7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/106


Airteagal 136

1.   D'fhonn oibriú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta mar is cuí a áirithiú, agus i gcomhréir le forálacha ábhartha na gConarthaí, déanfaidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta ábhartha as measc na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 121 agus 126 seachas an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 126(14), bearta a ghlacadh a bhaineann go sonrach leis na Ballstáit sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu d'fhonn:

(a)

an comhordú ar a smacht buiséadach agus an mhaoirseacht air a neartú;

(b)

treoirlínte beartais eacnamaíoch a leagan amach dóibh, agus é á áirithiú go bhfuil siad ag luí leis na treoirlínte arna nglacadh don Aontas ina iomláine agus go bhfuil maoirseacht á déanamh orthu.

2.   Ní ghlacfaidh páirt sa vótáil maidir leis na bearta atá luaite i mír 1 ach na comhaltaí sin den Chomhairle a ionadaíonn do Bhallstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

Saineofar tromlach cáilithe chomhaltaí eile na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(a).

3.   Féadfaidh na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu sásra cobhsaíochta a bhunú atá le gníomhachtú má tá sé sin fíor-riachtanach chun cobhsaíocht an limistéir euro ina iomláine a choimirciú. Beidh deonú aon chúnaimh airgeadais atá ag teastáil faoin sásra faoi réir coinníollacht dhocht.