7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/346 |
25. Dearbhú maidir le hAirteagail 75 agus 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
Meabhraíonn an Chomhdháil go leanann sé go háirithe ó chearta agus saoirsí bunúsacha a urramú go dtabharfar aire chuí do chearta próisis chuí na ndaoine aonair agus na n-eintiteas i dtrácht a chosaint agus a urramú. Chuige sin agus chun athbhreithniú breithiúnach críochnúil a ráthú ar chinntí a chuireann duine aonair nó eintiteas faoi réir bearta sriantacha, ní mór na cinntí sin a fhothú ar chritéir shoiléire leithleacha. Ba chóir na critéir sin a chur in oiriúint do na saintréithe atá ag gach beart sriantach.