7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 203/28 |
Airteagal 65
Bainfidh Airteagal 60 le hiarratais ó úsáidirí agus le conarthaí idir úsáidirí agus an Ghníomhaireacht maidir le mianta, bunábhair nó ábhair inscoilte speisialta ó lasmuigh den Chomhphobal a sholáthar.
Féadfaidh an Ghníomhaireacht, áfach, cinneadh ar thionscnamh geografach na soláthairtí ach coinníollacha chomh fabhrach ar a laghad don úsáidire leis na coinníollacha a shonrófar san ordú a bheith le fáil dá chionn sin.