7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/355


52.   Dearbhú ó Ríocht na Beilge, ó Phoblacht na Bulgáire, ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, ón bPoblacht Heilléanach, ó Ríocht na Spáinne, ó Phoblacht na hIodáile, ó Phoblacht na Cipire, ó Phoblacht na Liotuáine, ó Ard-Diúcacht Lucsamburg, ó Phoblacht na hUngáire, ó Phoblacht Mhálta, ó Phoblacht na hOstaire, ó Phoblacht na Portaingéile, ón Rómáin, ó Phoblacht na Slóivéine agus ó Phoblacht na Slóvaice maidir le siombail an Aontais Eorpaigh

Dearbhaíonn an Bheilg, an Bhulgáir, an Ghearmáin, an Ghréig, an Spáinn, an Iodáil, an Chipir, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, Málta, an Ostair, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic go leanfaidh an bhratach a bhfuil ciorcal de dhá cheann déag de réaltaí órga ar chúlra gorm uirthi, an roscamhrán "Óid don Aoibhneas" as Naoú Siansa Ludwig van Beethoven, an mana "Aontaithe san éagsúlacht", an euro mar airgeadra an Aontais Eorpaigh agus lá na hEorpa an 9 Bealtaine de bheith ina siombailí dóibhsean de bhallraíocht choiteann na ndaoine san Aontas Eorpach agus den cheangal atá acu leis an Aontas Eorpach.