7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 203/26 |
Airteagal 58
Nuair a dhéanann táirgeoir céimeanna éagsúla den táirgeadh ó bhaint na méine go dtí táirgeadh an mhiotail, féadfaidh sé an táirge a thairiscint don Ghníomhaireacht ag cibé céim den táirgeadh is rogha leis.
Beidh feidhm ag an gcéanna maidir le dhá ghnóthas nó níos mó atá comhcheangailte, i gcás inar cuireadh na comhcheangail sin in iúl go cuí don Choimisiún agus gur pléadh leis iad de réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagail 43 agus 44.