7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/73


Airteagal 66

(sean-Airteagal 59 CCE)

Má bhíonn, in imthosca eisceachtúla, gluaiseachtaí caipitil chuig tríú tíortha nó uathu ina gcúis, nó ag bagairt bheith ina gcúis, le deacrachtaí tromchúiseacha d'oibriú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach, bearta coimirce a ghlacadh i leith tríú tíortha go feadh tréimhse nach mó ná sé mhí, má tá fíorghá le bearta den sórt sin.