7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/52


Airteagal 6

Beidh inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích chun tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát agus chun iad a chomhordú nó a fhorlíonadh. Is iad réimsí na gníomhaíochta sin ar leibhéal Eorpach:

(a)

sláinte an duine a chosaint agus a fheabhsú;

(b)

tionscal;

(c)

cultúr;

(d)

turasóireacht;

(e)

oideachas, gairmoiliúint, óige agus spórt;

(f)

cosaint shibhialta;

(g)

comhar riaracháin.