7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/353


48.   Dearbhú maidir leis an bPrótacal maidir le seasamh na Danmhairge

Tugann an Chomhdháil dá haire, i ndáil leis na gníomhartha dlí atá le glacadh ag an gComhairle ag gníomhú di ina haonar nó i gcomhpháirt le Parlaimint na hEorpa agus ina bhfuil forálacha is infheidhme maidir leis an Danmhairg chomh maith le forálacha nach bhfuil infheidhme maidir leis an Danmhairg toisc go bhfuil bunús dlí acu a bhfuil feidhm ag Cuid I den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge ina leith, go ndearbhaíonn an Danmhairg nach n-úsáidfidh sí a ceart vótála chun glacadh forálacha nach bhfuil infheidhme maidir leis an Danmhairg a chosc.

Fairis sin, tugann an Chomhdháil dá haire go ndearbhaíonn an Danmhairg, ar bhonn an Dearbhaithe ón gComhdháil maidir le hAirteagal 222 go mbeidh rannpháirtíocht na Danmhairge i ngníomhaíochtaí nó i ngníomhartha dlí de bhun Airteagal 222 i gcomhréir le Cuid I agus Cuid II den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge.