26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


AN CONRADH AR AN AONTAS EORPACH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

TEIDEAL V

FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS AGUS FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA

CAIBIDIL 2

FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA

ROINN 1

FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal 25

(sean-Airteagal 12 CAE)

Seolfaidh an tAontas an comhbheartas eachtrach agus slándála:

(a)

trí na treoirlínte ginearálta a shainiú;

(b)

trí chinntí a ghlacadh lena saineofar:

(i)

gníomhaíochtaí atá le cur i gcrích ag an Aontas;

(ii)

seasaimh atá le glacadh ag an Aontas;

(iii)

socruithe maidir leis na cinntí dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii) a chur chun feidhme;

agus

(c)

trí neartú a dhéanamh ar chomhar córasach idir na Ballstáit agus a mbeartas á seoladh acu.