7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/55


Airteagal 17

1.   Urramaíonn an tAontas an stádas faoin dlí náisiúnta atá ag eaglaisí agus ag comhlachais nó ag pobail reiligiúnacha sna Ballstáit agus ní dhéanann sé dochar don stádas sin.

2.   Urramaíonn an tAontas mar an gcéanna an stádas faoin dlí náisiúnta atá ag eagraíochtaí fealsúnacha agus neamhfhaoistiniúla.

3.   Agus aitheantas á thabhairt aige dá gcéannacht agus dá rannchuidiú sonrach, déanfaidh an tAontas agallamh oscailte, trédhearcach, tráthrialta a choimeád ar siúl leis na heaglaisí sin agus leis na heagraíochtaí sin.