7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/152


Airteagal 234

(sean-Airteagal 201 CCE)

Má leagtar faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa tairiscint ag cáineadh ghníomhaíochtaí an Choimisiúin, ní vótálfaidh Parlaimint na hEorpa ar an tairiscint sin go ceann trí lá ar a laghad tar éis an tairiscint a leagan faoina bráid, agus is trí vótáil phoiblí a dhéanfar sin.

Má ritear an tairiscint cháinte trí thromlach dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh, agus gurb ionann sin agus tromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann Parlaimint na hEorpa, éireoidh comhaltaí an Choimisiúin as a n-oifig d'aon bhuíon agus éireoidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála as na dualgais a fheidhmíonn sé nó sí sa Choimisiún. Fanfaidh siad i mbun oifige agus leanfaidh siad orthu ag déileáil le gnó reatha go dtí go gceapfar daoine ina n-ionad i gcomhréir le hAirteagal 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Sa chás sin, rachaidh téarma oifige chomhaltaí an Choimisiúin a cheapfar chun a n-ionad a ghabháil in éag ar an dáta a rachadh téarma oifige chomhaltaí an Choimisiúin ar tugadh orthu éirí as d'aon bhuíon in éag.