7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/128


Airteagal 177

(sean-Airteagal 161 CCE)

Gan dochar d'Airteagal 178, saineoidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, cúraimí, cuspóirí tosaíochta agus eagrúchán na gcistí struchtúracha a fhéadfaidh grúpáil na gcistí a chuimsiú. Saineofar tríd an nós imeachta céanna na rialacha ginearálta is infheidhme ar na cistí maille leis na forálacha is gá chun éifeachtúlacht na gcistí agus an comhordú eatarthu agus leis na hionstraimí airgeadais eile atá ann cheana a áirithiú.

Déanfaidh Ciste Comhtháthaithe arna chur ar bun i gcomhréir leis an nós imeachta céanna ranníocaíocht airgeadais a chur ar fáil do thionscadail i réimsí an chomhshaoil agus na ngréasán tras-Eorpach i gcúrsaí bonneagair iompair.