7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/151


Airteagal 229

(sean-Airteagal 196 CCE)

Beidh seisiún in aghaidh na bliana ag Parlaimint na hEorpa. Tiocfaidh sí le chéile, gan a bheith de riachtanas í a chomóradh, an dara Máirt de Mhárta.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa teacht le chéile i bpáirtseisiún de sheisiún urghnách arna iarraidh sin ag tromlach na gcomhaltaí a chomhdhéanann í nó arna iarraidh ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún.