7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/128


Airteagal 178

(sean-Airteagal 162 CCE)

Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, na rialacháin cur chun feidhme a bhaineann le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa.

Leanfaidh Airteagail 43 agus 164 faoi seach de bheith infheidhme maidir le Roinn Treoraíochta an Chiste Eorpaigh um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta agus le Ciste Sóisialta na hEorpa.