7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/144


Airteagal 215

(sean-Airteagal 301 CCE)

1.   Nuair a fhorálfar le cinneadh, arna ghlacadh i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, go ndéanfar an caidreamh eacnamaíoch agus airgeadais le tríú tír amháin nó níos mó a bhriseadh nó a laghdú, go hiomlán nó go páirteach, glacfaidh an Chomhairle na bearta is gá, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún. Cuirfidh sí Parlaimint na hEorpa ar an eolas.

2.   Nuair a fhorálfar amhlaidh le cinneadh arna ghlacadh i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, féadfaidh an Chomhairle bearta sriantacha a ghlacadh faoin nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 in aghaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha, in aghaidh grúpaí nó in aghaidh eintitis neamhstáit.

3.   Beidh sna gníomhartha dá dtagraítear san Airteagal seo na forálacha is gá i dtaca le coimircí dlíthiúla.