfuil a neamhspleáchas ná a n-inniúlacht inchurtha in amhras; ní bheidh siad freagrach ach amháin don Bhanc.

3.   Ní fhéadfaidh an Bord Gobharnóirí stiúrthóir a scor go héigeantach ach amháin sa chás nach bhfuil na coinníollacha is gá chun a dhualgais a dhéanamh á gcomhlíonadh aige a thuilleadh; ní foláir don Bhord gníomhú trí thromlach cáilithe.

Mura dtugtar formheas ar an tuarascáil bhliantúil, éireoidh an Bord Stiúrthóirí as oifig.

4.   Aon fholúntas a tharlóidh trí bhás comhalta, nó trína éirí as oifig dá dheoin féin, nó trína éirí as go héigeantach, nó trí chomhaltaí d'éirí as d'aon bhuíon, líonfar é de réir mhír 2 den Airteagal seo. Ach amháin i gcás an Bord Stiúrthóirí ar fad a athrú, gabhfar ionad comhalta go ceann a bhfuil fágtha dá théarma oifige.

5.   Cinnfidh an Bord Gobharnóirí an luach saothair do chomhaltaí an Bhord Stiúrthóirí. Leagfaidh an Bord Gobharnóirí síos cad iad na gníomhaíochtaí nach luíonn le dualgais stiúrthóra nó mhalartaigh.

Airteagal 10

(sean-Airteagal 12)

1.   Beidh vóta amháin ag gach stiúrthóir ar an mBord Stiúrthóirí. Féadfaidh sé a vóta a tharmligean i ngach cás, ar an modh a leagfar sios le rialacha nós imeachta an Bhainc.

2.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa Reacht seo, is trí thromlach trian ar a laghad dá chomhaltaí atá i dteideal vótáil agus iad in ionannas le caoga faoin gcéad ar a laghad den chaipiteal suibscríofa a dhéanfaidh an Bord Stiúrthóirí cinntí. Do thromlach cáilithe is gá ocht vóta dhéag ina fhabhar agus seasca a hocht faoin gcéad den chaipiteal suibscríofa. Leagfar síos i rialacha nós imeachta an Bhainc an córam is gá chun gur bailí iad cinntí an Bhord Stiúrthóirí.

Airteagal 11

(sean-Airteagal 13)

1.   Beidh ar an gCoiste Bainistíochta Uachtarán agus ochtar Leas-Uachtarán arna gceapadh ag an mBord Gobharnóirí go ceann tréimhse sé bliana ar thogra ón mBord Stiúrthóirí. Féadfar na ceapacháin sin a athnuachan.

Féadfaidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil, líon na gcomhaltaí ar an gCoiste Bainistíochta a athrú.

2.   Ar thogra ón mBord Stiúrthóirí arna ghlacadh trí thromlach cáilithe, féadfaidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó trí thromlach cáilithe freisin, comhalta den Choiste Bainistíochta a scor go héigeantach.

3.   Beidh an Coiste Bainistíochta freagrach i ngnóthaí reatha an Bhainc, faoi údarás an Uachtaráin agus faoi mhaoirseacht an Bhord Stiúrthóirí.

Ullmhóidh sé cinntí an Bhord Stiúrthóirí, go háirithe cinntí i dtaobh iasachtaí a chruinniú agus i dtaobh iasachtaí agus maoiniú a dheonú, go háirithe i bhfoirm iasachtaí agus ráthaíochtaí; féachfaidh sé chuige go gcuirfear na cinntí sin i ngníomh.

4.   Gníomhóidh an Coiste Bainistíochta trí thromlach ag tabhairt tuairimí dó ar thograí chun iasachtaí a chruinniú nó maoiniú a dheonú, go háirithe i bhfoirm iasachtaí agus ráthaíochtaí.

5.   Cinnfidh an Bord Gobharnóirí luach saothair comhaltaí an Choiste Bainistíochta agus leagfaidh síos cad iad na gníomhaíochtaí nach luíonn lena ndualgais.

6.   Feidhmeoidh an tUachtarán nó, mura féidir dó é, Leas-Uachtarán, ar son an Bhainc in ábhair dhlíthiúla agus in ábhair eile.

7.   Beidh foireann an Bhainc faoi údarás an Uachtaráin. Is é a fhostóidh agus a scoirfidh iad. Chun foireann a roghnú, cuirfear san áireamh ní hamháin cumas agus cáilíochtaí pearsanta ach ina theannta sin ionadaíocht chothromais náisiúnaigh na mBallstát. Cinnfear leis na Rialacha Nós Imeachta cad é an comhlacht is inniúil chun forálacha a bheidh infheidhme maidir leis an bhfoireann a ghlacadh.

8.   Ní bheidh Coiste Bainistíochta agus foireann an Bhainc freagrach ach don Bhanc amháin agus beidh siad neamhspleách ar fad i gcomhlíonadh a ndualgas.

Airteagal 12

(sean-Airteagal 14)

1.   Déanfaidh Coiste ar a mbeidh sé chomhalta, arna gceapadh ag an mBord Gobharnóirí ar bhonn a n-inniúlachta, a fhíorú gach bliain go gcomhlíonann gníomhaíochtaí an Bhainc dea-chleachtas baincéireachta agus beidh sé freagrach as a chuntais a iniúchadh.

2.   Déanfaidh an Coiste dá dtagraítear i mír 1 a chinntiú gach bliain gur seoladh oibríochtaí an Bhainc agus gur coimeádadh a leabhair ar mhodh cuí. Chuige sin, fíoróidh sé go ndearnadh oibríochtaí an Bhainc a sheoladh ar cothrom leis na foirmiúlachtaí agus na nósanna imeachta dá bhforáiltear leis an Reacht seo agus leis na Rialacha Nós Imeachta.

3.   Daingneoidh an Coiste dá dtagraítear i mír 1 go dtugann na ráitis airgeadais mar aon le gach faisnéis airgeadais eile dá bhfuil sna cuntais bhliantúla arna dtarraingt suas ag an mBord Stiúrthóirí léargas fíorcheart ar riocht airgeadais an Bhainc i dtaca lena shochair agus a dhochair, agus ar thorthaí a chuid oibríochtaí agus a shreafaí airgid thirim don bhliain airgeadais faoi bhreithniú.

4.   Sonrófar leis na Rialacha Nós Imeachta na cáilíochtaí atá riachtanach do chomhaltaí an Choiste agus leagfaidh sé síos na téarmaí agus na coinníollacha do ghníomhaíocht an Choiste dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 13

(sean-Airteagal 15)

Déileálfaidh an Banc le gach Ballstát tríd an údarás a bheidh ceaptha ag an Stát sin. Ag seoladh a oibríochtaí airgeadais dó, rachaidh an Banc ar iontaoibh bhanc ceannais náisiúnta an Bhallstáit atá i gceist nó institiúidí eile airgeadais a bheidh formheasta ag an Stát sin.

Airteagal 14

(sean-Airteagal 16)

1.   Comhoibreoidh an Banc le gach eagraíocht idirnáisiúnta atá gníomhach i réimeanna cosúil lena chuid féin.

2.   Féachfaidh an Banc le comhtheagmhálacha cuí a bhunú ar mhaithe leis an gcomhoibriú le hinstitiúidí baincéireachta agus airgeadais sna tíortha a sroicheann a oibríochtaí chucu.

Airteagal 15

(sean-Airteagal 17)

Arna iarraidh sin do Bhallstát nó don Choimisiún, nó uaidh féin, déanfaidh an Bord Gobharnóirí, de réir na gcoinníollacha céanna a bhain lena nglacadh, na treoracha a bheidh leagtha síos aige faoi Airteagal 7 den Reacht seo a léiriú nó a fhorlíonadh.

Airteagal 16

(sean-Airteagal 18)

1.   Faoi chuimsiú an chúraim atá leagtha amach in Airteagal 309 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, deonóidh an Banc maoiniú, go háirithe i bhfoirm iasachtaí agus ráthaíochtaí dá chomhaltaí nó do ghnóthais phríobháideacha nó phoiblí le haghaidh infheistíochtaí a bheidh le cur in éifeacht i gcríocha Ballstát, sa mhéid nach bhfuil cistí le fáil ó fhoinsí eile ar théarmaí réasúnta.

Ach trí chinneadh ón mBord Gobharnóirí, ag gníomhú dó trí thromlach cáilithe ar thogra ón mBord Stiúrthóirí, féadfaidh an Banc maoiniú a dheonú le haghaidh infheistíochtaí a bheidh le cur in éifeacht, go hiomlán nó go páirteach, lasmuigh de chríocha Ballstát.

2.   Chomh fada agus is féidir, ní dheonófar iasachtaí ach ar an gcoinníoll go n-úsáidfear foinsí eile airgeadais freisin.

3.   Nuair a bheidh iasacht á deonú aige do ghnóthas nó do chomhlacht seachas Ballstát, cuirfidh an Banc de choinníoll leis an iasacht sin go bhfaighfear ráthaíocht ón mBallstát ar ina chríoch atá an infheistíocht le cur in éifeacht nó go bhfaighfear ráthaíochtaí leormhaithe eile nó go mbeidh láidreacht airgeadais ag an bhféichiúnaí.

Fairis sin, i gcomhréir leis na prionsabail arna mbunú ag an mBord Gobharnóirí de bhun Airteagal 7(3)(b), agus nuair is gá sin chun na tionscadail dá bhforáiltear in Airteagal 309 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme, socróidh an Bord Stiúrthóirí, ag gníomhú dó trí thromlach cáilithe, téarmaí agus coinníollacha aon oibríochta um maoiniú a bhfuil próifíl riosca shonrach ag gabháil léi agus a mheastar mar sin mar ghníomhaíocht speisialta.

4.   Féadfaidh an Banc iasachtaí a ráthú a thógfaidh gnóthais phoiblí nó phríobháideacha nó a thógfaidh comhlachtaí eile chun tionscadail dá bhforáiltear in Airteagal 309 de na Conarthaí a chur in éifeacht.

5.   An méid comhiomlán a bheidh amuigh tráth ar bith d'iasachtaí agus de ráthaíochtaí ón mBanc, ní mó é ná 250 % dá chaipiteal suibscríofa, dá chúlchistí, dá sholáthairtí neamhchionroinnte agus den bharrachas ón gcuntas brabúis agus caillteanais. Laghdófar an méid comhiomlán sin méid is ionann agus an méid atá suibscríofa, bíodh nó ná bíodh sé íoctha isteach, i gcomhair aon rannpháirtíocht cothromais de chuid an Bhainc.

Méid na rannpháirtíochtaí cothromais de chuid an Bhainc atá íoctha amach, ní mó é tráth ar bith ná méid is comhfhreagrach le hiomlán a chaipitil shuibscríofa atá íoctha isteach, a chúlchistí, a sholáthairtí neamhchionroinnte agus a bharrachas ón gcuntas brabúis agus caillteanais.

Mar eisceacht, beidh ag gníomhaíochtaí speisialta an Bhainc, arna gcinneadh ag an mBord Gobharnóirí agus ag an mBord Stiúrthóirí i gcomhréir le mír 3, cionroinnt shonrach cúlchiste.

Beidh feidhm ag an mír seo freisin maidir le cuntais chomhdhlúite an Bhainc.

6.   Cosnóidh an Banc é féin in aghaidh fiontair malairte trí cibé clásail is cuí leis a chur isteach i gconarthaí le haghaidh iasachtaí agus ráthaíochtaí.

Airteagal 17

(sean-Airteagal 19)

1.   Déanfar na rátaí úis ar iasachtaí ón mBanc agus coimisiún agus muirir eile a oiriúnú do na coinníollacha atá i dtreis ar mhargadh an chaipitil agus iad a ríomh ar dhóigh go gcuirfidh an t-ioncam astu ar chumas an Bhainc freastal dá oibleagáidí, a chaiteachais agus a rioscaí a ghlanadh agus cúlchiste a thiomargadh mar a fhoráiltear in Airteagal 22.

2.   Ní dheonóidh an Banc aon laghdú ar rátaí úis. I gcás inar cosúil gur mhaith an rud é an t-ús a laghdú mar gheall ar an saghas infheistíochta atá le maoiniú, féadfaidh an Ballstát atá i gceist nó gníomhaireacht éigin eile cabhair a thabhairt chun íoctha an úis, sa mhéid go luífidh sin le hAirteagal 107 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 18

(sean-Airteagal 20)

Ina oibríochtaí i ndáil le maoiniú, urramóidh an Banc na prionsabail seo a leanas:

1.

Féachfaidh sé chuige go n-úsáidfear a chistí ar an gcuma is réasúnaí is féidir ar mhaithe le leasanna an Aontais.

Ní fhéadfaidh sé iasachtaí ná ráthaíochtaí a thabhairt ach amháin:

(a)

más rud é, i gcás infheistíochtaí atá á gcur in éifeacht ag gnóthais in earnáil an táirgthe, go bhfuil íocaíochtaí in aghaidh úis agus amúchta á gcumhdach as brabúis oibriúcháin nó, i gcás infheistíochtaí eile, trí oibleagáidí faoina ndeachaigh an Stát a bhfuil an infheistíocht á cur in éifeacht ann nó ar mhodh éigin eile; agus

(b)

más rud é go gcuidíonn feidhmiú na hinfheistíochta le méadú ar an táirgiúlacht eacnamaíoch i gcoitinne agus go gcuireann sé gnóthú an mhargaidh inmheánaigh ar aghaidh.

2.

Ní cead dó aon leas a fháil i ngnóthas ná aon fhreagracht a ghlacadh ina bhainistíocht, mura gá sin le go gcosnófaí cearta an Bhainc chun a áirithiú go bhfaighfear ar ais cistí a tugadh ar iasacht.

Ar a shon sin, i gcomhréir leis na prionsabail arna mbunú ag an mBord Gobharnóirí de bhun Airteagal 7(3)(b), agus nuair is gá sin chun na hoibríochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 309 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme, socróidh an Bord Stiúrthóirí, ag gníomhú dó trí thromlach cáilithe, na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht cothromais a ghlacadh i ngnóthas tráchtála, de ghnáth mar chomhlánú ar iasacht nó ar ráthaíocht, a mhéid is gá sin chun infheistíocht nó clár a mhaoiniú.

3.

Féadfaidh sé a chuid éileamh a dhíol ar an margadh caipitil agus, chun na críche sin, féadfaidh sé a cheangal ar a fhéichiúnaithe bannaí nó urrúis eile a eisiúint.

4.

Ní fhorchuirfidh an Banc ná na Ballstáit coinníollacha á cheangal cistí a fuarthas ar iasacht ón mBanc a chaitheamh i gcríoch Bhallstáit shonraithe.

5.

Féadfaidh an Banc é a chur de choinníoll le hiasachtaí uaidh go ndéanfar socrú le haghaidh iarrataí idirnáisiúnta ar thairiscintí.

6.

Ní mhaoineoidh an Banc, go hiomlán ná go páirteach, aon infheistíocht a bhfuil cur ina choinne ag an mBallstát ar ina chríoch atá sí le cur in éifeacht.

7.

Mar chomhlánú ar a ghníomhaíocht um iasachtú, féadfaidh an Banc seirbhísí cabhrach teicniúla a chur ar fáil i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha arna leagan síos ag an mBord Gobharnóirí, ag gníomhú dó trí thromlach cáilithe, agus i gcomhlíonadh an Reachta seo.

Airteagal 19

(sean-Airteagal 21)

1.   Féadfaidh aon ghnóthas, nó aon eagras poiblí nó príobháideach, iarratas ar mhaoiniú a dhéanamh go díreach chun an Bhainc. Féadfar iarratais a dhéanamh freisin tríd an gCoimisiún nó tríd an mBallstát ar ina chríoch atá an infheistíocht le cur in éifeacht.

2.   Iarratais a dhéanfar tríd an gCoimisiún, cuirfear iad faoi bhráid an Bhallstáit ar ina chríoch atá an infheistíocht le cur in éifeacht, d'fhonn tuairim a fháil. Iarratais a dhéanfar trí Bhallstát, cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin iad le tuairim a fháil. Iarratais a dhéanfaidh gnóthas go díreach, cuirfear iad faoi bhráid an Bhallstáit lena mbaineann agus faoi bhráid an Choimisiúin.

Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann agus an Coimisiún a dtuairimí laistigh de dhá mhí. Mura bhfaighfear freagra laistigh den tréimhse sin, féadfaidh an Banc glacadh leis nach bhfuil aon chur i gcoinne an tionscadail.

3.   Tabharfaidh an Bord Stiúrthóirí rialú ar oibríochtaí maoinithe a chuirfidh an Coiste Bainistíochta faoina bhráid.

4.   Scrúdóidh an Coiste Bainistíochta na hoibríochtaí maoinithe a cuireadh faoina bhráid féachaint an gcomhlíonann siad forálacha an Reachta seo, go háirithe Airteagail 16 agus 18. Má bhíonn an Coiste Bainistíochta i bhfabhar na hoibríochta maoinithe, cuirfidh sé an togra comhfhreagrach faoi bhráid an Bhord Stiúrthóirí. Féadfaidh an Coiste cibé coinníollacha is fíor-riachtanach leis a chur lena thuairim fhabhrach. Má bhíonn an Coiste Bainistíochta in aghaidh an maoiniú a dheonú, cuirfidh sé na doiciméid iomchuí faoi bhráid an Bhord Stiúrthóirí mar aon lena thuairim.

5.   Má thugann an Coiste Bainistíochta tuairim neamhfhabhrach, ní fhéadfaidh an Bord Stiúrthóirí an maoiniú áirithe a dheonú mura gcinnfidh sé é sin d'aon toil.

6.   Má thugann an Coimisiún tuairim neamhfhabhrach, ní fhéadfaidh an Bord Stiúrthóirí an maoiniú áirithe a dheonú mura gcinnfidh sé é sin d'aon toil, gan an stiúrthóir a bheidh ainmnithe ag an gCoimisiún a bheith páirteach sa vótáil.

7.   Má thugann an Coiste Bainistíochta agus an Coimisiún araon tuairim neamhfhabhrach, ní fhéadfaidh an Bord Stiúrthóirí an maoiniú a dheonú.

8.   Más gá oibríocht maoinithe a bhaineann le hinfheistíocht fhormheasta a athstruchtúrú chun cearta agus leasanna an Bhainc a chosaint, glacfaidh an Coiste Bainistíochta gan mhoill na bearta éigeandála a mheasann sé is gá, faoi réir an Bord Stiúrthóirí a chur ar an eolas faoi láithreach.

Airteagal 20

(sean-Airteagal 22)

1.   Gheobhaidh an Banc ar iasacht ar na margaí caipitil na cistí is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh.

2.   Féadfaidh an Banc iasachtaí a fháil ar mhargaí caipitil na mBallstát, de réir na bhforálacha dlíthiúla a bhaineann leis na margaí sin.

Ní fhéadfaidh údaráis inniúla Ballstáit a bhfuil maolú aige de réir bhrí Airteagal 139(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh cur ina choinne sin ach amháin nuair is baolach suaitheadh tromchúiseach a theacht ar mhargadh caipitil an Stáit sin.

Airteagal 21

(sean-Airteagal 23)

1.   Féadfaidh an Banc aon chistí dá chuid atá ar fáil agus nach bhfuil de dhíth air láithreach chun freastal dá oibleagáidí a úsáid mar a leanas:

(a)

féadfaidh sé infheistiú ar na margaí airgid;

(b)

féadfaidh sé, faoi réir fhorálacha Airteagal 18(2), urrúis a cheannach agus a dhíol;

(c)

féadfaidh sé aon oibríochtaí eile airgeadais a bhfuil baint acu lena chuspóirí a dhéanamh.

2.   Gan dochar d'fhorálacha Airteagal 23, ní dhéanfaidh an Banc, ag bainistí a infheistíochtaí dó, páirt a ghabháil in aon airbeatráiste airgid reatha nach gá go díreach chun a oibríochtaí iasachtúcháin a dhéanamh nó chun oibleagáidí a chomhlíonadh a d'éirigh as iasachtaí a thóg sé nó as ráthaíochtaí a thug sé.

3.   Sna réimeanna atá faoi thrácht san Airteagal seo, gníomhóidh an Banc i gcomhaontacht le húdaráis inniúla nó le banc ceannais náisiúnta an Bhallstáit atá i gceist.

Airteagal 22

(sean-Airteagal 24)

1.   Déanfar cúlchiste go feadh 10 % den chaipiteal suibscríofa a thiomargadh go comhleanúnach. Má bhíonn call leis mar gheall ar an staid ina bhfuil dliteanais an Bhainc, féadfaidh an Bord Stiúrthóirí cinneadh ar chúlchistí breise a chur ar bun. Go dtí go mbeidh an cúlchiste tiomargtha go hiomlán, cothófar é:

(a)

le hús a fuarthas ar iasachtaí a dheonaigh an Banc as suimeanna is iníoctha ag na Ballstáit de bhun Airteagal 5,

(b)

le hús a fuarthas ar iasachtaí a dheonaigh an Banc as cistí a fuarthas de thoradh aisíoc na n-iasachtaí dá dtagraítear i bhfomhír (a),

sa mhéid nach bhfuil an t-ioncam sin ag teastáil faoi chomhair oibleagáidí an Bhainc nó chun a chaiteachais a íoc.

2.   Déanfar acmhainní an chúlchiste a infheistiú ar dhóigh go mbeidh siad ar fáil tráth ar bith faoi chomhair chuspóir an chiste.

Airteagal 23

(sean-Airteagal 25)

1.   Beidh teideal ag an mBanc gach tráth a shócmhainní in airgead reatha Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra aige a aistriú isteach chun oibríochtaí airgeadais a chur i gcrích a fhreagraíonn don chúram atá leagtha amach in Airteagal 309 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ag cur forálacha Airteagal 21 den Reacht seo san áireamh. Seachnóidh an Banc, oiread agus is féidir, aistriú dá leithéid sin, má bhíonn airgead tirim nó sócmhainní leachtacha aige san airgead reatha atá ag teastáil.

2.   Ní fhéadfaidh an Banc a shócmhainní in airgead reatha Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra aige a shóinseáil go hairgead reatha tríú tír, gan chomhaontú an Bhallstáit sin.

3.   Féadfaidh an Banc úsáid a dhéanamh gan bhac den chuid sin dá chaipiteal atá íoctha, agus d'aon airgead reatha a fuarthas ar iasacht ar mhargaí lasmuigh den Aontas.

4.   Gabhann na Ballstáit orthu féin go gcuirfidh siad ar fáil d'fhéichiúnaithe an Bhainc an t-airgead reatha is gá chun aisíoctha an chaipitil agus chun íoctha an úis ar iasachtaí nó an choimisiúin ar ráthaíochtaí arna dtabhairt ag an mBanc le haghaidh infheistíochtaí atá le cur in éifeacht ina gcríoch.

Airteagal 24

(sean-Airteagal 26)

Mura bhfreastalóidh Ballstát dá oibleagáidí mar chomhalta de dhroim an Reachta seo, agus go háirithe an oibleagáid chun a scair den chaipiteal suibscríofa a íoc nó na hiasachtaí a fuair sé a sheirbhísiú, féadfar deonú iasachtaí nó ráthaíochtaí don Bhallstát sin nó dá náisiúnaigh a fhionraí le cinneadh ón mBord Gobharnóirí.

Ní shaorfaidh an cinneadh sin an Stát ná a náisiúnaigh óna n-oibleagáidí i leith an Bhainc.

Airteagal 25

(sean-Airteagal 27)

1.   Má chinneann an Bord Gobharnóirí oibríochtaí an Bhainc a fhionraí, stadfaidh a ghníomhaíochtaí uile láithreach, ach amháin na cinn is gá chun a áirithiú go ndéanfar a shócmhainní a réadú, a chosaint agus a chaomhnú agus a dhliteanais a shocrú mar is cuí.

2.   I gcás a leachtaithe, ceapfaidh an Bord Gobharnóirí na leachtaitheoirí agus tabharfaidh teagaisc dóibh chun an leachtú a chur in éifeacht. Áiritheoidh sé go ndéanfar cearta bhaill na foirne a chosaint.

Airteagal 26

(sean-Airteagal 28)

1.   I ngach ceann de na Ballstáit, beidh ag an mBanc an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil faoina ndlíthe ag daoine dlítheanacha; féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe nó maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sé bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.

2.   Beidh maoin an Bhainc díolmhaithe ó fhoréileamh nó díshealbhú de chineál ar bith.

Airteagal 27

(sean-Airteagal 29)

Aon díospóidí a tharlóidh idir an Banc ar thaobh amháin, agus a chreidiúnaithe, a fhéichiúnaithe nó duine ar bith eile ar an taobh eile, cinnfidh na cúirteanna náisiúnta inniúla iad, ach amháin mar a bhfuil dlínse tugtha do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Féadfaidh an Banc socrú le haghaidh eadrána a fhoráil i gconradh.

Beidh seoladh le haghaidh seirbheála i ngach Ballstát ag an mBanc. Féadfaidh sé áfach seoladh áirithe le haghaidh seirbheála a shonrú in aon chonradh.

Ni fhéadfar sócmhainní agus maoin an Bhainc a astú ná iad a urghabháil trí fhorghníomhú ach amháin le cinneadh cúirte.

Airteagal 28

(sean-Airteagal 30)

1.   Féadfaidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil, a chinneadh fochomhlachtaí nó eintitis eile a bhunú a mbeidh pearsantacht dhlítheanach agus uathriail airgeadais acu.

2.   Bunóidh an Bord Gobharnóirí Reachtanna na gcomhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 trí chinneadh d'aon toil. Saineofar leis na Reachtanna go háirithe a gcuspóirí, a struchtúr, a gcaipiteal, a gcomhaltas, a suíomh, a n-acmhainní airgeadais, a modhanna idirghabhála agus a socruithe iniúchóireachta maille leis an ngaol idir iad agus orgáin an Bhainc.

3.   Féadfaidh an Banc a bheith rannpháirteach i mbainistíocht na gcomhlachtaí sin agus ranníocaíocht a dhéanamh i leith a gcaipitil shuibscríofa go feadh méid arna shainiú ag an mBord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil.

4.   Beidh feidhm ag an bPrótacal ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir leis na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 a mhéid a bheidh siad corpraithe faoi dhlí an Aontais, le comhaltaí a n-orgán i gcomhlíonadh a ndualgas sa cháil sin dóibh agus lena bhfoireann, faoi na téarmaí agus na coinníollacha céanna is infheidhme maidir leis an mBanc.

Ar a shon sin, na díbhinní, na gnóthachain chaipitiúla nó na saghsanna eile ioncaim a thig ó chomhlachtaí den sórt sin a mbeidh na comhaltaí, seachas an tAontas Eorpach agus an Banc, ina dteideal, fanfaidh siad faoi réir fhorálacha fioscacha na reachtaíochta is infheidhme.

5.   Laistigh de na teorainneacha atá leagtha síos anseo thíos, beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann le bearta arna nglacadh ag orgáin chomhlachta atá corpraithe faoi dhlí an Aontais. Féadfaidh aon chomhalta de chomhlacht den sórt sin ina cháil mar chomhalta nó na Ballstáit imeachtaí i gcoinne bearta den sórt sin a thionscnamh faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

6.   Féadfaidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil, a chinneadh foireann comhlachtaí atá corpraithe faoi dhlí an Aontais a ligean isteach i scéimeanna comhpháirteacha leis an mBanc, ar cothrom leis na nósanna imeachta inmheánacha faoi seach.