7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/58


Airteagal 25

(sean-Airteagal 22 CCE)

Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta gach trí bliana, ar chur chun feidhme fhorálacha na Coda seo. Cuirfidh an tuarascáil sin forbairt an Aontais san áireamh.

Féadfaidh an Chomhairle, ar an mbonn sin agus gan dochar d'fhorálacha eile na gConarthaí, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, forálacha a ghlacadh chun na dlíthe a liostaítear in Airteagal 20(2), a chomhlánú. Ní thiocfaidh na forálacha sin i bhfeidhm go dtí go mbeidh siad formheasta ag na Ballstáit, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.