7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 203/10 |
Airteagal 15
Bunóidh an Coimisiún nós imeachta trína bhféadfaidh Ballstáit, daoine agus gnóthais é a úsáid mar idirghabhálaí chun torthaí sealadacha nó críochnaitheacha a dtaighde a mhalartú, sa mhéid nach bhfuil na torthaí sin faighte ag an gComhphobal faoi chonarthaí taighde a dhámhaigh an Coimisiún.
Ní foláir an nós imeachta sin a bheith de chineál a áiritheoidh gur faoi rún a dhéanfar an malartú. Féadfaidh an Coimisiún, áfach, na torthaí a cuireadh i bhfios dó a tharchur chuig an Airmheán Comhpháirteach Taighde Núicléach chun críocha doiciméadachta; ní thabharfaidh sin aon cheart úsáide nach mbeidh comhaontaithe leis ag an bpáirtí óna bhfuarthas na torthaí sin.