7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/65


Airteagal 45

(sean-Airteagal 39 CCE)

1.   Áiritheofar saoirse ghluaiseachta d'oibrithe laistigh den Aontas.

2.   Bhéarfaidh an tsaoirse ghluaiseachta sin go ndíothófar aon idirdhealú de bhíthin a náisiúntacht idir oibrithe na mBallstát maidir le fostaíocht, le luach saothair agus le coinníollacha eile oibre.

3.   Gabhfaidh léi, faoi réir teorainneacha a bhfuil call leo ar mhaithe leis an mbeartas poiblí, leis an tslándáil phoiblí nó leis an tsláinte phoiblí, an ceart:

(a)

chun glacadh le fostaíocht a tairgeadh iarbhír;

(b)

leis an aidhm sin, chun gluaiseacht faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát;

(c)

chun fanacht i mBallstát le bheith ag gabháil d'fhostaíocht ann de réir na bhforálacha reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin a bhaineann le fostaíocht náisiúnaigh an Stáit sin;

(d)

chun fuireach i gcríoch Bhallstáit tar éis bheith ar fostú sa Stát sin, faoi réir coinníollacha a chorprófar i rialacháin a ullmhóidh an Coimisiún.

4.   Ní bhainfidh forálacha an Airteagail seo le fostaíocht sa tseirbhís phoiblí.