7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/58


Airteagal 24

(sean-Airteagal 21 CCE)

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na forálacha a ghlacadh do na nósanna imeachta agus do na coinníollacha is gá do thionscnamh ó na saoránaigh de réir bhrí Airteagal 11 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, lena n-áirítear an t-íoslíon Ballstát as a gcaithfidh na saoránaigh sin teacht.

Beidh ceart achainí ag gach saoránach den Aontas os comhair Pharlaimint na hEorpa i gcomhréir le forálacha Airteagal 227.

Féadfaidh gach saoránach den Aontas dul ar iontaoibh an Ombudsman arna bhunú i gcomhréir le forálacha Airteagal 228.

Féadfaidh gach saoránach den Aontas scríobh chuig aon cheann de na hinstitiúidí nó comhlachtaí dá dtagraítear san Airteagal seo nó in Airteagal 13 den Chonradh ar an Aontas Eorpach i gceann de na teangacha atá luaite in Airteagal 55(1) den Chonradh sin agus freagra a fháil uaidh nó uaithi sa teanga chéanna.