|
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/331 |
IARSCRÍBHINN I
LIOSTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 38 DEN CHONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH
(1) |
(2) |
Uimhir in Ainmníocht na Bruiséile |
Tuairisc na dtáirgí |
Caibidil 1 |
Ainmhithe beo |
Caibidil 2 |
Feoil agus scartach feola inite |
Caibidil 3 |
Iasc, crústaigh agus moilisc |
Caibidil 4 |
Toradh déiríochta; uibheacha éan; mil nádúrtha |
Caibidil 5 |
|
05.04 |
Inní, lamhnáin agus goilí ainmhithe (seachas iasc), go hiomlán agus ina bpíosaí |
05.15 |
Táirgí ó ainmhithe nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile; ainmhithe marbha faoi Chaibidil 1 nó faoi Chaibidil 3, mí-oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine |
Caibidil 6 |
Crainn agus plandaí beo eile; bleibíní; fréamhacha agus a leithéidí; bláthanna gearrtha agus duilliúr ornáideach |
Caibidil 7 |
Glasraí agus fréamhacha agus tiúbair áirithe atá inite |
Caibidil 8 |
Torthaí agus cnónna inite; craiceann mealbhacán nó torthaí ciotrais |
Caibidil 9 |
Caife, tae agus spíosraí, gan maité (ceannteideal Uimh. 09.03) a áireamh |
Caibidil 10 |
Gránaigh |
Caibidil 11 |
Táirgí an tionscail mhuilleoireachta; braich agus stáirsí; glútan; iniúilin |
Caibidil 12 |
Síolta ola agus torthaí olúla; gráin, síolta agus torthaí ilghnéitheacha; plandaí tionscail agus leighis; tuí agus farae |
Caibidil 13 |
|
ex 13.03 |
Peictin |
Caibidil 15 |
|
15.01 |
Blonag agus saill leáite eile mhuice; saill leáite éanlaithe clóis |
15.02 |
Saillte neamhleáite ó eallach buaibheach, caoirigh nó gabhair; geir (lena n-áirítear "premier jus") ó na saillte sin |
15.03 |
Stéirin bhlonaige, stéirin ola agus stéirin gheire; ola bhlonaige, oleo-ola, agus ola gheire, gan eibliú ná mheascadh ná ullmhú ar bith eile |
15.04 |
Saillte agus olaí, ó éisc agus mamaigh farraige, scagtha nó gan scagadh |
15.07 |
Olaí plandúla fosaithe, sreabhach nó soladach, amh, scagtha nó íonaithe |
15.12 |
Saillte agus olaí ainmhíocha nó plandúla, hidriginithe, scagtha nó gan scagadh, ach gan ullmhú thairis sin orthu |
15.13 |
Margairín, blonag bhréige agus saillte inite ullmhaithe eile |
15.17 |
Iarmhair de thoradh substaintí sailleacha nó céireacha ainmhíocha nó plandúla a chóireáil |
Caibidil 16 |
Ullmhóidí feola, éisc, crústach nó moileasc |
Caibidil 17 |
|
17.01 |
Siúcra biatais agus siúcra cána, soladach |
17.02 |
Siúcraí eile; síoróipí siúcra; mil shaorga (measctha le mil aiceanta nó gan a bheith); caramal |
17.03 |
Molás, dídhathaithe nó gan a bheith |
17.05 (*1) |
Siúcraí, síoróipí agus moláis arna n-aramatú nó arna mbreisiú le dathúcháin (agus siúcra fanaile nó fanailin san áireamh) ach amháin súnna torthaí arna mbreisiú le siúcra i gcionúireacht ar bith |
Caibidil 18 |
|
18.01 |
Síol cócó, iomlán nó briste, amh nó rósta |
18.02 |
Blaoscanna, mogaill, craicne agus dramh cócó |
Caibidil 20 |
Ullmhóidí glasraí, torthaí nó codanna eile de phlandaí |
Caibidil 22 |
|
22.04 |
Úrfhíon fíonchaor, faoi choipeadh nó coiscthe ó choipeadh ar dhóigh seachas trí alcól a chur leis |
22.05 |
Fíon as fíonchaora; úrfhíon fíonchaor agus é coiscthe ó choipeadh trí alcól a chur leis |
22.07 |
Deochanna coipthe eile (mar shampla, leann úll, leann piorraí agus meá) |
ex 22.08 (*1) ex 22.09 (*1) |
Alcól eitileach, dínádúraithe nó gan dínádúrú, ar neart ar bith, ó tháirgí talmhaíochta a áirítear in Iarscríbhinn I, ach amháin uisce beatha, licéir agus deochanna biotáilleacha eile, ullmhóidí alcólacha cumaisc (dá ngairtear "eastóscáin thiubhaithe") chun deochanna a mhonarú |
ex 22.10 (*1) |
Fínéagair chun úsáide tís agus a n-ionadaigh |
Caibidil 23 |
Iarmhair agus dramh ó na tionscail bhia; farae ullmhaithe d'ainmhithe |
Caibidil 24 |
|
24.01 |
Tobac neamh-mhonaraithe, bruscar tobac |
Caibidil 45 |
|
45.01 |
Corc aiceanta, neamhoibrithe, brúite, gráinnithe nó meilte; dramh coirc |
Caibidil 54 |
|
54.01 |
Líon, amh nó próiseáilte ach gan bheith sníofa; barrach lín agus dramhlíon (lena n-áirítear ceirteacha tarraingthe nó gairnéadaithe) |
Caibidil 57 |
|
57.01 |
Fíorchnáib (Cannabis sativa), amh nó próiseáilte ach gan bheith sníofa; barrach agus dramh d'fhíorchnáib (lena n-áirítear ceirteacha nó rópaí tarraingthe nó gairnéadaithe) |
(*1) Ceannteideal a cuireadh isteach le hAirteagal 1 de Rialachán Uimh. 7a ó Chomhairle Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa an 18 Nollaig 1959 (IO 7, 30.1.1961, lch. 71/61