7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/88 |
Airteagal 101
(sean-Airteagal 81 CCE)
1. Toirmisctear na cleachtais seo a leanas mar chleachtais nach luíonn leis an margadh inmheánach: gach comhaontú idir gnóthais, gach cinneadh ag comhlachais ghnóthas agus gach cleachtas comhbheartaithe a d'fhéadfadh dul i gcion ar an trádáil idir Ballstáit agus arb é a gcuspóir nó a n-éifeacht iomaíocht sa mhargadh inmheánach a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh, agus go háirithe iad siúd trína ndéantar:
(a) |
praghsanna ceannaithe nó díolta nó aon choinníollacha eile trádála a shocrú, go díreach nó go hindíreach; |
(b) |
táirgeadh, margaí, forbairt theicniúil, nó infheistiú a theorannú nó a rialú; |
(c) |
margaí nó foinsí soláthair a pháirtiú; |
(d) |
coinníollacha neamhionanna a chur chun feidhme ar idirbhearta comhionanna le páirtithe eile trádála sa dóigh go gcuirtear faoi mhíbhuntáiste iad san iomaíocht; |
(e) |
chun go gcuirfear conarthaí i gcrích, é a chur de choinníoll go nglacfaidh na páirtithe eile le hoibleagáidí forlíontacha nach bhfuil baint ar bith acu, óna nádúr ná ó ghnás na tráchtála, le hábhar na gconarthaí sin. |
2. Aon chomhaontuithe nó cinntí a thoirmiscfear de bhun an Airteagail seo, beidh siad ar neamhní dá dhroim sin.
3. Féadfar, áfach, a dhearbhú nach mbainfidh forálacha mhír 1:
— |
le haon chomhaontú nó le haon chineál comhaontuithe idir gnóthais; |
— |
le haon chinneadh nó le haon chineál cinntí ag comhlachais ghnóthas; |
— |
le haon chleachtas comhbheartaithe nó le haon chineál cleachtas comhbheartaithe |
a chuidíonn le feabhas a thabhairt ar tháirgeadh nó dáileadh earraí nó leis an ascnamh teicniúil nó eacnamaíoch a chur chun cinn, agus cion cothrom den tairbhe uaidh sin a ligean le tomhaltóirí, agus:
(a) |
nach gcuireann ar na gnóthais atá i gceist srianta nach bhfuil fíor-riachtanach chun na haidhmeanna sin a ghnóthú; |
(b) |
nach dtugann do na gnóthais sin breith ar iomaíocht a dhíchur i gcás cuid mhór de na táirgí atá i gceist. |