GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/265


PRÓTACAL (Uimh. 6)

MAIDIR LE SUÍMH INSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH, SUÍMH COMHLACHTAÍ, OIFIGÍ, GNÍOMHAIREACHTAÍ AGUS RANNA ÁIRITHE DE CHUID AN AONTAIS EORPAIGH A SHOCRÚ

TÁ IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT,

AG FÉACHAINT d'Airteagal 341 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus d'Airteagal 189 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

AG MEABHRÚ DÓIBH AGUS AG DEIMHNIÚ Chinneadh an 8 Aibreán 1965 agus gan dochar do na cinntí maidir le suíomh institiúidí, comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus ranna a bheidh ann amach anseo,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

Airteagal Aonair

(a)

Beidh suíomh Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg agus is ansin a thionólfar 12 tréimhse de sheisiúin iomlánacha mhíosúla, lena n-áirítear an seisiún buiséadach. Is sa Bhruiséil a thionólfar na tréimhsí de sheisiúin iomlánacha breise. Tiocfaidh Coistí Pharlaimint na hEorpa le chéile sa Bhruiséil. Fanfaidh Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa agus a cuid ranna i Lucsamburg.

(b)

Beidh suíomh na Comhairle sa Bhruiséil. Tionólfar cruinnithe na Comhairle i Lucsamburg i rith Aibreáin, Meithimh agus Deireadh Fómhair.

(c)

Beidh suíomh an Choimisiúin sa Bhruiséil. Beidh na ranna atá liostaithe in Airteagail 7, 8 agus 9 de Chinneadh an 8 Aibreán 1965 lonnaithe i Lucsamburg.

(d)

Beidh suíomh Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg.

(e)

Beidh suíomh na Cúirte Iniúchóirí i Lucsamburg.

(f)

Beidh suíomh an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta sa Bhruiséil.

(g)

Beidh suíomh Choiste na Réigiún sa Bhruiséil.

(h)

Beidh suíomh an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta i Lucsamburg.

(i)

Beidh suíomh an Bhainc Ceannais Eorpaigh in Frankfurt.

(j)

Beidh suíomh na hOifige Eorpaí Póilíní (Europol) sa Háig.