7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/93


Airteagal 109

(sean-Airteagal 89 CAE)

Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, aon rialacháin fóinteach a dhéanamh chun Airteagail 107 agus 108 a chur chun feidhme, agus féadfaidh sí go háirithe na coinníollacha ina mbeidh Airteagal 108(3) infheidhme a chinneadh mar aon leis na cineálacha cabhrach atá eiscthe ón nós imeachta seo.