7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/187


Airteagal 322

(sean-Airteagal 279 CCE)

1.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt Iniúchóirí, trí bhíthin rialachán:

(a)

na rialacha airgeadais lena sonrófar go háirithe an gnáthnós imeachta chun an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme agus chun cuntais a thíolacadh agus a iniúchadh;

(b)

na rialacha ina bhforálfar do sheiceálacha ar an bhfreagracht atá ar oibreoirí airgeadais, agus go háirithe ar oifigigh um údarú agus ar oifigigh cuntais.

2.   Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCúirt Iniúchóirí, na modhanna agus an nós imeachta a chinneadh ar dá réir a bheidh an t-ioncam buiséid dá bhforáiltear faoi na socruithe i dtaobh acmhainní dílse an Aontais féin le cur ar fáil don Choimisiún agus na bearta a chinneadh a bheidh le cur i bhfeidhm, más gá, chun freastal do riachtanais airgeadais.