7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/358


62.   Dearbhú ó Phoblacht na Polainne maidir leis an bPrótacal maidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir leis an bPolainn agus leis an Ríocht Aontaithe

Dearbhaíonn an Pholainn, ag féachaint do thraidisiún na gluaiseachta "Solidarnosc" agus dá rannchuidiú suntasach don streachailt ar son cearta daonna agus oibre, go n-urramaíonn sí cearta sóisialta agus oibre go hiomlán, mar atá siad bunaithe le dlí an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe na cearta a athdhearbhaítear i dTeideal IV de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.